|
+Airteagal 13f 1. |
Airteagal 13f 1.Féadfaidh an Coimisiún fíneáil riaracháin a fhorchur i ngach ceann de na cásanna seo a leanas:
(a)
i gcás ina bhfionnann sé go bhfuil na sonraí arna dtuairisciú ag an monaróir de bhun Airteagal 13b den Rialachán seo ar neamhréir le sonraí a eascraíonn ó chomhad taifead an mhonaróra nó ó dheimhniú cineálcheadaithe an innill arna eisiúint faoi chuimsiú Rialachán (CE) Uimh. 595/2009, agus gur d’aon ghnó a rinneadh an neamhréireacht nó mar gheall ar mhórfhaillí é an neamhréireacht;
(b)
i gcás nach ndéantar na sonraí a tharchur faoin spriocdháta dá dtagraítear in Airteagal 13b(1), an dara fomhír, agus nach bhfuil bonn cirt cuí leis an moill. Chun críocha na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a) a fhíorú, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na húdaráis chineálcheadaithe ábhartha. Beidh na fíneálacha riaracháin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus ní bheidh siad níos mó ná EUR 30 000 in aghaidh na feithicle tromshaothair ar a bhfuil tionchar ag sonraí neamhréireacha nó moillithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|