+IARSCRÍBHINN V Tuairisciú agus bainistiú sonraí dá dtagraítear in Airteagail 13a go 13c

IARSCRÍBHINN V Tuairisciú agus bainistiú sonraí dá dtagraítear in Airteagail 13a go 13c




IARSCRÍBHINN V

Tuairisciú agus bainistiú sonraí dá dtagraítear in Airteagail 13a go 13c

1.   TUAIRISCIÚ AG NA BALLSTÁIT

1.1. Déanfaidh pointe teagmhála an údaráis inniúil na sonraí a shonraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IV a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 13a trí bhíthin aistriú sonraí leictreonacha chuig an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil.

▼M4

Tabharfaidh an pointe teagmhála fógra don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil le ríomhphost chuig na seoltaí seo a leanas nuair a bheidh na sonraí tarchurtha:

EC-CO2 -HDV-IMPLEMENTATION@ec.europa.eu

agus

HDV-monitoring@eea.europa.eu

▼M1

2.   TUAIRISCIÚ AG MONARÓIRÍ

2.1.  ►M4  Déanfaidh monaróirí, an fhaisnéis seo a leanas a thuairisciú don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil gan mhoill: ◄

(a) 

ainm an mhonaróra mar atá luaite sa deimhniú comhréireachta nó sa deimhniú ar cheadú aonair;

▼M4

(b) 

cód nó cóid WMI a shanntar don mhonaróir, agus, i gcás gach cóid WMI inar “9” an tríú carachtar, an tríú, an ceathrú agus an cúigiú carachtar sa chuid táscaire feithicle a shanntar chun an monaróir a shainaithint;

▼M1

(c) 

an pointe teagmhála atá freagrach as na sonraí a uaslódáil chuig an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil;

▼M4

(d) 

catagóir feithicle na bhfeithiclí a bhfuil oibleagáid tuairiscithe ar an monaróir ina leith i gcomhréir le hAirteagal 13b.

▼M4

Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, gan mhoill, faoi aon athrú ar an bhfaisnéis sin.

▼M1

Cuirfear na fógraí chuig na seoltaí dá dtagraítear i bpointe 1.1.

▼M4

2.2. Déanfaidh pointe teagmhála an mhonaróra na sonraí a shonraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IV a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 13b trí bhíthin aistriú sonraí leictreonacha chuig an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil.

Tabharfaidh an pointe teagmhála fógra don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil le ríomhphost chuig na seoltaí dá dtagraítear i bpointe 1.1 nuair a bheidh na sonraí tarchurtha.

▼M4

2.3. Seirbhísí teicniúla ainmnithe atá freagrach as astaíochtaí CO2 feithiclí tromshaothair de chatagóirí O3 agus O4 de bhun Airteagal 8(6) agus (7) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362, déanfaidh siad an fháisnéis seo a leanas a thuairisciú don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil gan mhoill:

(a) 

ainm na seirbhíse teicniúla;

(b) 

an Ballstát a d’ainmnigh an tseirbhís theicniúil;

(c) 

an pointe teagmhála atá freagrach as na sonraí a uaslódáil chuig an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil;

(d) 

ainmneacha na monaróirí a chuir an fhreagracht ar an tseirbhís theicniúil as ionsamhlú agus tuairisciú sonraí maidir lena gcuid feithiclí;

(e) 

cód nó cóid WMI a shanntar do na monaróirí a chuir an fhreagracht ar an tseirbhís theicniúil as ionsamhlú agus tuairisciú sonraí maidir lena gcuid feithiclí, agus, i gcás gach cóid WMI inar “9” an tríú carachtar, an tríú, an ceathrú agus an cúigiú carachtar sa chuid táscaire feithicle a shanntar chun an monaróir lena mbaineann a shainaithint.

Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, gan mhoill, faoi aon athrú ar an bhfaisnéis sin.

Cuirfear na fógraí chuig na seoltaí dá dtagraítear i bpointe 1.1.

2.4. De mhaolú ar phointe 2.2, i gcás feithiclí tromshaothair de chatagóirí O3 agus O4, ar sannadh an fhreagracht as astaíochtaí CO2 a chinneadh ina leith do sheirbhís theicniúil ainmnithe de bhun Airteagal 8(6) agus (7) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362, déanfaidh pointe teagmhála na seirbhíse teicniúla na sonraí a shonraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn IV a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 13b chuig an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil trí bhíthin aistriú sonraí leictreonacha.

Tabharfaidh an pointe teagmhála fógra don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil le ríomhphost chuig na seoltaí dá dtagraítear i bpointe 1.1 nuair a bheidh na sonraí tarchurtha.

▼M1

3.   PRÓISEÁIL SONRAÍ

3.1. Próiseálfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil na sonraí arna dtarchur i gcomhréir le pointe 1.1 agus le pointe 2.2 agus déanfaidh sí na sonraí próiseáilte a thaifeadadh sa chlár.

3.2. Cuirfear na sonraí maidir le feithiclí tromshaothair arna gclárú sa tréimhse thuairiscithe roimhe sin agus arna dtaifeadadh sa chlár ar fáil don phobal faoin 30 Aibreán gach bliain, cé is moite de na hiontrálacha sonraí seo a leanas:

3.2.1. 

uimhir aitheantais na feithicle;

3.2.2. 

ainm agus seoladh an mhonaróra tras-seolta;

3.2.3. 

déantús (trádainm an mhonaróra tras-seolta);

3.2.4. 

ainm agus seoladh an mhonaróra acastóra;

3.2.5. 

déantús (trádainm an mhonaróra acastóra);

3.2.6. 

ainm agus seoladh an mhonaróra bonn;

3.2.7. 

déantús (trádainm an mhonaróra bonn);

3.2.8. 

samhail an innill;

3.2.9. 

samhail an tras-seolta;

3.2.10. 

samhail an ghairis choscánaithe chúnta;

3.2.11. 

samhail an tiontaire casmhóiminte;

3.2.12. 

samhail na huillinne tiomána;

3.2.13. 

samhail an acastóra;

3.2.14. 

samhail cúltarraingthe aeir;

3.2.15. 

an comhad luachanna camógdheighilte a bhfuil an t-ainm céanna air agus atá ar an gcomhad poist agus ar a bhfuil iarmhír .vsum arb é atá ann na torthaí comhiomlánaithe in aghaidh na próifíle misin ionsamhailte agus choinníoll an phálasta;

▼M4

3.2.16. 

comhad faisnéise na feithicle (VIF);

3.2.17. 

ainm agus seoladh an mhonaróra innill dócháin inmheánaigh;

3.2.18. 

déantús (trádainm an mhonaróra innill dócháin inmheánaigh);

3.2.19. 

ainm agus seoladh an mhonaróra córais meaisín leictrigh/comhpháirte comhtháite gléasra cumhachta leictrigh/comhpháirte comhtháite gléasra cumhachta feithicle leictrí hibridí de chineál 1;

3.2.20. 

déantús (trádainm an mhonaróra córais meaisín leictrigh/comhpháirte comhtháite gléasra cumhachta leictrigh/comhpháirte comhtháite gléasra cumhachta feithicle leictrí hibridí de chineál 1);

3.2.21. 

ainm agus seoladh an mhonaróra breosla-cheall;

3.2.22. 

déantús (trádainm an mhonaróra breosla-cheall);

3.2.23. 

ainm agus seoladh an mhonaróra córais stórála fuinnimh leictrigh;

3.2.24. 

déantús (trádainm an mhonaróra córais stórála fuinnimh leictrigh);

3.2.25. 

Comhéifeacht K (W/m2-K);

3.2.26 

uimhir an deimhnithe ADR ar cheadú le haghaidh leantóirí EX/III.

▼M1

3.3. I gcás ina n-aithníonn údarás inniúil nó monaróirí earráidí sna sonraí a cuireadh isteach, tabharfaidh siad fógra faoin méid sin don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil gan mhoill trí fhógra tuairisce earráide a chur chuig an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, agus trí ríomhphost a sheoladh chuig na seoltaí dá dtagraítear i bpointe 1.1.

3.4. Fíoróidh an Coimisiún, le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, na hearráidí a bhfuarthas fógra ina leith agus, i gcás inarb iomchuí, ceartóidh sé na sonraí sa chlár.

3.5. Cuirfidh an Coimisiún, le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, formáidí leictreonacha ar fáil do na tarchuir sonraí dá dtagraítear i bpointí 1.1 agus 2.2 in am trátha roimh na spriocdhátaí don tarchur.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1242
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.