5. Féadfaidh na Ballstáit oibreoirí gnó bia a dhíolmhú ón Treoir seo a mhéid a bhaineann leis an uisce a úsáidtear chun críocha sonracha an ghnó bia, má tá na húdaráis náisiúnta inniúla sásta nach féidir le cáilíocht an uisce sin difear a dhéanamh do shábháilteacht an earra bia agus é ina fhoirm chríochnaithe agus ar an gcoinníoll go gcomhlíonann soláthar uisce na n-oibreoirí gnó bia sin na hoibleagáidí ábhartha, go háirithe faoi na nósanna imeachta maidir le prionsabail na hanailíse guaise agus na bpointí rialúcháin criticiúla agus gníomhaíochtaí feabhais faoi reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le bia.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh táirgeoirí uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, ar uisce é a chuirtear i mbuidéil nó i gcoimeádáin, Airteagail 1 go 5 agus Codanna A agus B d’Iarscríbhinn I.
Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag na híoscheanglais a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn I maidir le fíoruisce dá dtagraítear i dTreoir 2009/54/CE.