|
Leis an gClár, féadfar cistiú a sholáthar in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, lena n-áirítear go háirithe trí sholáthar mar phríomhfhoirm, nó deontais agus duaiseanna. I gcás inar gá earraí agus seirbhísí nuálacha a sholáthar chun cuspóir gníomhaíochta a bhaint amach, ní fhéadfar deontais a dhámhachtain ach ar thairbhithe arb údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha iad mar a shainmhínítear i dTreoracha 2014/24/AE (
7
) agus 2014/25/AE (
8
) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. I gcás inar gá earraí nó seirbhísí nuálacha nach bhfuil ar fáil fós ar bhonn tráchtála ar mhórscála a sholáthar chun cuspóirí gníomhaíochta a bhaint amach, féadfaidh an t-údarás conarthach nó an t-eintiteas conarthach dámhachtain conarthaí iomadúla a údarú laistigh den nós imeachta soláthair céanna. Ar chúiseanna slándála poiblí a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an t-údarás conarthach nó an t-eintiteas conarthach a éileamh go mbeadh áit feidhmíochta an chonartha lonnaithe laistigh de chríoch an Aontais. Agus nósanna imeachta soláthair á gcur chun feidhme le haghaidh Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, féadfaidh an Coimisiún agus ENISA gníomhú mar chomhlacht lárnach ceannaigh chun soláthar a dhéanamh thar ceann nó in ainm tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán seo. Féadfaidh an Coimisiún agus ENISA gníomhú mar mhórdhíoltóir freisin, trí sholáthairtí agus seirbhísí a cheannach, a stocáil agus a athdhíol nó a dheonú, lena n-áirítear iad a ligean ar cíos, do na tríú tíortha sin. De mhaolú ar Airteagal 168(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
9
), is leor an iarraidh ó thríú tír aonair chun sainordú a thabhairt don Choimisiún nó do ENISA gníomhú. Agus nósanna imeachta soláthair á gcur chun feidhme le haghaidh Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, féadfaidh an Coimisiún agus ENISA gníomhú mar chomhlacht lárnach ceannaigh chun soláthar a dhéanamh thar ceann nó in ainm institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais. Féadfaidh an Coimisiún agus ENISA gníomhú mar mhórdhíoltóir freisin, trí sholáthairtí agus seirbhísí a cheannach, a stocáil agus a athdhíol nó a dheonú, lena n-áirítear iad a ligean ar cíos, d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais. De mhaolú ar Airteagal 168(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 is leor an iarraidh ó institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht aonair de chuid an Aontais chun sainordú a thabhairt don Choimisiún nó do ENISA gníomhú. Féadfaidh an Clár maoiniú i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha a sholáthar freisin.
|