+Airteagal 14 2.

Airteagal 14 2.

Leis an gClár, féadfar cistiú a sholáthar in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, lena n-áirítear go háirithe trí sholáthar mar phríomhfhoirm, nó deontais agus duaiseanna.

I gcás inar gá earraí agus seirbhísí nuálacha a sholáthar chun cuspóir gníomhaíochta a bhaint amach, ní fhéadfar deontais a dhámhachtain ach ar thairbhithe arb údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha iad mar a shainmhínítear i dTreoracha 2014/24/AE ( 7 ) agus 2014/25/AE ( 8 ) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

I gcás inar gá earraí nó seirbhísí nuálacha nach bhfuil ar fáil fós ar bhonn tráchtála ar mhórscála a sholáthar chun cuspóirí gníomhaíochta a bhaint amach, féadfaidh an t-údarás conarthach nó an t-eintiteas conarthach dámhachtain conarthaí iomadúla a údarú laistigh den nós imeachta soláthair céanna.

Ar chúiseanna slándála poiblí a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an t-údarás conarthach nó an t-eintiteas conarthach a éileamh go mbeadh áit feidhmíochta an chonartha lonnaithe laistigh de chríoch an Aontais.

Agus nósanna imeachta soláthair á gcur chun feidhme le haghaidh Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, féadfaidh an Coimisiún agus ENISA gníomhú mar chomhlacht lárnach ceannaigh chun soláthar a dhéanamh thar ceann nó in ainm tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán seo. Féadfaidh an Coimisiún agus ENISA gníomhú mar mhórdhíoltóir freisin, trí sholáthairtí agus seirbhísí a cheannach, a stocáil agus a athdhíol nó a dheonú, lena n-áirítear iad a ligean ar cíos, do na tríú tíortha sin. De mhaolú ar Airteagal 168(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 ), is leor an iarraidh ó thríú tír aonair chun sainordú a thabhairt don Choimisiún nó do ENISA gníomhú.

Agus nósanna imeachta soláthair á gcur chun feidhme le haghaidh Chúltaca Cibearshlándála an Aontais, féadfaidh an Coimisiún agus ENISA gníomhú mar chomhlacht lárnach ceannaigh chun soláthar a dhéanamh thar ceann nó in ainm institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais. Féadfaidh an Coimisiún agus ENISA gníomhú mar mhórdhíoltóir freisin, trí sholáthairtí agus seirbhísí a cheannach, a stocáil agus a athdhíol nó a dheonú, lena n-áirítear iad a ligean ar cíos, d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais. De mhaolú ar Airteagal 168(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 is leor an iarraidh ó institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht aonair de chuid an Aontais chun sainordú a thabhairt don Choimisiún nó do ENISA gníomhú.

Féadfaidh an Clár maoiniú i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha a sholáthar freisin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 23.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0694
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.