+Airteagal 20 Critéir dhámhachtana
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.

Airteagal 20 Critéir dhámhachtana

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 20 1.

Leagfar na critéir dhámhachtana amach sna cláir oibre agus sna glaonna ar thograí, agus na heilimintí seo a leanas, ar a laghad, á gcur san áireamh:

(a) 

aibíocht na gníomhaíochta i bhforbairt an tionscadail;

(b) 

fóntacht an phlean cur chun feidhme atá á bheartú;

(c) 

an gá atá le constaicí airgeadais a shárú, amhail easpa airgeadais margaidh;

▼M3

(d) 

le haghaidh glaonna ar thograí atá beartaithe chun tacú le teicneolaíochtaí, seirbhísí, inniúlachtaí nó feidhmchláir dé-úsáide, gné thras-Eorpach an tionscadail.

▼B

Airteagal 20 2.

I gcás inarb infheidhme, cuirfear na heilimintí seo a leanas san áireamh sna critéir dhámhachtana:

(a) 

an éifeacht spreagtha atá ag tacaíocht ón Aontas ar infheistíocht phoiblí agus phríobháideach;

(b) 

an tionchar eacnamaíoch agus sóisialta agus an tionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a mbeifear ag súil leis;

(c) 

inrochtaineacht agus éascaíocht rochtana ar sheirbhísí faoi seach;

(d) 

gné thras-Eorpach;

(e) 

dáileadh geografach cothrom ar fud an Aontais, lena n-áirítear an bhearna dhigiteach ó thaobh na geografaíochta de a dhúnadh, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí;

(f) 

plean inbhuanaitheachta fadtéarma a bheith ann;

(g) 

an tsaoirse torthaí na dtionscadal a athúsáid agus a oiriúnú;

(h) 

sineirgíochtaí agus comhlántachtaí le cláir eile de chuid an Aontais.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 23.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0694
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.