+Airteagal 4 Acmhainní ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.
|
Airteagal 4 Acmhainní ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1.
|
Déanfar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2020/2094 a chur chun feidhme faoin Rialachán seo le méid EUR 10 000 000 000 i bpraghasanna 2018 dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 109(1) de Rialachán (AE) 2021/1060 agus faoi réir Airteagal 3(3), (4), (7) agus (9) de Rialachán (AE) 2020/2094. Measfar gur acmhainní breise dá dtagraítear in Airteagal 3(3) den Rialachán seo é an méid sin. De réir mar a fhoráiltear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2020/2094, is éard a bheidh sa mhéid sin ioncam sannta seachtrach chun críoch Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais.
|
|
Airteagal 4 2.
|
Cuirfear an méid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar fáil le haghaidh gealltanas buiséadach faoin sprioc Infheistíocht le haghaidh post agus fáis do na blianta 2021 go 2023, de bhreis ar na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 3, mar a leanas:
—
2021: EUR 2 000 000 000 ;
—
2022: EUR 4 000 000 000 ;
—
2023: EUR 4 000 000 000 .
Méid de EUR 15 600 000 i bpraghsanna 2018 a gcuirfear ar fáil le haghaidh caiteachas riaracháin ó na hacmhainní dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
|
|
Airteagal 4 3.
|
Déanfar an miondealú bliantúil ar an méid dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo de réir an Bhallstáit a chumhdach sa Chinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 3(4) i gcomhréir leis na leithdháiltí a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
|
|
Airteagal 4 4.
|
De mhaolú ar Airteagal 14(3) den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na rialacha saortha a leagtar amach i gCaibidil IV de Theideal VII de Rialachán (AE) 2021/1060 maidir leis na gealltanais bhuiséadacha a bheidh bunaithe ar acmhainní dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. De mhaolú ar phointe (c) d’Airteagal 12(4) den Rialachán Airgeadais, ní úsáidfear na hacmhainní sin le haghaidh clár nó gníomhaíocht a bheidh ann ina dhiaidh sin.
|
|
Airteagal 4 5.
|
Breacfar na híocaíochtaí sa ghealltanas is túisce a bheidh oscailte de CUAC, ag tosú ar dtús leis na gealltanais ó na hacmhainní dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 go dtí go mbeidh siad ídithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.09.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1056
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|