+RIALACHÁN (AE) 2021/1056 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir
---+Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
---+Airteagal 2 Cuspóir sonrach
---+Airteagal 3 Cumhdach geografach agus acmhainní faoin sprioc Infheistíocht le haghaidh post agus fáis
------+Airteagal 3 1.
------+Airteagal 3 2.
------+Airteagal 3 3.
------+Airteagal 3 4.
---+Airteagal 4 Acmhainní ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh
------+Airteagal 4 1.
------+Airteagal 4 2.
------+Airteagal 4 3.
------+Airteagal 4 4.
------+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 5 An Sásra Luaíochta Ghlais
------+Airteagal 5 1.
------+Airteagal 5 2.
------+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 6 Leithdháiltí sonracha le haghaidh na réigiún is forimeallaí agus na n-oileán
---+Airteagal 7 Rochtain choinníollach ar acmhainní
------+Airteagal 7 1.
------+Airteagal 7 2.
------+Airteagal 7 3.
------+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 8 Raon feidhme na tacaíochta
------+Airteagal 8 1.
------+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 9 Eisiamh ón raon feidhme tacaíochta
---+Airteagal 10 Clársceidealú acmhainní CUAC
------+Airteagal 10 1.
------+Airteagal 10 2.
------+Airteagal 10 3.
------+Airteagal 10 4.
------+Airteagal 10 5.
------+Airteagal 10 6.
---+Airteagal 11 Pleananna críochacha um aistriú cóir
------+Airteagal 11 1.
------+Airteagal 11 2.
------+Airteagal 11 3.
------+Airteagal 11 4.
------+Airteagal 11 5.
---+Airteagal 12 Táscairí
------+Airteagal 12 1.
------+Airteagal 12 2.
------+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 13 Ceartuithe airgeadais
---+Airteagal 14 Athbhreithniú
---+Airteagal 15 Teacht i bhfeidhm
---+IARSCRÍBHINN I LEITHDHÁILTÍ DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
---+IARSCRÍBHINN II TEIMPLÉAD LE hAGHAIDH PLEANANNA CRÍOCHACHA UM AISTRIÚ CÓIR
---+IARSCRÍBHINN III COMHTHÁSCAIRÍ AISCHUIR AGUS COMHTHÁSCAIRÍ TORAIDH LE hAGHAIDH AN CHISTE UM AISTRIÚ CÓIR(7)
|
English -
European Union -
Environment -
RIALACHÁN (AE) 2021/1056 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir
RIALACHÁN (AE) 2021/1056 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Meitheamh 2021
lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
|
Airteagal 1
Bunaítear leis an Rialachán seo an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC) chun tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine, do gheilleagair agus do chomhshaol na gcríoch sin a bhfuil dúshláin shocheacnamaíocha thromchúiseacha rompu a eascraíonn as an bpróiseas aistrithe i dtreo spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid a shainítear i bpointe (11) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
) agus geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050.
Leagtar síos leis cuspóir sonrach CUAC, an cumhdach geografach agus na hacmhainní a bhaineann leis, raon feidhme na tacaíochta a thugtar leis maidir leis an sprioc Infheistíochta le haghaidh post agus fáis dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 5(2) den Rialachán (AE) 2021/1060, chomh maith le forálacha sonracha maidir le clársceidealú agus na táscairí is gá chun faireachán a dhéanamh.
|
|
Airteagal 2 Cuspóir sonrach
|
Airteagal 2
I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2021/1060, rannchuideoidh CUAC leis an gcuspóir sonrach maidir le réigiúin agus daoine a chumasú chun aghaidh a thabhairt ar thionchair shóisialta, fostaíochta, eacnamaíocha agus chomhshaoil an aistrithe i dtreo spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid agus geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, bunaithe ar Chomhaontú Pháras. Le CUAC, féadfar tacú freisin le hinfheistíochtaí lena rannchuidítear le cuspóirí an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/795 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
).
|
|
Airteagal 3 Cumhdach geografach agus acmhainní faoin sprioc Infheistíocht le haghaidh post agus fáis
|
|
|
Airteagal 4 Acmhainní ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh
|
|
|
Airteagal 5 An Sásra Luaíochta Ghlais
|
|
|
Airteagal 6 Leithdháiltí sonracha le haghaidh na réigiún is forimeallaí agus na n-oileán
|
Airteagal 6
Leithdháiltí sonracha le haghaidh na réigiún is forimeallaí agus na n-oileán
Agus a bpleananna críochacha um aistriú cóir á n-ullmhú acu i gcomhréir le hAirteagal 11(1), tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar staid na n-oileán agus na réigiún is forimeallaí a bhfuil dúshláin shocheacnamaíocha thromchúiseacha acu a eascraíonn as an bpróiseas aistrithe i dtreo spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid agus geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, ag féachaint dá riachtanais shonracha mar a aithnítear iad in Airteagal 174 agus in Airteagal 349 CFAE.
Agus na críocha sin á gcur san áireamh ina bpleananna críochacha um aistriú cóir, leagfaidh na Ballstáit amach an méid sonrach a leithdháilfear do na críocha sin mar aon leis an mbonn cirt comhfhreagrach, agus dúshláin shonracha na gcríoch seo á gcur san áireamh acu.
|
|
Airteagal 7 Rochtain choinníollach ar acmhainní
|
|
|
Airteagal 8 Raon feidhme na tacaíochta
|
|
|
Airteagal 9 Eisiamh ón raon feidhme tacaíochta
|
Airteagal 9
Eisiamh ón raon feidhme tacaíochta
Ní thacóidh CUAC leis an méid seo a leanas:
(a)
díchoimisiúnú nó tógáil cumhachtstáisiún núicléach;
(b)
monarú, próiseáil agus margú tobac agus táirgí tobac;
(c)
gnóthas atá i gcruachás faoi mar a shainítear i bpointe (18) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún (
5
), mura n-údaraítear dó faoi rialacha sealadacha Státchabhrach a bunaíodh chun aghaidh a thabhairt ar imthosca eisceachtúla nó faoi chabhair de minimis chun tacú le hinfheistíochtaí chun costais fuinnimh a laghdú i gcomhthéacs an phróisis aistrithe fuinnimh;
(d)
infheistíocht a bhaineann le táirgeadh, próiseáil, iompar, dáileadh, stóráil nó dóchán na mbreoslaí iontaise.
|
|
Airteagal 10 Clársceidealú acmhainní CUAC
|
|
|
Airteagal 11 Pleananna críochacha um aistriú cóir
|
|
|
Airteagal 12 Táscairí
|
|
|
Airteagal 13 Ceartuithe airgeadais
|
Airteagal 13
Bunaithe ar scrúdú ar thuarascáil deiridh ar fheidhmíocht an chláir, féadfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 104 de Rialachán (AE) 2021/1060 i gcás ina mbaintear amach níos lú ná 65 % den sprioc a leagtar amach do cheann amháin nó níos mó de na táscairí aschuir.
Beidh na ceartuithe airgeadais i gcomhréir leis an méid a baineadh amach agus ní dhéanfar iad a chur i bhfeidhm i gcás inar ann don mhainneachtain spriocanna a bhaint amach i ngeall ar an tionchar atá ag imthosca socheacnamaíocha nó comhshaoil, i ngeall ar athruithe suntasacha i ndálaí eacnamaíocha nó comhshaoil sa Bhallstát lena mbaineann nó i ngeall ar chúiseanna force majeure a dhéanann difear mór do chur chun feidhme na dtosaíochtaí lena mbaineann.
|
|
Airteagal 14 Athbhreithniú
|
Airteagal 14
Faoin 30 Meitheamh 2025, athbhreithneoidh an Coimisiún cur chun feidhme CUAC a bhaineann leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 2, agus na hathruithe a bhféadfaí a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2020/852 agus cuspóirí an Aontais maidir leis an athrú aeráide a leagtar amach i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an creat chun aeráid-neodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“an Dlí Aeráide Eorpach”), agus an forás i gcur chun feidhme an Phlean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe á gcur san áireamh. Ar an mbonn sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, a bhféadfadh tograí reachtacha a bheith ag gabháil leo.
|
|
Airteagal 15 Teacht i bhfeidhm
|
Airteagal 15
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
|
|
IARSCRÍBHINN I LEITHDHÁILTÍ DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
|
IARSCRÍBHINN I
LEITHDHÁILTÍ DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
|
|
Leithdháiltí ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh
|
Leithdháiltí ó acmhainní CAI
|
Leithdháiltí Iomlána
|
Sciar na mBallstát ón iomlán
|
|
An Bheilg
|
95
|
71
|
166
|
0,95 %
|
|
An Bhulgáir
|
673
|
505
|
1 178
|
6,73 %
|
|
An tSeicia
|
853
|
640
|
1 493
|
8,53 %
|
|
An Danmhairg
|
46
|
35
|
81
|
0,46 %
|
|
An Ghearmáin
|
1 288
|
966
|
2 254
|
12,88 %
|
|
An Eastóin
|
184
|
138
|
322
|
1,84 %
|
|
Éire
|
44
|
33
|
77
|
0,44 %
|
|
An Ghréig
|
431
|
324
|
755
|
4,31 %
|
|
An Spáinn
|
452
|
339
|
790
|
4,52 %
|
|
An Fhrainc
|
535
|
402
|
937
|
5,35 %
|
|
An Chróit
|
97
|
72
|
169
|
0,97 %
|
|
An Iodáil
|
535
|
401
|
937
|
5,35 %
|
|
An Chipir
|
53
|
39
|
92
|
0,53 %
|
|
An Laitvia
|
100
|
75
|
174
|
1,00 %
|
|
An Liotuáin
|
142
|
107
|
249
|
1,42 %
|
|
Lucsamburg
|
5
|
4
|
8
|
0,05 %
|
|
An Ungáir
|
136
|
102
|
237
|
1,36 %
|
|
Málta
|
12
|
9
|
21
|
0,12 %
|
|
An Ísiltír
|
324
|
243
|
567
|
3,24 %
|
|
An Ostair
|
71
|
53
|
124
|
0,71 %
|
|
An Pholainn
|
2 000
|
1 500
|
3 500
|
20,00 %
|
|
An Phortaingéil
|
116
|
87
|
204
|
1,16 %
|
|
An Rómáin
|
1 112
|
834
|
1 947
|
11,12 %
|
|
An tSlóvéin
|
134
|
101
|
235
|
1,34 %
|
|
An tSlóvaic
|
239
|
179
|
418
|
2,39 %
|
|
An Fhionlainn
|
242
|
182
|
424
|
2,42 %
|
|
An tSualainn
|
81
|
61
|
142
|
0,81 %
|
|
AE 27
|
10 000
|
7 500
|
17 500
|
100,00 %
|
Leithdháiltí in EUR milliún, i bpraghsanna 2018 agus roimh asbhaintí le haghaidh cúnamh teicniúil agus caiteachas riaracháin (mar gheall ar shlánú aníos nó anuas, d’fhéadfadh sé nach réitíonn na suimeanna iomlána le chéile)
|
|
IARSCRÍBHINN II TEIMPLÉAD LE hAGHAIDH PLEANANNA CRÍOCHACHA UM AISTRIÚ CÓIR
|
IARSCRÍBHINN II
TEIMPLÉAD LE hAGHAIDH PLEANANNA CRÍOCHACHA UM AISTRIÚ CÓIR
1. Leagan amach an phróisis aistrithe agus sainaithint na gcríoch ina mbeidh an tionchar is diúltaí laistigh den Bhallstát
Réimse téacs [12000]
Tagairt: pointe (a) d’Airteagal 11(2)
1.1. Leagan amach an phróisis aistrithe a bhfuiltear ag súil leis i dtreo spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid agus geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, i gcomhréir le cuspóirí na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus pleananna críochacha eile atá ann cheana maille le hamlíne chun deireadh a chur le gníomhaíochtaí amhail mianadóireacht ghuail agus ligníte nó táirgeadh leictreachais gualbhreoslaithe nó na gníomhaíochtaí sin a laghdú
Tagairt: pointe (b) d’Airteagal 11(2)
1.2. Sainaithint na gcríoch a bhfuiltear ag súil leis go mbeidh an tionchar is diúltaí iontu agus bonn cirt a thabhairt don rogha sin leis an meastachán comhfhreagrach ar na tionchair eacnamaíocha agus fostaíochta bunaithe ar an leagan amach i Roinn 1.1
Tagairt: Airteagal 6
1.3. Na réigiúin agus na hoileáin is forimeallaí a bhfuil dúshláin shonracha acu sna críocha a liostaítear faoi Roinn 1.1 a shainaithint agus na méideanna sonracha a leithdháileadh ar na críocha sin agus údar cuí sonrach ag gabháil leo
2. Measúnú ar na dúshláin i dtaca leis an aistriú, le haghaidh gach ceann de na críocha arna sainaithint
2.1. Measúnú ar an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bheidh ag an aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050
Tagairt: pointe (c) d’Airteagal 11(2)
Réimse téacs [12000]
Sainaithint na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha agus na n-earnálacha tionsclaíocha a n-imreofar tionchar orthu, ina ndéantar idirdhealú idir:
—
earnálacha atá ag dul i léig, a bhfuiltear ag súil leis go dtiocfaidh deireadh leo nó go dtiocfaidh laghdú suntasach ar a ngníomhaíochtaí de bharr an aistrithe, agus amlíne chomhfhreagrach san áireamh;
—
earnálacha ina bhfuil claochlú ó bhonn ag tarlú, a bhfuiltear ag súil leis go dtiocfaidh clochlú ó bhonn ar a ngníomhaíochtaí, a bpróisis agus a n-aschuir.
I gcomhair gach ceann den dá chineál earnálacha:
—
na caillteanais post agus na riachtanais i ndáil le hathcháiliú a bhfuiltear ag súil leo, agus réamhaisnéisí scileanna á gcur san áireamh;
—
an cumas féideartha éagsúlaithe eacnamaíoch agus deiseanna forbartha.
2.2. Riachtanais forbartha agus cuspóirí faoi 2030 d’fhonn geilleagar aeráid-neodrach san Aontas a bhaint amach faoi 2050
Tagairt: pointe (d) d’Airteagal 11(2)
Réimse téacs [6000]
—
Riachtanais forbartha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an aistrithe;
—
Cuspóirí agus torthaí a bhfuiltear ag súil leo trí thosaíocht CUAC a chur chun feidhme, lena n-áirítear an rannchuidiú measta i dtéarmaí cruthú agus caomhnú post.
2.3. Comhsheasmhacht le straitéisí agus pleananna ábhartha náisiúnta, réigiúnacha nó críochacha eile
Tagairt: pointe (e) d’Airteagal 11(2)
Réimse téacs [6000]
—
Straitéisí um speisialtóireacht chliste;
—
Straitéisí críochacha dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2021/…;
—
Pleananna forbartha réigiúnacha nó náisiúnta eile.
2.4. Na cineálacha oibríochtaí atá beartaithe
Réimse téacs [12000]
Tagairt: pointe (g) d’Airteagal 11(2)
—
an cineál oibríochtaí atá beartaithe agus an méid a mheastar a rannchuideoidh siad chun tionchar an aistrithe a mhaolú
Tagairt: pointe (h) d’Airteagal 11(2)
▼M2
Le líonadh isteach má thugtar tacaíocht d’infheistíochtaí táirgiúla in eagraíochtaí nach FBManna iad, agus sa chás sin amháin:
—
liosta táscach d’oibríochtaí agus d’fhiontair a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh agus, i gcás gach ceann acu, údar leis an ngá atá leis an tacaíocht sin, lena n-áirítear, trí anailís ar bhearnaí, i gcás inar gá chun críoch measúnaithe ar Státchabhair, lena léirítear go rachadh líon na gcaillteanas post a bhfuiltear ag súil leo thar líon na bpost a bhfuiltear ag súil leis go gcruthófaí in éagmais na hinfheistíochta sin
Nuashonraigh nó líon isteach an roinn seo tríd an athbhreithniú ar phleananna críocha um aistriú cóir, ag brath ar an gcinneadh tacaíocht mar sin a chur ar fáil.
▼B
Tagairt: pointe (i) d’Airteagal 11(2);
Le líonadh má thugtar tacaíocht d’infheistíochtaí chun an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE a bhaint amach, agus sa chás sin amháin:
—
liosta d’oibríochtaí a dtabharfar tacaíocht dóibh agus cuí-réasúnú go rannchuidíonn siad leis an aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach agus go mbeidh laghduithe suntasacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar thoradh leo a rachaidh go substaintiúil faoi bhun na dtagarmharcanna ábhartha arna mbunú don leithdháileadh saor in aisce faoi Threoir 2003/87/CE agus ar choinníoll go bhfuil siad riachtanach chun líon suntasach post a chosaint
Nuashonraigh nó líon isteach an roinn seo tríd an athbhreithniú ar phleananna críochacha um aistriú cóir, ag brath ar an gcinneadh tacaíocht mar sin a chur ar fáil.
Tagairt: pointe (j) d’Airteagal 11(2)
—
sineirgí agus comhlántachtaí na n-oibríochtaí a bheartaítear le cláir ábhartha eile de chuid an Aontais faoin sprioc “Infheistíocht le haghaidh post agus fáis” (lena dtacaítear leis an bpróiseas aistrithe), le hionstraimí maoiniúcháin eile (an Ciste um Nuachóiriú ar Thrádáil Astaíochtaí an Aontais) chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais forbartha a sainaithníodh
Tagairt: pointe (k) d’Airteagal 11(2) agus d’Airteagal 11(5)
—
sineirgí agus comhlántachtaí lena mbeartaítear tacaíocht a fháil ó cholúin eile an tSásra um Aistriú Cóir
—
na hearnálacha agus na réimsí téamacha, a bheartaítear tacú leo faoi na colúin eile
Tagairt: pointe (f) d’Airteagal 11(2)
Réimse téacs [5000]
—
Socruithe chun go mbeadh rannpháirtíocht ag comhpháirtithe in ullmhú, cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an bplean críochach um aistriú cóir;
—
An toradh ar an gcomhairliúchán poiblí
3.2. Faireachán agus meastóireacht
—
Bearta faireacháin agus meastóireachta atá beartaithe, lena n-áirítear táscairí chun cumas an phlean a chuspóirí a bhaint amach a thomhas
3.3. Comhlacht/comhlachtaí comhordaithe agus faireacháin
An comhlacht nó na comhlachtaí atá freagrach as comhordú agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean agus an ról atá acu
4. Táscairí aschuir nó toraidh atá clárshonrach
Tagairt: Airteagal 12(1)
Le líonadh isteach má tá táscairí clárshonracha beartaithe, agus sa chás sin amháin:
—
cuí-réasúnú go bhfuil gá le táscairí aschuir nó toraidh clárshonracha bunaithe ar na cineálacha oibríochtaí atá beartaithe
Tábla 1.
Táscairí aschuir
|
Cuspóir sonrach
|
Aitheantóir [5]
|
Táscaire [255]
|
Aonad tomhais
|
Garsprioc (2024)
|
Sprioc (2029)
|
|
|
|
|
|
|
|
Tábla 2.
Táscairí toraidh
|
Cuspóir sonrach
|
Aitheantóir [5]
|
Táscaire [255]
|
Aonad tomhais
|
Bonnlíne nó luach tagartha
|
Bliain tagartha
|
Sprioc (2029)
|
Foinse na sonraí [200]
|
Barúlacha [200]
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IARSCRÍBHINN III COMHTHÁSCAIRÍ AISCHUIR AGUS COMHTHÁSCAIRÍ TORAIDH LE hAGHAIDH AN CHISTE UM AISTRIÚ CÓIR(7)
|
IARSCRÍBHINN III
COMHTHÁSCAIRÍ AISCHUIR AGUS COMHTHÁSCAIRÍ TORAIDH LE hAGHAIDH AN CHISTE UM AISTRIÚ CÓIR
(
7
)
|
Comhtháscairí Aischuir maidir leis an mBeartas Réigiúnach (RCO) agus Comhtháscairí Toraidh maidir leis an mBeartas Réigiúnach (RCR)
|
|
Aschuir
|
Torthaí
|
|
RCO 01 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht (astu sin: micrifhiontair, fiontair bheaga, fiontair mheánmhéide agus fiontair mhóra) (*1)
RCO 02 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht trí dheontais RCO 03 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht le hionstraimí airgeadais RCO 04 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht neamhairgeadais RCO 05 - Gnólachtaí nuathionscanta dá dtugtar tacaíocht RCO 07 - Eagraíochtaí taighde atá rannpháirteach i dtionscadail taighde chomhpháirteacha RCO 10 - Fiontair a chomhoibríonn le heagraíochtaí taighde
►C1
RCO 121a – Fiontair dá dtugtar tacaíocht chun an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE a bhaint amach ◄
|
RCR 01 - Poist arna gcruthú in eintitis dá dtugtar tacaíocht
RCR 102 – Poist arna gcruthú in eintitis dá dtugtar tacaíocht
RCR 02 - Infheistíochtaí príobháideacha ar chomh-mhéid le tacaíocht phoiblí (astu sin: deontais, ionstraimí airgeadais) (*1)
RCR 03 – FBManna a thugann isteach nuálaíocht ó thaobh táirgí agus próiseas de
RCR 04 – FBManna a thugann nuálaíocht isteach ó thaobh margaíochta nó eagraíochta de
RCR 05 - FBManna atá i mbun nuálaíocht inmheánach
RCR 06 - Iarratais ar phaitinní a cuireadh isteach
RCR 29a – Astaíochtaí gás ceaptha teasa measta ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE i bhfiontair dá dtugtar tacaíocht
|
|
RCO 13 - Luach maidir le Seirbhísí agus táirgí digiteacha arna bhforbairt le haghaidh fiontar
|
RCR 11 - Úsáideoirí seirbhísí, táirgí agus próiseas digiteach poiblí nua agus uasghrádaithe
RCR 12 - Úsáideoirí táirgí, seirbhísí, táirgí agus próiseas digiteach nua agus uasghrádaithe arna bhforbairt ag fiontair
|
|
RCO 15 - Acmhainneacht ghoir arna cruthú
|
RCR 17 - Fiontair nua fós ar marthain sa mhargadh
RCR 18 - FBManna a úsáideann seirbhísí goir bliain amháin tar éis an ghorlann a chruthú
|
|
RCO 101 – FBManna a dhéanann infheistiú i scileanna don speisialú cliste, don trasghabháil thionsclaíoch agus don fhiontraíocht
|
RCR 97 – Printíseachtaí dá dtugtar tacaíocht in FBManna
RCR 98 – Foireann FBManna a chuireann Gairmoiliúint agus Gairmoideachas Leanúnach i gcrích (de réir an chineáil scile: scil theicniúil, bhainistíochta, fiontraíochta, ghlas, eile) (*1)
|
|
RCO 18 – Teaghaisí ina bhfuil feidhmíocht fuinnimh fheabhsaithe
RCO 19 – Foirgnimh phoiblí ina bhfuil feidhmíocht fuinnimh fheabhsaithe
RCO 20 - Línte líonraí le haghaidh téamh agus fuarú ceantair a tógadh nó a feabhsaíodh le déanaí
RCO 104 – Líon na n-aonad comhghiniúna ardéifeachtúil
|
RCR 26 – Príomhthomhaltas fuinnimh bliantúil (as sin: teaghaisí, foirgnimh phoiblí, fiontair, eile) (*1)
RCR 29 – Astaíochtaí gás ceaptha teasa measta
|
|
▼M2
|
|
RCO 18 - Teaghaisí inacmhainne agus inbhuanaithe a bhfuil feidhmíocht fuinnimh fheabhsaithe acu – teaghaisí RCO 65 - An líon daoine i dtithíocht shóisialta, inacmhainne agus inbhuanaithe atá nua nó nuachóirithe - daoine
|
RCR 26 - Tomhaltas fuinnimh phríomhúil bliantúil (as sin: teaghaisí inacmhainne agus inbhuanaithe, foirgnimh phoiblí, fiontair, eile) - MWh in aghaidh na bliana RCR 29 - Astaíochtaí measta gás ceaptha teasa - tonaí de choibhéis CO2 in aghaidh na bliana RCR 67 - Úsáideoirí bliantúla tithíochta sóisialta, inacmhainne agus inbhuanaithe atá nua nó nuachóirithe - úsáideoirí in aghaidh na bliana
|
|
▼B
|
|
RCO 22 - Acmhainneacht táirgeachta bhreise le haghaidh fuinneamh inathnuaite (as sin: leictreachas, fuinneamh teirmeach) (*1)
|
RCR 31 - An fuinneamh inathnuaite iomlán arna tháirgeadh (as sin: leictreachas, fuinneamh teirmeach) (*1)
RCR 32 – Acmhainneacht oibríochtúil bhreise arna suiteáil don fhuinneamh inathnuaite
|
|
RCO 34 - Acmhainneacht bhreise le haghaidh athchúrsáil dramhaíola
RCO 107 – Infheistíocht i saoráidí bailithe dramhaíola ar leithligh
RCO 119 - Dramhaíl arna hullmhú le haghaidh athúsáide
|
RCR 47 - Dramhaíl arna hathchúrsáil
RCR 48 - Dramhaíl arna hathchúrsáil arna húsáid mar amhábhair
|
|
RCO 36 - Bonneagar glas dá dtugtar tacaíocht chun críocha eile seachas oiriúnú don athrú aeráide
RCO 38 - Achar dromchla na talún athshlánaithe dá dtugtar tacaíocht
RCO 39 - Córais chun faireachán a dhéanamh ar thruailliú aeir arna suiteáil
|
RCR 50 - An daonra a bhaineann tairbhe as bearta le haghaidh cháilíocht an aeir (*2)
RCR 52 - Talamh athshlánaithe arna úsáid le haghaidh limistéir ghlasa, tithíocht shóisialta, gníomhaíochtaí eacnamaíocha nó úsáidí eile
|
|
RCO 55 - Fad na línte nua tram agus meitreo
RCO 56 - Fad na línte atógtha nó nuachóirithe tram agus meitreo
RCO 57 – Toilleadh an rothstoic atá neamhdhíobhálach don chomhshaol le haghaidh iompar poiblí
RCO 58 - Bonneagar rothaíochta tiomnaithe dá dtugtar tacaíocht
RCO 60 – Cathracha agus bailte ag a bhfuil córais dhigiteacha iompair uirbigh nua nó nuachóirithe
|
RCR 62 – Úsáideoirí bliantúla iompair phoiblí nua nó nuachóirithe
RCR 63 - Úsáideoirí bliantúla línte nua nó nuachóirithe tram agus meitreo
RCR 64 - Úsáideoirí bliantúla bonneagair rothaíochta thiomnaithe
|
|
RCO 61 – Dromchla saoráidí nua nó nuachóirithe le haghaidh seirbhísí fostaíochta
|
RCR 65 – Úsáideoirí bliantúla saoráidí nua nó nuachóirithe le haghaidh seirbhísí fostaíochta
|
|
RCO 66 - Líon na leanaí sa seomra ranga i saoráidí cúraim leanaí nua nó nuachóirithe dá dtugtar tacaíocht
RCO 67 - Líon na leanaí sa seomra ranga i saoráidí oideachais nua nó nuachóirithe dá dtugtar tacaíocht
|
RCR 70 - Úsáideoirí bliantúla saoráidí cúraim leanaí nua nó nuachóirithe
RCR 71 - Úsáideoirí bliantúla saoráidí oideachais nua nó nuachóirithe
|
|
RCO 113 - Daonra arna chumhdach ag tionscadail faoi chuimsiú gníomhaíochtaí comhtháite maidir le cuimsiú socheacnamaíoch pobal imeallaithe, teaghlach ar ioncam íseal agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste (*2)
|
|
|
RCO 69 - Líon na ndaoine i saoráidí cúraim sláinte nua nó nuachóirithe dá dtugtar tacaíocht
RCO 70 - Líon na ndaoine i saoráidí cúraim shóisialta nua nó nuachóirithe (seachas tithíocht) dá dtugtar tacaíocht
|
RCR 72 – Úsáideoirí bliantúla ríomhsheirbhísí cúraim sláinte nua nó nuachóirithe
RCR 73 - Úsáideoirí bliantúla saoráidí cúraim sláinte nua nó nuachóirithe
RCR 74 - Úsáideoirí bliantúla saoráidí cúraim shóisialta nua nó nuachóirithe
|
|
omhtháscairí Aischuir maidir leis an mBeartas Réigiúnach (RCO) agus Comhtháscairí Toraidh maidir leis an mBeartas Réigiúnach (RCR) (1)
, (2)
|
|
Aschuir
|
Torthaí
|
|
RCO 01 - daoine dífhostaithe, lena n-áirítear daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach (*2)
RCO 02 - daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach (*2)
RCO 03 - daoine neamhghníomhacha (*2)
RCO 04 - daoine fostaithe, lena n-áirítear daoine féinfhostaithe (*2)
RCO 05 - líon na bpáistí faoi bhun 18 mbliana d’aois (*2)
RCO 06 - daoine óga idir 16 agus 29 mbliana d’aois (*2)
RCO 07 - líon na rannpháirtithe atá 55 bliana d’aois nó os a chionn (*2)
RCO 08 - daoine a bhfuil oideachas meánscoile íochtaraí nó níos lú ná sin (ISCED 0-2) acu (*2)
RCO 09 - daoine a bhfuil oideachas meánscoile uachtaraí (ISCED 3) nó oideachas iar-mheánscoile (ISCED 4) acu (*2)
RCO 10 - daoine a bhfuil oideachas treasach (ISCED 5 nó 8) acu (*2)
RCO 11 - líon iomlán na rannpháirtithe (3)
|
RCR 01 - rannpháirtithe atá ag lorg poist i ndiaidh na rannpháirtíochta (*2)
RCR 02 - rannpháirtithe in oideachas/oiliúint i ndiaidh na rannpháirtíochta (*2)
RCR 03 - rannpháirtithe a fuair cáilíocht ar fhágáil dóibh (*2)
RCR 04 - rannpháirtithe i bhfostaíocht, lena n-áirítear féinfhostaíocht, ar fhágáil dóibh (*2)
|
(*1)
Miondealú nár iarradh le haghaidh clársceidealaithe ach amháin chun tuairisciú a dhéanamh.
(*2)
Na sonraí a thuairiscítear, is sonraí pearsanta iad de réir Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(1)
Tá gach táscaire aschuir agus toraidh a bhaineann le rannpháirtithe le tuairisciú.
(2)
Déanfar na sonraí pearsanta ar fad a mhiondealú de réir inscne (fireann/baineann – daoine neamh-dhénártha, de réir an dlí náisiúnta).
I gcás nach bhfuil torthaí áirithe indéanta, níl sé riachtanach sonraí na dtorthaí sin a bhailiú nó a thuairisciú.
I gcás inarb iomchuí, is féidir comhtháscairí aschuir a thuairisciú bunaithe ar spriocghrúpa na hoibríochta.
Nuair a dhéantar sonraí a bhailiú ó chlárlanna nó ó foinsí coibhéiseacha, féadfaidh na Ballstáit sainmhínithe náisiúnta a úsáid.
(3)
Déanfar an táscaire seo a ríomh go huathoibríoch ar bhonn na gcomhtháscairí aschuir a bhaineann leis an stádas fostaíochta.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.09.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1056
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|