+Airteagal 5 An Sásra Luaíochta Ghlais
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.

Airteagal 5 An Sásra Luaíochta Ghlais

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.
Más rud é, de bhun Airteagal 3(3), go méadófar ar na hacmhainní do CUAC roimh an 31 Nollaig 2024, leithdháilfear na hachmhainní breise ar na Ballstáit ar bhonn na sciaranna náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
Airteagal 5 2.
Más rud é, de bhun Airteagal 3(3) den Rialachán seo, go méadófar ar na hacmhainní do CUAC tar éis an 31 Nollaig 2024, leithdáilfear na hacmhainní breise ar na Ballstáit i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar síos sa dara fomhír den mhír seo, ar bhonn an athraithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a saoráidí tionsclaíocha sa tréimhse ón mbliain 2018 go dtí an bhliain is déanaí a bhfuil sonraí ar fáil ina leith, arna dtuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ). Déanfar an t-athrú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa gach Ballstáit a ríomh trí astaíochtaí gás ceaptha teasa na réigiúin leibhéal NUTS 3 sin a sainaithníodh sna pleananna críochacha um aistriú cóir, agus sna réigiúin sin amháin, i gcomhréir le hAirteagal 11(1) den Rialachán seo.

Déanfar leithdháileadh acmhainní breise do gach Ballstát a chinneadh i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a) 

i gcás Ballstáit ar éirigh leo astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, déanfar an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhain gach Ballstát amach a ríomh trí leibhéal na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa sa bhliain tagartha is déanaí a shloinneadh mar chéatadán de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a tugadh faoi deara in 2018; i gcás Ballstáit nár éirigh leo astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, socrófar an céatadán sin ag 100 %.

(b) 

déanfar sciar deiridh gach Ballstáit a ríomh trí na sciaranna náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a roinnt ar na céatadáin a thagann as pointe (a); agus

(c) 

déanfar toradh an ríomha faoi phointe (b) a athscálú chun suimiú suas go dtí 100 %.

Airteagal 5 3.
Déanfaidh na Ballstáit na hacmhainní breise a áireamh ina gcláir agus tíolacfaidh siad leasú cláir i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/1060.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.09.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1056
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.