|
+Airteagal 5 2. |
Airteagal 5 2.Más rud é, de bhun Airteagal 3(3) den Rialachán seo, go méadófar ar na hacmhainní do CUAC tar éis an 31 Nollaig 2024, leithdáilfear na hacmhainní breise ar na Ballstáit i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar síos sa dara fomhír den mhír seo, ar bhonn an athraithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a saoráidí tionsclaíocha sa tréimhse ón mbliain 2018 go dtí an bhliain is déanaí a bhfuil sonraí ar fáil ina leith, arna dtuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
3
). Déanfar an t-athrú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa gach Ballstáit a ríomh trí astaíochtaí gás ceaptha teasa na réigiúin leibhéal NUTS 3 sin a sainaithníodh sna pleananna críochacha um aistriú cóir, agus sna réigiúin sin amháin, i gcomhréir le hAirteagal 11(1) den Rialachán seo. Déanfar leithdháileadh acmhainní breise do gach Ballstát a chinneadh i gcomhréir leis an méid seo a leanas:
(a)
i gcás Ballstáit ar éirigh leo astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, déanfar an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhain gach Ballstát amach a ríomh trí leibhéal na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa sa bhliain tagartha is déanaí a shloinneadh mar chéatadán de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a tugadh faoi deara in 2018; i gcás Ballstáit nár éirigh leo astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, socrófar an céatadán sin ag 100 %.
(b)
déanfar sciar deiridh gach Ballstáit a ríomh trí na sciaranna náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a roinnt ar na céatadáin a thagann as pointe (a); agus
(c)
déanfar toradh an ríomha faoi phointe (b) a athscálú chun suimiú suas go dtí 100 %. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|