+Airteagal 8 Raon feidhme na tacaíochta
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.

Airteagal 8 Raon feidhme na tacaíochta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 8 1.
Ní thabharfar tacaíocht le CUAC ach amháin do ghníomhaíochtaí atá nasctha go díreach lena chuspóir sonrach faoi mar a leagtar amach in Airteagal 2 agus a chuireann le cur chun feidhme na bpleananna críochacha um aistriú cóir arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 11.
Airteagal 8 2.

I gcomhréir le mír 1, tabharfar tacaíocht eisiach le CUAC do na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a) 

infheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), lena n-áirítear micrifhiontair agus gnólachtaí nuathionscanta, a mbeidh éagsúlú eacnamaíoch, nuachóiriú agus ath-chomhshó mar thoradh orthu;

(b) 

infheistíochtaí i gcruthú gnólachtaí nua, lena n-áirítear trí ghorlanna gnó agus seirbhísí comhairliúcháin, a mbeidh cruthú post mar thoradh air;

(c) 

infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, lena n-áirítear arna ndéanamh ag ollscoileanna agus eagraíochtaí taighde poiblí, agus chun aistriú teicneolaíochtaí nua a chothú;

(d) 

infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí agus i gcórais agus bonneagar le haghaidh fuinneamh glan inacmhainne, lena n-áirítear teicneolaíochtaí stórála hidrigine, agus le hastaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú;

(e) 

infheistíochtaí san fhuinneamh inathnuaite i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ), lena n-áirítear na critéir inbhuaine a leagtar amach sa Treoir sin, agus san éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear chun bochtaineacht fuinnimh a laghdú;

▼M2

(f) 

infheistíochtaí sa tsoghluaisteacht áitiúil chliste agus inbhuanaithe, lena n-áirítear dícharbónú na hearnála iompair áitiúil agus a bonneagair, chomh maith le bonneagar athluchtaithe a imscaradh;

▼B

(g) 

athshlánú agus uasghrádú na líonraí téimh ceantair d’fhonn feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh na gcóras téimh ceantair agus infheistíochtaí i dtáirgeadh teasa ar choinníoll go ndéantar na suiteálacha táirgthe teasa a sholáthar go heisiach le foinsí fuinnimh inathnuaite;

(h) 

infheistíochtaí i ndigiteáil, nuálaíocht dhigiteach agus i nascacht dhigiteach;

▼M2

(i) 

infheistíochtaí in athghiniúint agus dí-éilliú láithreán athfhorbraíochta, in uisce, in athchóiriú talún agus lena n-áirítear, i gcás inar gá, i dtionscadail bonneagair ghlais agus athrú cuspóra, agus aird á tabhairt ar an bprionsabal “costas an truaillithe ar an truaillitheoir”;

▼B

(j) 

infheistíochtaí i bhfeabhsú an gheilleagair chiorclaigh, lena n-áirítear trí dhramhaíl a chosc, laghdú, éifeachtúlacht acmhainní, athúsáid, deisiú, agus athchúrsáil;

(k) 

uas-sciliú agus athsciliú oibrithe agus cuardaitheoirí poist;

(l) 

cúnamh i gcuardach poist do chuardaitheoirí poist;

(m) 

cuimsiú gníomhach na gcuardaitheoirí poist;

(n) 

cúnamh teicniúil;

(o) 

gníomhaíochtaí eile i réimsí an oideachais agus an chuimsithe shóisialta lena n-áirítear, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, infheistíochtaí i mbonneagar chun críoch ionad oiliúna, saoráidí cúraim leanaí agus daoine scothaosta mar a léirítear sna pleananna críochacha um aistriú cóir i gcomhréir le hAirteagal 11;

▼M2

(p) 

rochtain ar thithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe a chur chun cinn;

(q) 

tacú le córais stórála fuinnimh agus rannchuidiú á dhéanamh le dícharbónú na ngeilleagar réigiúnach agus le comhtháthú an fhuinnimh in-athnuaite san eangach.

Le CUAC, féadfar tacú freisin le hinfheistíochtaí chun astaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú i ngníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE ar choinníoll go bhfuil na hinfheistíochtaí sin formheasta mar chuid den phlean críochach um aistriú cóir bunaithe ar an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi phointe (i) d’Airteagal 11(2) den Rialachán seo. Ní bheidh na hinfheistíochtaí sin incháilithe ach amháin má tá gá leo chun an plean críochach um aistriú cóir a chur chun feidhme.

Le CUAC, féadfar tacú freisin le hinfheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair nach FBManna iad, agus béim á coinneáil ar FBManna ag an am céanna. Ní bheidh na hinfheistíochtaí sin incháilithe ach amháin i gcás ina bhfuil siad riachtanach chun an plean críochach um aistriú cóir a chur chun feidhme, i gcás ina bhfuil a dtacaíocht riachtanach chun poist a chruthú sa chríoch shainaitheanta agus i gcás nach mbeidh athlonnú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (27), de Rialachán (AE) 2021/1060 mar thoradh orthu. Le soláthar na tacaíochta sin, ní bheidh gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an bplean críochach um aistriú cóir i gcás ina mbeadh an t-athbhreithniú sin nasctha go heisiach leis an anailís ar bhearnaí. Maidir le hinfheistíochtaí lena rannchuidítear le cuspóirí STEP dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/795, déanfar printíseachtaí agus poist, oideachas nó oiliúint do scileanna nua a mheas sa phróiseas roghnúcháin.

I gcás oibríochtaí ar sannadh Séala Barr Feabhais dóibh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (45), de Rialachán (AE) 2021/1060 agus i gcás tionscadail atá rannpháirteach go díreach i dtionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chinn an Coimisiún a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de bhun Airteagal 107(3), pointe (b) CFAE agus a chomhlíonann teachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Samhain 2021 dar teideal Criteria for the analysis of the compatibility with the internal market of State aid to promote the execution of important projects of common European interest [Critéir chun anailís a dhéanamh ar chomhoiriúnacht Státchabhrach leis an margadh inmheánach chun cur i gcrích tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur chun cinn], féadfaidh an t-údarás bainistíochta a chinneadh tacaíocht ó CUAC a dheonú go díreach, ar choinníoll go rannchuidíonn oibríochtaí den sórt sin leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 2 den Rialachán seo agus go rannchuidíonn siad le cur chun feidhme na bpleananna críochacha um aistriú cóir.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.09.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1056
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.