|
+IARSCRÍBHINN II TEIMPLÉAD LE hAGHAIDH PLEANANNA CRÍOCHACHA UM AISTRIÚ CÓIR |
IARSCRÍBHINN II TEIMPLÉAD LE hAGHAIDH PLEANANNA CRÍOCHACHA UM AISTRIÚ CÓIR
IARSCRÍBHINN II TEIMPLÉAD LE hAGHAIDH PLEANANNA CRÍOCHACHA UM AISTRIÚ CÓIR 1. Leagan amach an phróisis aistrithe agus sainaithint na gcríoch ina mbeidh an tionchar is diúltaí laistigh den Bhallstát Réimse téacs [12000] Tagairt: pointe (a) d’Airteagal 11(2) 1.1. Leagan amach an phróisis aistrithe a bhfuiltear ag súil leis i dtreo spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid agus geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050, i gcomhréir le cuspóirí na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus pleananna críochacha eile atá ann cheana maille le hamlíne chun deireadh a chur le gníomhaíochtaí amhail mianadóireacht ghuail agus ligníte nó táirgeadh leictreachais gualbhreoslaithe nó na gníomhaíochtaí sin a laghdú Tagairt: pointe (b) d’Airteagal 11(2) 1.2. Sainaithint na gcríoch a bhfuiltear ag súil leis go mbeidh an tionchar is diúltaí iontu agus bonn cirt a thabhairt don rogha sin leis an meastachán comhfhreagrach ar na tionchair eacnamaíocha agus fostaíochta bunaithe ar an leagan amach i Roinn 1.1 Tagairt: Airteagal 6 1.3. Na réigiúin agus na hoileáin is forimeallaí a bhfuil dúshláin shonracha acu sna críocha a liostaítear faoi Roinn 1.1 a shainaithint agus na méideanna sonracha a leithdháileadh ar na críocha sin agus údar cuí sonrach ag gabháil leo 2. Measúnú ar na dúshláin i dtaca leis an aistriú, le haghaidh gach ceann de na críocha arna sainaithint 2.1. Measúnú ar an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bheidh ag an aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach san Aontas faoi 2050 Tagairt: pointe (c) d’Airteagal 11(2) Réimse téacs [12000] Sainaithint na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha agus na n-earnálacha tionsclaíocha a n-imreofar tionchar orthu, ina ndéantar idirdhealú idir:
—
earnálacha atá ag dul i léig, a bhfuiltear ag súil leis go dtiocfaidh deireadh leo nó go dtiocfaidh laghdú suntasach ar a ngníomhaíochtaí de bharr an aistrithe, agus amlíne chomhfhreagrach san áireamh;
—
earnálacha ina bhfuil claochlú ó bhonn ag tarlú, a bhfuiltear ag súil leis go dtiocfaidh clochlú ó bhonn ar a ngníomhaíochtaí, a bpróisis agus a n-aschuir.
I gcomhair gach ceann den dá chineál earnálacha:
—
na caillteanais post agus na riachtanais i ndáil le hathcháiliú a bhfuiltear ag súil leo, agus réamhaisnéisí scileanna á gcur san áireamh;
—
an cumas féideartha éagsúlaithe eacnamaíoch agus deiseanna forbartha.
2.2. Riachtanais forbartha agus cuspóirí faoi 2030 d’fhonn geilleagar aeráid-neodrach san Aontas a bhaint amach faoi 2050 Tagairt: pointe (d) d’Airteagal 11(2) Réimse téacs [6000]
—
Riachtanais forbartha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an aistrithe;
—
Cuspóirí agus torthaí a bhfuiltear ag súil leo trí thosaíocht CUAC a chur chun feidhme, lena n-áirítear an rannchuidiú measta i dtéarmaí cruthú agus caomhnú post.
2.3. Comhsheasmhacht le straitéisí agus pleananna ábhartha náisiúnta, réigiúnacha nó críochacha eile Tagairt: pointe (e) d’Airteagal 11(2) Réimse téacs [6000]
—
Straitéisí um speisialtóireacht chliste;
—
Straitéisí críochacha dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2021/…;
—
Pleananna forbartha réigiúnacha nó náisiúnta eile.
2.4. Na cineálacha oibríochtaí atá beartaithe Réimse téacs [12000] Tagairt: pointe (g) d’Airteagal 11(2)
—
an cineál oibríochtaí atá beartaithe agus an méid a mheastar a rannchuideoidh siad chun tionchar an aistrithe a mhaolú
Tagairt: pointe (h) d’Airteagal 11(2) Le líonadh isteach má thugtar tacaíocht d’infheistíochtaí táirgiúla in eagraíochtaí nach FBManna iad, agus sa chás sin amháin:
—
liosta táscach d’oibríochtaí agus d’fhiontair a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh agus, i gcás gach ceann acu, údar leis an ngá atá leis an tacaíocht sin, lena n-áirítear, trí anailís ar bhearnaí, i gcás inar gá chun críoch measúnaithe ar Státchabhair, lena léirítear go rachadh líon na gcaillteanas post a bhfuiltear ag súil leo thar líon na bpost a bhfuiltear ag súil leis go gcruthófaí in éagmais na hinfheistíochta sin
Nuashonraigh nó líon isteach an roinn seo tríd an athbhreithniú ar phleananna críocha um aistriú cóir, ag brath ar an gcinneadh tacaíocht mar sin a chur ar fáil. Tagairt: pointe (i) d’Airteagal 11(2); Le líonadh má thugtar tacaíocht d’infheistíochtaí chun an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE a bhaint amach, agus sa chás sin amháin:
—
liosta d’oibríochtaí a dtabharfar tacaíocht dóibh agus cuí-réasúnú go rannchuidíonn siad leis an aistriú i dtreo geilleagar aeráid-neodrach agus go mbeidh laghduithe suntasacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar thoradh leo a rachaidh go substaintiúil faoi bhun na dtagarmharcanna ábhartha arna mbunú don leithdháileadh saor in aisce faoi Threoir 2003/87/CE agus ar choinníoll go bhfuil siad riachtanach chun líon suntasach post a chosaint
Nuashonraigh nó líon isteach an roinn seo tríd an athbhreithniú ar phleananna críochacha um aistriú cóir, ag brath ar an gcinneadh tacaíocht mar sin a chur ar fáil. Tagairt: pointe (j) d’Airteagal 11(2)
—
sineirgí agus comhlántachtaí na n-oibríochtaí a bheartaítear le cláir ábhartha eile de chuid an Aontais faoin sprioc “Infheistíocht le haghaidh post agus fáis” (lena dtacaítear leis an bpróiseas aistrithe), le hionstraimí maoiniúcháin eile (an Ciste um Nuachóiriú ar Thrádáil Astaíochtaí an Aontais) chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais forbartha a sainaithníodh
Tagairt: pointe (k) d’Airteagal 11(2) agus d’Airteagal 11(5)
—
sineirgí agus comhlántachtaí lena mbeartaítear tacaíocht a fháil ó cholúin eile an tSásra um Aistriú Cóir
—
na hearnálacha agus na réimsí téamacha, a bheartaítear tacú leo faoi na colúin eile
3. Sásraí rialachais Tagairt: pointe (f) d’Airteagal 11(2) Réimse téacs [5000] 3.1. Comhpháirtíocht
—
Socruithe chun go mbeadh rannpháirtíocht ag comhpháirtithe in ullmhú, cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an bplean críochach um aistriú cóir;
—
An toradh ar an gcomhairliúchán poiblí
3.2. Faireachán agus meastóireacht
—
Bearta faireacháin agus meastóireachta atá beartaithe, lena n-áirítear táscairí chun cumas an phlean a chuspóirí a bhaint amach a thomhas
3.3. Comhlacht/comhlachtaí comhordaithe agus faireacháin An comhlacht nó na comhlachtaí atá freagrach as comhordú agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean agus an ról atá acu 4. Táscairí aschuir nó toraidh atá clárshonrach Tagairt: Airteagal 12(1) Le líonadh isteach má tá táscairí clárshonracha beartaithe, agus sa chás sin amháin:
—
cuí-réasúnú go bhfuil gá le táscairí aschuir nó toraidh clárshonracha bunaithe ar na cineálacha oibríochtaí atá beartaithe
Tábla 1. Táscairí aschuir
Tábla 2. Táscairí toraidh
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|