+Airteagal 12b 12.

Airteagal 12b 12.

Beidh úinéireacht ag an gComhghnóthas ar an gcuid sin de bhonneagar ríomhaireachta na gigeamhonarchan IS a fhreagraíonn do ranníocaíocht an Aontais leis an gcaiteachas caipitiúil, dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6, ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad ón tráth a chuirfear tús le hoibríochtaí na gigeamhonarchan IS arna sonrú a thuilleadh sa Chomhaontú Óstála gigeamhonarchan IS. De rogha air sin, i gcás ina ndéanfar ranníocaíocht an Aontais i bhfoirm ceannach ráthaithe réamhaontaithe aga rochtana ar ghigeamhonarcha IS dá dtagraítear i mír 5, is é 5 bliana ar a laghad a bheidh sa tréimhse a shonrófar a thuilleadh sa Chomhaontú Óstála gigeamhonarchan IS. I gceachtar cás, cuirfear síneadh leis an tréimhse sin i gcás ina ndéanfar uasghrádú substaintiúil ar bhonneagar ríomhaireachta na gigeamhonarchan IS. Gan dochar d’fhoirceannadh an Chomhghnóthais, dá dtagraítear in Airteagal 23(4) de na Reachtanna, aistreofar an úinéireacht i gcomhréir leis an gComhaontú Óstála gigeamhonarchan IS nó cuirfear síneadh léi ar feadh tréimhse chomhaontaithe faoi na coinníollacha arna sonrú sa Chomhaontú Óstála gigeamhonarchan IS. I gcás ina ndéanfar an úinéireacht a aistriú chuig an gCuibhreannas gigeamhonarchan IS, tiontófar luach iarmharach bhonneagar ríomhaireachta na gigeamhonarchan IS ina aga rochtana coibhéiseach don Aontas. Mura n-aistrítear an úinéireacht chuig an gCuibhreannas gigeamhonarchan IS i gcomhréir leis an gComhaontú Óstála, agus má dhéantar cinneadh maidir le díchoimisiúnú, is é an Cuibhreannas gigeamhonarchan IS a íocfaidh na costais ábhartha.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1173
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.