+Airteagal 12b Gigeamhonarcha na hIntleachta Saorga
---+Airteagal 12b 1.
---+Airteagal 12b 2.
---+Airteagal 12b 3.
---+Airteagal 12b 4.
---+Airteagal 12b 5.
---+Airteagal 12b 6.
---+Airteagal 12b 7.
---+Airteagal 12b 8.
---+Airteagal 12b 9.
---+Airteagal 12b 10.
---+Airteagal 12b 11.
---+Airteagal 12b 12.
---+Airteagal 12b 13.
---+Airteagal 12b 14.
---+Airteagal 12b 15.
---+Airteagal 12b 16.
---+Airteagal 12b 17.
---+Airteagal 12b 18.
---+Airteagal 12b 19.
---+Airteagal 12b 20.
---+Airteagal 12b 21.
|
Airteagal 12b Gigeamhonarcha na hIntleachta Saorga
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12b 1.
|
Beidh gigeamhonarcha IS lonnaithe i Stát Rannpháirteach ar Ballstát é. Gheobhaidh sí tacaíocht airgeadais ó chomhpháirtíocht idir an tAontas agus Stát Rannpháirteach amháin nó níos mó, a ndéanfaidh an Comhghnóthas ionadaíocht air nó orthu, agus ó Chuibhreannas gigeamhonarchan IS, a bhféadfadh soláthróir bonneagair teicneolaíochta amháin nó níos mó a bheith san áireamh ann, a ndéanfaidh Comhordaitheoir gigeamhonarchan IS ionadaíocht air nó orthu. Is i bhfoirm Comhaontú Óstach a bheidh an chomhpháirtíocht sin idir an Comhghnóthas agus Comhordaitheoir gigeamhonarchan IS. Déanfaidh gach Stát Rannpháirteach sa chomhpháirtíocht gigeamhonarchan IS comhaontú riaracháin a thabhairt i gcrích leis an gComhghnóthas lena leagfar síos an sásra comhordúcháin chun ranníocaíochtaí a íoc le hiarratasóirí atá bunaithe sa Stát Rannpháirteach sin agus chun tuairisc a thabhairt ina leith. Áireofar sa chomhaontú sin an t-aga rochtana a comhaontaíodh don Stát Rannpháirteach, an sceideal maidir le rochtain, na coinníollacha íocaíochta, na ceanglais tuairiscithe agus ceanglais iniúchóireachta.
|
|
Airteagal 12b 2.
|
Beidh gigeamhonarchana IS il-láithreáin á n-oibriú ag Cuibhreannas gigeamhonarchan IS aonair agus feidhmeoidh siad mar eintiteas teicniúil comhtháite. Déanfar láithreáin as a gcomhdhéantar gigeamhonarcha IS il-láithreáin a idirnascadh le líonraí ard-bhandaleithid fíor-ardluais. I ngigeamhonarcha IS tíre aonair il-láithreáin, comhlíonfaidh láithreán comhpháirteach amháin ar a laghad scála gigeamhonarchan IS. Beidh Cuibhreannas gigeamhonarchan IS iltíre il-láithreáin comhdhéanta d’eintiteas óstach amháin ar a laghad in aghaidh an Bhallstáit óstaigh, agus comhlíonfaidh láithreán comhpháirteach amháin ar a laghad ó na Ballstáit rannpháirteacha scála gigeamhonarchan IS. Beidh gach eintiteas óstach de ghigeamhonarcha IS il-láithreáin freagrach go leithleach i leith an Aontais as an ranníocaíocht ón Aontas a fhaigheann sé. Sonrófar sa chomhaontú iltíre-il-láithreán maidir le Cuibhreannas gigeamhonarchan IS na leithdháiltí dliteanais idir eintitis óstacha, chomh maith le freagrachtaí teicniúla, oibríochtúla, rialála agus airgeadais gach eintitis óstaigh.
|
|
Airteagal 12b 3.
|
Beidh rannpháirtíocht eintiteas dlítheanach ó Stáit Neamh-Rannpháirteacha i gCuibhreannas gigeamhonarchan IS faoi réir srianta nó eisiaimh i gcás ina meastar go bhfuil an rannpháirtíocht sin contrártha do shócmhainní straitéiseacha, leasanna, neamhspleáchas nó slándáil an Aontais. I gcomhréir le Rialacháin (AE) 2021/694, (AE) 2021/695 agus (AE) 2021/1153, leis an nglao ar léiriú spéise chun Cuibhreannas gigeamhonarchan IS a roghnú, déanfar rannpháirtíocht i gCuibhreannas gigeamhonarchan IS a theorannú d’eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i Stáit Rannpháirteacha, nó d’eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtíortha comhlachaithe sonraithe den Chlár Réime Fís Eorpach, den Chlár don Eoraip Dhigiteach agus d’aon chlár cistiúcháin ábhartha de chuid an Aontais ina dhiaidh sin, nó i dtríú tíortha eile sa bhreis ar Stáit Rannpháirteacha nach sáraíonn leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstát. I bprionsabal, ní bheidh feidhm ag na srianta agus na heisiaimh dá dtagraítear sa mhír seo maidir le heintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtríú tíortha a bhfuil Comhaontú Comhair maidir le gigeamhonarcha IS nó comhaontú comhchosúil sínithe acu leis an Aontas. Féadfar foráil a dhéanamh sa ghlao ar léiriú spéise chun Cuibhreannas gigeamhonarchan IS a roghnú go bhfuil eintitis dhlítheanacha arna mbunú i dtríú tíortha eile incháilithe, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann eintitis den sórt sin na ceanglais is infheidhme maidir leis na heintitis dhlítheanacha sin chun cosaint leasanna slándála an Aontais agus na mBallstát a ráthú, agus chun faisnéis rúnaicmithe a choimirciú. Is sa chlár oibre a leagfar amach na ceanglais sin.
|
|
Airteagal 12b 4.
|
Roghnófar gigeamhonarchana IS bunaithe ar sholáthar comhpháirteach idir an Comhghnóthas agus údarás conarthach amháin nó níos mó ó na Stáit Rannpháirteacha. Bainfidh Cuibhreannas gigeamhonarchan IS tairbhe as gealltanas sainráite ón mBallstát, arna thabhairt don Chomhghnóthas, a sciar den ghigeamhonarcha IS atá le bunú laistigh de chríoch an Bhallstáit sin a mhaoiniú, i ndiaidh a roghnaithe i gcomhréir le mír 19. Tabharfaidh an Ballstát an gealltanas sin sula seolfar an glao ar léiriú spéise.
|
|
Airteagal 12b 5.
|
Leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5, cumhdófar suas le 17 % de na hinfheistíochtaí caiteachais chaipitiúil i mbonneagar ríomhaireachta foriomlán na gigeamhonarchan IS. De rogha air sin, féadfar ranníocaíocht an Aontais a dhéanamh i bhfoirm ceannach ráthaithe réamhaontaithe aga rochtana ar ghigeamhonarcha IS, a bhfuil a luach coibhéiseach le suas le 17 % de chaiteachas caipitiúil bhonneagar ríomhaireachta foriomlán na gigeamhonarchan IS. Déanfaidh Stát Rannpháirteach amháin nó níos mó ranníocaíocht a thabhairt a bheidh ar cóimhéid ar a laghad le ranníocaíocht an Aontais. Is é an Cuibhreannas gigeamhonarchan IS a chumhdóidh an chuid eile den infheistíocht agus caiteachas oibríochtúil na gigeamhonarchan IS. I gcás gigeamhonarchana IS tíre aonair il-láithreáin, féadfar ranníocaíocht iomlán an Aontais, mar aon leis na cearta rochtana ríofa comhfhreagracha, a leithdháileadh ar an suíomh comhpháirteach is mó. I gcás gigeamhonarchana IS iltíre il-láithreáin, féadfar ranníocaíocht an Aontais a leithdháileadh ar ghigeamhonarchana IS a chomhlíonann an scála is gá agus ar ghigeamhonarcha IS amháin in aghaidh an Bhallstáit rannpháirtigh.
|
|
Airteagal 12b 6.
|
D’fhéadfaí méadú substaintiúil a dhéanamh ar mhonarcha IS roghnaithe chun gigeamhonarcha IS a dhéanamh di. Sa chás sin, déanfar an tacaíocht airgeadais a thug an tAontas cheana don mhonarcha IS sin a áireamh mar chuid de ranníocaíocht an Aontais leis an gcaiteachas caipitiúil le haghaidh bhonneagar ríomhaireachta na Gigeamhonarchan IS dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo. Tá feidhm ag na forálacha céanna maidir leis na Stáit Rannpháirteacha. Déanfar an comhaontú óstála monarchan IS dá dtagraítear in Airteagal 10 a leasú dá réir, i gcás inarb iomchuí. Is é an Cuibhreannas gigeamhonarchan IS a chumhdóidh an infheistíocht bhreise sa mhonarcha IS sin a thiocfaidh chun bheith ina gigeamhonarcha IS mar aon le caiteachas oibríochtúil na gigeamhonarchan IS.
|
|
Airteagal 12b 7.
|
Féadfaidh Ballstát a chuid ranníocaíochtaí le haghaidh gigeamhonarcha IS a sholáthar go díreach trí shásraí cistiúcháin náisiúnta nó go hindíreach trí fhoinsí eile. Déanfaidh Ballstát, trí bhíthin comhaontú riaracháin leis an gComhghnóthas, a chuid ranníocaíochtaí féin, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, agus aon ranníocaíochtaí breise, ina n-iomláine nó i bpáirt, a dhéanamh tríd an gComhghnóthas, a dhéanfaidh na cistí sin a bhainistiú agus a eisíoc thar ceann an Bhallstáit chuig an ngigeamhonarcha IS a sainaithníodh. Féadfaidh an ranníocaíocht dheonach airgeadais a bheith comhdhéanta, ina hiomláine nó i bpáirt, de chistí arna bhfáil ag Ballstát faoi Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
4
) nó Rialachán (AE) 2021/1060 (
5
).
|
|
Airteagal 12b 8.
|
Féadfaidh Ballstát a chinneadh cuid den ranníocaíocht airgeadais arna fáil aige faoi Rialachán (AE) 2021/241 (“leithdháiltí STA”) a leithdháileadh chun a ranníocaíocht dheonach airgeadais le gigeamhonarcha IS a mhaoiniú, ina hiomláine nó i bpáirt, i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo, lena n-áirítear chun a ranníocaíocht a chumhdach i gcásanna nach roghnaítear gigeamhonarchana IS le haghaidh cistiú ón Aontas. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh freisin na leithdháiltí STA atá fágtha acu a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar a ranníocaíochtaí náisiúnta le monarchana IS, le sár-ríomhairí nó ríomhairí candamacha, nó le hinfheistíocht eile in IS, i dteicneolaíochtaí candamacha nó i HPC, ar infheistíochtaí iad a bhaineann le cuspóirí an Chomhghnóthais agus a shainaithníonn an Ballstát ina Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta. Déanfaidh na Ballstáit na ranníocaíochtaí sin tríd an gComhghnóthas i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo. Ach a mbeidh comhaontú ranníocaíochta sínithe agus leithdháileadh ainmnithe STA aistrithe go hiomlán agus go neamh-inchúlghairthe chuig an gComhghnóthas aige faoin 31 Lúnasa 2026 ar a dhéanaí, measfar go mbeidh an sprioc-am a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/241 comhlíonta ag an mBallstát.
|
|
Airteagal 12b 9.
|
Féadfaidh Ballstát a chinneadh cuid den ranníocaíocht airgeadais arna fáil aige faoi Rialachán (AE) 2021/241 nó faoi Rialachán (AE) 2021/1060 nó faoi chlár cistiúcháin eile a leithdháileadh chun maoiniú a dhéanamh ar bhonneagair seirbhísí agus sonraí nua, ardfhorbartha agus úrscothacha le haghaidh na hintleachta saorga, na ríomhaireachta ardfheidhmíochta nó na ríomhaireachta candamaí, arna bhfáil agus arna n-oibriú ar a chríoch. Féadfaidh an Ballstát sin, trí bhíthin comhaontú riaracháin leis an gComhghnóthas, na hinfheistíochtaí sin a chur tríd an gComhghnóthas, a dhéanfaidh na cistí sin a bhainistiú agus a eisíoc thar a cheann chuig an infheistíocht a sainaithníodh. Ach a mbeidh comhaontú ranníocaíochta sínithe agus cistí ainmnithe STA aistrithe go hiomlán agus go neamh-inchúlghairthe chuig an gComhghnóthas aige faoin 31 Lúnasa 2026 ar a dhéanaí, measfar go mbeidh an sprioc-am a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/241 comhlíonta ag an mBallstát. Arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, dámhfaidh an Comhghnóthas Séala EuroHPC um Intleacht Shaorga agus Bonneagar Ríomhaireachta don bhonneagar ardfhorbartha úrscothach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar an gcoinníoll go mbeidh leibhéal feidhmíochta bainte amach aici atá coibhéiseach ar a laghad le haon cheann de shár-ríomhairí seanbhunaithe EuroHPC, lena n-áirítear monarchana IS. Na bonneagair sin dar dámhadh Séala EuroHPC um Intleacht Shaorga agus Bonneagar Ríomhaireachta, déanfaidh an Comhghnóthas iad a chónascadh agus a líonrú le bonneagair IS, ríomhaireachta nó chandamacha EuroHPC, de réir mar is iomchuí. Féadfaidh an Ballstát cinneadh a dhéanamh aga rochtana a thabhairt don Chomhghnóthas ina mbeidh rochtain aige ar na bonneagair arna gcistiú i gcomhréir leis an mír seo. Ní chuirfear na ranníocaíochtaí sin san áireamh agus an ranníocaíocht dá dtagraítear in Airteagal 5(1) á ríomh. An t-aga rochtana sin arna thabhairt ag an mBallstát, déanfaidh an Comhghnóthas é a bhainistiú mar chuid d’aga rochtana an Aontais.
|
|
Airteagal 12b 10.
|
Féadfaidh Ballstáit aga rochtana a thabhairt don Chomhghnóthas ar cheann amháin nó níos mó dá sár-ríomhairí EuroHPC, dá monarchana IS nó dá ngigeamhonarchana IS trí shocrú riaracháin, lena saineofar sciar an aga rochtana a dheonaítear agus fad an ama sin. Beidh aga rochtana den sórt sin ina aga rochtana de chuid an Aontais agus bainfear úsáid as go príomha chun rochtain a thabhairt do ghnólachtaí nuathionscanta agus FBManna le haghaidh a ngníomhaíochtaí taighde nó nuálaíochta. Ní chuirfear an méid sin san áireamh mar ranníocaíochtaí comhchineáil ó na Ballstáit.
|
|
Airteagal 12b 11.
|
An t-aga rochtana sin a thabharfar don Aontas i dtaca le ceann amháin nó níos mó de mhonarchana IS EuroHPC de chuid Bhallstáit nó de ghigeamhonarchana IS EuroHPC de chuid Bhallstáit, féadfar é a úsáid chun rochtain in aisce a thabhairt do na tionscadail Eorpacha lena bhforbraítear samhlacha oscailte ceannródaíocha IS a chuireann go mór leis an nuálaíocht, agus roghnófar iad sin trí chomórtas oscailte uile-Aontais arna eagrú ag an gComhghnóthas. Cuirfear samhlacha oscailte den sórt sin ar fáil go forleathan d’údaráis phoiblí ar fud na hEorpa agus do phobail eolaíochta agus ghnó na hEorpa. Féadfaidh na Ballstáit an iarracht sin a chomhlánú trí aga rochtana breise a thabhairt don Chomhghnóthas le haghaidh na dtionscadal sin lena mbaineann breisluach Eorpach. Ní chuirfear aga rochtana den sórt sin san áireamh mar ranníocaíochtaí comhchineáil ó na Ballstáit.
|
|
Airteagal 12b 12.
|
Beidh úinéireacht ag an gComhghnóthas ar an gcuid sin de bhonneagar ríomhaireachta na gigeamhonarchan IS a fhreagraíonn do ranníocaíocht an Aontais leis an gcaiteachas caipitiúil, dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6, ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad ón tráth a chuirfear tús le hoibríochtaí na gigeamhonarchan IS arna sonrú a thuilleadh sa Chomhaontú Óstála gigeamhonarchan IS. De rogha air sin, i gcás ina ndéanfar ranníocaíocht an Aontais i bhfoirm ceannach ráthaithe réamhaontaithe aga rochtana ar ghigeamhonarcha IS dá dtagraítear i mír 5, is é 5 bliana ar a laghad a bheidh sa tréimhse a shonrófar a thuilleadh sa Chomhaontú Óstála gigeamhonarchan IS. I gceachtar cás, cuirfear síneadh leis an tréimhse sin i gcás ina ndéanfar uasghrádú substaintiúil ar bhonneagar ríomhaireachta na gigeamhonarchan IS. Gan dochar d’fhoirceannadh an Chomhghnóthais, dá dtagraítear in Airteagal 23(4) de na Reachtanna, aistreofar an úinéireacht i gcomhréir leis an gComhaontú Óstála gigeamhonarchan IS nó cuirfear síneadh léi ar feadh tréimhse chomhaontaithe faoi na coinníollacha arna sonrú sa Chomhaontú Óstála gigeamhonarchan IS. I gcás ina ndéanfar an úinéireacht a aistriú chuig an gCuibhreannas gigeamhonarchan IS, tiontófar luach iarmharach bhonneagar ríomhaireachta na gigeamhonarchan IS ina aga rochtana coibhéiseach don Aontas. Mura n-aistrítear an úinéireacht chuig an gCuibhreannas gigeamhonarchan IS i gcomhréir leis an gComhaontú Óstála, agus má dhéantar cinneadh maidir le díchoimisiúnú, is é an Cuibhreannas gigeamhonarchan IS a íocfaidh na costais ábhartha.
|
|
Airteagal 12b 13.
|
Beidh aga rochtana an Aontais agus na Stát Rannpháirteach i nGigeamhonarcha IS i gcomhréir dhíreach lena ranníocaíochtaí airgeadais faoi seach le caiteachas caipitiúil bhonneagar ríomhaireachta na gigeamhonarchan IS, nó le ceannach ráthaithe réamhaontaithe an aga rochtana ar an ngigeamhonarcha IS.
|
|
Airteagal 12b 14.
|
Cinnfidh Bord Rialaithe an Chomhghnóthais:
(a)
na coinníollacha a bhaineann le haga rochtana an Aontais i leith na gigeamhonarchana IS;
(b)
rialacha sonracha maidir le coinníollacha na rochtana ar ghigeamhonarchana IS, a bhaineann le leithdháileadh aga rochtana an Aontais i dtaca le tionscadail agus gníomhaíochtaí a mheastar a bheith straitéiseach don Aontas;
(c)
rialacha sonracha maidir le coinníollacha na rochtana ar ghigeamhonarchana IS, a bhaineann le leithdháileadh aga rochtana an Aontais i dtaca le tionscadail agus gníomhaíochtaí a bhaineann le slándáil.
|
|
Airteagal 12b 15.
|
Agus coinníollacha aga rochtana an Aontais á gcinneadh de bhun mhír 14, áiritheoidh an Bord Rialaithe an méid seo a leanas maidir leis an rochtain:
(a)
deonófar í d’úsáideoirí atá ina gcónaí, bunaithe nó lonnaithe i mBallstát nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár don Eoraip Dhigiteach, le Fís Eorpach nó leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa;
(b)
beidh sí saor in aisce: d’úsáideoirí ó eintitis atá faoi rialú an dlí phoiblí; d’úsáideoirí tionsclaíocha le haghaidh feidhmchláir a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta arna gcistiú ag Fís Eorpach, ag an gClár don Eoraip Dhigiteach nó ag an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus dóibh siúd ar bronnadh Séala Barr Feabhais orthu faoin gclár Fís Eorpach nó faoin gClár don Eoraip Dhigiteach; agus do ghníomhaíochtaí nuálaíochta príobháideacha FBManna agus gnólachtaí atá ag méadú;
(c)
cuimseofar léi acmhainní ríomhaireachta forchoimeádta go sonrach le haghaidh tionscadail taighde agus nuálaíochta arna gcistiú ag an Aontas, lena n-áirithítear infhaighteacht ráthaithe agus tosaíocht sceidealaithe.
|
|
Airteagal 12b 16.
|
Déanfaidh an Bord Rialaithe faireachán ar an sciar d’aga rochtana an Aontais le haghaidh na gcineálacha éagsúla úsáideoirí dá dtagraítear i mír 15, pointe (a). I gcásanna ina bhfuil éagothroime shuntasach i dtaobh sciartha an aga rochtana atá ag cineálacha éagsúla úsáideoirí i gcomparáid leis an éileamh, déanfaidh an Bord Rialaithe gníomh ceartaitheach iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an éagothroime sin.
|
|
Airteagal 12b 17.
|
Beidh na ranníocaíochtaí ón Aontas agus ó na Stáit Rannpháirteacha faoi réir coinníollacha lena n-áiritheofar cosaint leasanna straitéiseacha an Aontais. Déanfar na coinníollacha sonracha dá dtagraítear sa mhír seo a leagan síos i gComhaontú Óstála gigeamhonarchan IS tiomnaithe. Is le dlí an Aontais a rialófar an Comhaontú Óstála gigeamhonarchan IS, agus é á fhorlíonadh, i gcás aon ábhar nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo nó le gníomhartha dlíthiúla eile de chuid an Aontais, le dlí an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas óstála bunaithe. Déanfar an méid a leanas leis an gComhaontú Óstála gigeamhonarchan IS:
(a)
struchtúr úinéireachta agus rialachais na gigeamhonarchan IS a leagan amach go mion;
(b)
forálacha a áireamh lena n-áiritheofar grinnscrúdú agus rialú éifeachtach comhréireach an Aontais ar an ngigeamhonarcha IS chun sócmhainní, leasanna, uathriail nó slándáil straitéiseach an Aontais a chosaint;
(c)
sonrú ar ranníocaíochtaí airgeadais an Aontais, na Stát Rannpháirteach agus chomhpháirtithe poiblí nó príobháideacha an Chuibhreannais gigeamhonarchan IS, lena n-áirítear an t-aga rochtana ráthaithe ar an ngigeamhonarcha IS dá dtagraítear i mír 13, de réir mar is iomchuí, agus ar fhad an aga sin;
(d)
sonrú, más iomchuí, ar aon leas atá ag an Aontas a eascraíonn as aon infheistíocht de chuid an Aontais a rialaítear le comhaontuithe infheistíochta sonracha idir an Cuibhreannas gigeamhonarchan IS agus InvestEU;
(e)
na coinníollacha incháilitheachta a leagan amach d’úsáideoirí na gigeamhonarchan IS nach úsáideoirí de chuid an Aontais iad, a chomhlíonfaidh na coinníollacha céanna leis na coinníollacha incháilitheachta a shonraítear i mír 3;
(f)
na coinníollacha mionsonraithe a leagan amach maidir le rochtain d’úsáideoirí de chuid an Aontais ar an ngigeamhonarchan IS agus socraithe cuntasaíochta na n-agaí rochtana ar sheirbhísí na gigeamhonarchan IS;
(g)
cáilíocht na seirbhíse arna tairgeadh d’úsáideoirí an Chomhghnóthais le linn dóibh gigeamhonarcha IS a oibriú a leagan amach, faoi mar a leagtar síos sa chomhaontú ar leibhéal seirbhíse a áirítear sa Chomhaontú Óstála gigeamhonarchan IS;
(h)
na socraithe a leagan amach maidir le fáil, oibriú agus úsáid bhonneagar sonraí agus ríomhaireachta na gigeamhonarchan IS, lena n-áirítear riachtanais úsáideoirí ón earnáil phoiblí, i gcás inarb iomchuí, agus, i gcás ina n-áirítear soláthróir bonneagair teicneolaíochta amháin nó níos mó sa Chuibhreannas gigeamhonarchan IS, áireofar soláthar coimircí feabhsaithe coinbhleachta leasa a bhaineann leis na soláthróirí sin;
(i)
na coinníollacha maidir le haistriú na húinéireachta dá dtagraítear i mír 12 a liostú, i gcás inarb iomchuí;
(j)
mionsonrú ar an síneadh arna chur leis an úinéireacht nó leis an aga rochtana ceannaithe ráthaithe réamhaontaithe agus ar na coinníollacha céimnithe amach le haghaidh na gigeamhonarchan IS, i gcás inarb iomchuí;
(k)
na coinníollacha dliteanais maidir le hoibriú na gigeamhonarchan IS a liostú, i gcás inarb iomchuí;
(l)
sonrú ar an oibleagáid atá ar eintiteas óstála na gigeamhonarchan IS tuarascáil iniúchóireachta agus sonraí maidir leis an úsáid a baineadh as aga rochtana an Aontais sa bhliain airgeadais roimhe sin a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe faoin 31 Eanáir gach bliain;
(m)
beidh clásal eadrána iontu, de réir bhrí Airteagal 272 CFAE, lena ndeonaítear dlínse ar gach ábhar a chumhdaítear leis an gComhaontú Óstála do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
|
|
Airteagal 12b 18.
|
Áireofar sa ghigeamhonarcha IS comhlacht rialachais phoiblí atá comhdhéanta d’ionadaithe ón gCoimisiún agus ó na Stáit Rannpháirteacha a sholáthraíonn cistiú poiblí don ghigeamhonarcha IS shonrach. Déanfar comhdhéanamh agus socraithe oibre an chomhlachta rialachais phoiblí sin a shonrú sa Chomhaontú Óstála gigamhonarchan IS. Gan dochar do bhainistiú agus neamhspleáchas oibríochtúil an Chuibhreannais ghigeamhonarchan IS, beidh gá le formheas sainráite roimh ré ón gcomhlacht rialachais phoiblí ainmnithe i dtaca leis na gnéithe seo a leanas:
(a)
aon chomhaontú rochtana atá beartaithe le heintitis ó thríú tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhair imní maidir le sócmhainní straitéiseacha, leasanna, uathriail nó slándáil an Aontais;
(b)
athruithe substaintiúla ar an struchtúr dlíthiúil agus airgeadais nó ar an rialú dlíthiúil agus airgeadais na gigeamhonarchan IS a imríonn tionchar ar leasanna an Aontais nó ar leasanna na Stát Rannpháirteach, mar shampla athrú ar úinéireacht nó ar rialú deiridh, aon athlonnú sócmhainní criticiúla lasmuigh den Aontas nó mórchinntí maidir le hathstruchtúrú airgeadais;
(c)
athrú suntasach ar chuspóir straitéiseach na gigeamhonarchan IS.
|
|
Airteagal 12b 19.
|
Tar éis glao ar léiriú spéise, roghnóidh Bord Rialaithe an Chomhghnóthais Cuibhreannas gigeamhonarchan IS trí phróiseas cothrom trédhearcach, le tacaíocht ó phainéal saineolaithe neamhspleácha agus ó institiúid airgeadais chreidiúnaithe arna gceapadh ag an mBord Rialaithe don mheastóireacht, bunaithe, inter alia, ar na critéir seo a leanas:
(a)
meastóireacht theicniúil:
(i)
cuspóirí agus cáilíocht theicniúil an togra;
(ii)
cáilíocht an phlean oibre;
(iii)
cáilíocht an bhonneagair fhisiciúil, TF agus líonrúcháin;
(iv)
cáilíocht seirbhíse, lena n-áirítear slándáil agus iontaofacht;
(v)
inbhuanaitheacht agus éifeachtúlacht fuinnimh;
(vi)
taithí agus fios gnó cuibhreannais ar shaoráidí mórscála comhchosúla a bhunú;
(b)
tionchar féideartha:
(i)
tionchar ar éiceachóras IS na hEorpa, lena n-áirítear a iomaíochas agus a linn tallainne;
(ii)
breisluach an Aontais, lena n-áirítear rannchuidiú le huathriail straitéiseach agus ceannasacht theicneolaíoch;
(c)
féidearthacht airgeadais:
(i)
gealltanas infheistíochta an Chuibhreannais gigeamhonarchan IS;
(ii)
cáilíocht agus inmharthanacht airgeadais na samhla gnó atá beartaithe lena n-áirítear dícheall cuí atá le déanamh ag an institiúid airgeadais chreidiúnaithe ceaptha.
|
|
Airteagal 12b 20.
|
I gcás nach n-áirítear sa Chuibhreannas soláthróir bonneagair teicneolaíochta amháin nó níos mó, roghnóidh an Cuibhreannas gigeamhonarchan IS soláthróirí na gigeamhonarchan IS bunaithe ar shonraíochtaí tairisceana cothroma trédhearcacha lena gcuirfear san áireamh sonraíochtaí ginearálta an chórais, agus go háirithe na ceanglais úsáideora ón earnáil phoiblí, arna soláthar ag an gComhghnóthas sa ghlao ar léiriú spéise agus arna sonrú a thuilleadh sa Chomhaontú Óstála gigeamhonarchan IS. Beidh an roghnúchán bunaithe ar chritéir chothroma, oscailte agus thrédhearcacha, agus áiritheofar breisluach an Aontais leis freisin agus tabharfar aghaidh ar shlándáil agus athléimneacht an tslabhra soláthair. Comhlíonfaidh na tairgeoirí roghnaithe na coinníollacha incháilitheachta a shonraítear i mír 3.
|
|
Airteagal 12b 21.
|
Féadfaidh an Comhghnóthas creatchonarthaí a bhunú chun comhpháirteanna fíor-riachtanacha agus ardéilimh a sholáthar, ar nós ardphróiseálaithe intleachta saorga. Féadfaidh na Cuibhreannais gigeamhonarchan IS na creatchonarthaí dá dtagraítear sa mhír seo a úsáid chun iad a sholáthar.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1173
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|