|
+Airteagal 12b 15. |
Airteagal 12b 15.Agus coinníollacha aga rochtana an Aontais á gcinneadh de bhun mhír 14, áiritheoidh an Bord Rialaithe an méid seo a leanas maidir leis an rochtain:
(a)
deonófar í d’úsáideoirí atá ina gcónaí, bunaithe nó lonnaithe i mBallstát nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár don Eoraip Dhigiteach, le Fís Eorpach nó leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa;
(b)
beidh sí saor in aisce: d’úsáideoirí ó eintitis atá faoi rialú an dlí phoiblí; d’úsáideoirí tionsclaíocha le haghaidh feidhmchláir a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta arna gcistiú ag Fís Eorpach, ag an gClár don Eoraip Dhigiteach nó ag an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus dóibh siúd ar bronnadh Séala Barr Feabhais orthu faoin gclár Fís Eorpach nó faoin gClár don Eoraip Dhigiteach; agus do ghníomhaíochtaí nuálaíochta príobháideacha FBManna agus gnólachtaí atá ag méadú;
(c)
cuimseofar léi acmhainní ríomhaireachta forchoimeádta go sonrach le haghaidh tionscadail taighde agus nuálaíochta arna gcistiú ag an Aontas, lena n-áirithítear infhaighteacht ráthaithe agus tosaíocht sceidealaithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|