+Airteagal 16 Sár-ríomhairí EuroHPC a úsáid
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 1a.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 2a.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
---+Airteagal 16 5.

Airteagal 16 Sár-ríomhairí EuroHPC a úsáid

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16 1.
Gan dochar d’Airteagal 17(9), beidh cead ag úsáideoirí as na hearnálacha poiblí agus príobháideacha úsáid a bhaint as sár-ríomhairí EuroHPC. Seachas na sár-ríomhairí EuroHPC de ghrád tionsclaíoch, úsáidfear sár-ríomhairí EuroHPC go príomha chun críoch taighde agus nuálaíochta a thagann faoi chláir chistiúcháin phoiblí, le haghaidh fheidhmchláir na hearnála poiblí agus le haghaidh gníomhaíochtaí nuálacha príobháideacha FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá ag méadú, i gcás inarb iomchuí.
Airteagal 16 1a.
Úsáidfear na sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS agus na sár-ríomhairí EuroHPC arna n-uasghrádú le haghaidh chumais IS go príomha chun samhlacha oiliúna mórscála ilchuspóireacha IS agus feidhmeanna IS atá ag teacht chun cinn a fhorbairt, a thástáil, a mheas agus a bhailíochtú, chomh maith le forbairt bhreise a dhéanamh ar réitigh IS san Aontas a éilíonn Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus algartaim IS a fhorghníomhú chun fadhbanna eolaíochta a réiteach.
Airteagal 16 2.
Saineoidh an Bord Rialaithe na coinníollacha ginearálta rochtana maidir leis na sár-ríomhairí EuroHPC a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 17 agus féadfaidh sé na coinníollacha sonracha rochtana a shainiú le haghaidh cineálacha difriúla úsáideoirí nó feidhmeanna. Beidh slándáil agus cáilíocht na seirbhíse mar an gcéanna do gach úsáideoir laistigh de gach catagóir úsáideora, ach amháin i gcás na sár-ríomhairí EuroHPC de ghrád tionsclaíoch, a gcomhlíonfaidh slándáil agus cáilíocht a seirbhíse ceanglais tionsclaíochta, i gcomhréir le hAirteagal 13(1).
Airteagal 16 2a.
Saineoidh an Bord Rialaithe coinníollacha speisialta rochtana do na sár-ríomhairí arna mbarrfheabhsú le IS agus do shár-ríomhairí EuroHPC arna n-uasghrádú le haghaidh cumais IS i gcomhréir le hAirteagal 17, agus riachtanais shonracha éiceachóras na ngnólachtaí nuathionscanta i réimse IS agus éiceachóras an taighde agus na nuálaíochta á gcur san áireamh. Áireofar leis sin rochtain thiomnaithe ar ghnólachtaí nuathionscanta agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Ní bheidh ach tograí chun samhlacha, córais agus feidhmeanna IS iontaofa eiticiúil a fhorbairt atá i gcomhréir le luachanna an Aontais incháilithe le haghaidh rochtana.
Airteagal 16 3.
Maidir le húsáideoirí atá ina gcónaí, bunaithe nó lonnaithe i mBallstát nó i dtríú tír atá comhlachaithe le Fís 2020, deonófar rochtain dóibh ar sciar an Aontais d’aga rochtana ar na sár-ríomhairí a fuair an Comhghnóthas EuroHPC a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1488.
Airteagal 16 4.
Maidir le húsáideoirí atá ina gcónaí, bunaithe nó lonnaithe i mBallstát nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár don Eoraip Dhigiteach nó le Fís Eorpach, deonófar sciar an Aontais den aga rochtana dóibh ar shár-ríomhairí EuroHPC arna bhfáil tar éis 2020.
Airteagal 16 5.
I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ag cur leasanna an Aontais san áireamh, cinnfidh an Bord Rialaithe aga rochtana ar shár-ríomhairí EuroHPC a dheonú d’eintitis atá ina gcónaí, bunaithe nó lonnaithe in aon tríú tír agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1173
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.