4. I gcás ina ndéantar na muirir uasta faoi Airteagail 8 go 11 a ainmniú in airgeadraí seachas an euro, déanfar na luachanna a chinneadh sna hairgeadraí sin trí mheán na rátaí malairte tagartha a fhoilsíonn an Banc Ceannais Eorpach an 15 Eanáir, an 15 Feabhra agus an 15 Márta sa bhliain féilire ábhartha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm. I gcás na muirear uasta, déanfar na teorainneacha in airgeadraí seachas an euro a athbhreithniú ar bhonn bliantúil amhail ó 2023. Beidh feidhm ag na teorainneacha arna n-athbhreithniú go bliantúil sna hairgeadraí sin ón 15 Bealtaine.