1. Gan dochar don tríú fomhír, i gcás ina gcuireann soláthraí seirbhísí fánaíochta formhuirear i bhfeidhm maidir le tomhaltas seirbhísí fánaíochta miondíola rialáilte atá sa bhreis ar aon teorainneacha a shocraítear leis an mbeartas maidir le húsáid chóir, comhlíonfaidh sé na ceanglais seo a leanas, gan CBL a áireamh:
|
(a)
|
aon fhormhuirear atá i bhfeidhm chun glaonna fánaíochta rialáilte a dhéanamh, teachtaireachtaí SMS fánaíochta rialáilte a sheoladh agus seirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte, ní rachaidh sé thar an muirear uasta mórdhíola dá bhforáiltear in Airteagal 9(2), Airteagal 10(1) agus Airteagal 11(1), faoi seach;
|
|
(b)
|
aon fhormhuirear atá i bhfeidhm maidir le glaonna fánaíochta rialáilte a fhaightear, ní rachaidh sé thar na huasrátaí foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste arna socrú don bhliain sin i gcomhréir le hAirteagal 75(1) de Threoir (AE) 2018/1972.
|
Maidir leis an gcéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo, i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, tar éis dó athbhreithniú a dhéanamh ar an ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 75(1) de Threoir (AE) 2018/1972, nach bhfuil gá a thuilleadh le ráta foirceanta uile-Aontais do ghuthghlaonna a shocrú agus i gcás ina gcinnfidh sé gan uasráta foirceanta do ghuthghlaonna a fhorchur, ní rachaidh aon fhormhuirear a chuirfear i bhfeidhm le haghaidh glaonna fánaíochta rialáilte a fhaightear thar an ráta a shocraítear leis an ngníomh tarmligthe is déanaí arna ghlacadh de bhun Airteagal 75 den Treoir sin.
Ní chuirfidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta aon fhormhuirear i bhfeidhm maidir le teachtaireacht SMS fánaíochta rialáilte nó teachtaireacht ghlórphoist fánaíochta a gheofar. Ní dochar an méid sin d’aon mhuirir eile is infheidhme, amhail muirir chun éisteacht le teachtaireachtaí den sórt sin.
Déanfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta muirear a ghearradh ar ghlaonna fánaíochta a dhéantar agus a fhaightear in aghaidh an tsoicind. Féadfaidh na soláthraithe seirbhísí fánaíochta tréimhse íosta muirir tosaigh nach mó ná 30 soicind a chur i bhfeidhm maidir le glaonna a dhéantar. Gearrfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta muirear ar a gcustaiméirí as seirbhís fánaíochta rialáilte a sholáthar ar bhonn ráta in aghaidh an chilibhirt, seachas teachtaireachtaí MMS a bhféadfar muirear a ghearradh ina leith in aghaidh an aonaid. I gcás den sórt sin, an muirear fánaíochta miondíola a fhéadfaidh soláthraí seirbhísí fánaíochta a thobhach ar a chustaiméir seirbhísí fánaíochta as teachtaireacht MMS fánaíochta a tharchur nó a fháil, ní rachaidh sé thar an muirear uasta fánaíochta miondíola a leagtar amach do sheirbhísí fánaíochta sonraí rialáilte sa chéad fhomhír.