6. Glacfaidh soláthraithe seirbhísí fánaíochta na céimeanna réasúnacha uile chun a gcuid custaiméirí a chosaint ar mhuirir bhreise a íoc ar ghuthghlaonna agus ar theachtaireachtaí SMS as nascadh go neamhaireach le líonraí neamh-thrastíre poiblí soghluaiste, trína chur ar chumas custaiméirí seirbhísí fánaíochta, mar shampla, diúltú do nascadh le líonraí neamh-thrastíre. I gcás ina dtairgfear sásra den sórt sin um rogha an diúltaithe, beidh sé de cheart ag an gcustaiméir seirbhísí fánaíochta rogha a dhéanamh ag am ar bith, go héasca agus saor in aisce gan líonraí neamh-thrastíre a úsáid agus a iarraidh go ndéanfar an nasc leis na líonraí sin a athbhunú.