+Airteagal 21 Athbhreithniú
---+Airteagal 21 1
---+Airteagal 21 2
|
Airteagal 21 Athbhreithniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 21 1
|
1. Cuirfidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC, dhá thuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, mar aon le togra reachtach ina dhiaidh sin, más iomchuí, chun an Rialachán seo a leasú.
Déanfar an chéad tuarascáil sin a thíolacadh faoin 30 Meitheamh 2025 agus an dara ceann faoin 30 Meitheamh 2029.
Áireofar leis na tuarascálacha, inter alia, measúnú ar an méid seo a leanas:
|
(a)
|
an tionchar a bheidh ag feidhmiú céimneach agus ag cur chun feidhme na chéad ghlúine eile de líonraí agus teicneolaíochtaí cumarsáide soghluaiste ar an margadh fánaíochta;
|
|
(b)
|
éifeachtacht na n-oibleagáidí cáilíochta seirbhíse maidir le custaiméirí seirbhísí fánaíochta, infhaighteacht seirbhísí agus cáilíocht seirbhísí, lena n-áirítear na seirbhísí sin atá mar mhalairt ar sheirbhísí fánaíochta guthghlaonna, SMS agus sonraí rialáilte, go háirithe i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha agus i bhfianaise na rochtana ar theicneolaíochtaí agus glúnta líonra éagsúla;
|
|
(c)
|
an méid iomaíochta atá sa mhargadh fánaíochta miondíola agus sa mhargadh fánaíochta mórdhíola araon, go háirithe na rátaí mórdhíola iarbhír a íocann na hoibreoirí agus staid iomaíoch oibreoirí beaga, oibreoirí neamhspleácha nó oibreoirí atá díreach tar éis tosú, agus OLSFanna, lena n-áirítear na héifeachtaí iomaíochta a bhaineann le comhaontuithe fánaíochta mórdhíola tráchtála, trácht a thrádáiltear ar ardáin trádála agus ionstraimí comhchosúla agus an méid idirnasctha idir oibreoirí;
|
|
(d)
|
éabhlóid na fánaíochta meaisín le meaisín, lena n-áirítear fánaíocht ar ghléasanna IoT;
|
|
(e)
|
a mhéid a tháirg cur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 3, agus go háirithe, ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na húdaráis rialála náisiúnta, an nós imeachta i gcomhair udaruithe roimhe ré a leagtar síos in Airteagal 3(6), torthaí i bhforbairt na hiomaíochta sa mhargadh inmheánach do sheirbhísí fánaíochta rialáilte;
|
|
(f)
|
éabhlóid na bpleananna taraife miondíola atá ar fáil;
|
|
(g)
|
athruithe ar phatrúin tomhaltais sonraí i gcás seirbhísí baile agus seirbhísí fánaíochta araon, lena n-áirítear athruithe ar phatrúin taistil úsáideoirí deiridh Eorpacha de bharr imthosca amhail paindéimí, mar shampla COVID-19, nó tubaistí nádúrtha;
|
|
(h)
|
cumas oibreoirí líonra baile a samhail muirearaithe baile a chothú agus a mhéid a bheidh formhuirir fánaíochta miondíola eisceachtúla údaraithe de bhun Airteagal 6;
|
|
(i)
|
cumas oibreoirí an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air na costais a bhaineann le seirbhísí fánaíochta mórdhíola rialáilte a sholáthar arna dtabhú go héifeachtúil a aisghabháil, agus an fhaisnéis is déanaí maidir le himlonnú líonraí á cur san áireamh, mar aon le forbairtí ar acmhainneachtaí teicniúla, ar shamhlacha praghsála agus ar shrianta na líonraí, mar shampla an fhéidearthacht ríomhanna samhlacha costais a áireamh bunaithe ar an acmhainneacht seachas ar an tomhaltas;
|
|
(j)
|
tionchar chur i bhfeidhm beartas maidir le húsáid chóir ag oibreoirí, lena n-áirítear maidir le tomhaltas ag úsáideoirí deiridh, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 7, lena n-áirítear sainaithint aon neamhréireachtaí i gcur i bhfeidhm agus i gcur chun feidhme na mbeartas sin maidir le húsáid chóir; chomh maith le héifeachtacht agus comhréireacht chur i bhfeidhm ginearálta na mbeartas sin;
|
|
(k)
|
a mhéid a bhíonn fadhbanna ag custaiméirí agus oibreoirí seirbhísí fánaíochta i ndáil le seirbhísí breisluacha agus cur chun feidhme an bhunachair sonraí de raonta uimhrithe le haghaidh seirbhísí breisluacha a bhunaítear de bhun Airteagal 16, an chéad mhír, pointe (a);
|
|
(l)
|
cur i bhfeidhm bhearta an Rialacháin seo agus gearáin a bhaineann le húsáid cumarsáide éigeandála agus fánaíocht á déanamh;
|
|
(m)
|
gearáin a bhaineann le fánaíocht neamhaireach.
|
|
|
Airteagal 21 2
|
2. Chun measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí iomaíocha i margaí fánaíochta uile-Aontais, baileoidh BEREC sonraí ó údaráis rialála náisiúnta go tráthrialta faoi na forbairtí atá ann maidir le muirir mhiondíola agus mhórdhíola ar sheirbhísí fánaíochta guthghlaonna, SMS agus sonraí rialáilte, lena n-áirítear muirir mhórdhíola a chuirtear i bhfeidhm ar thrácht fánaíochta chothromaithe agus neamhchothromaithe faoi seach, ar thionchar fheidhmiú céimneach agus chur chun feidhme na chéad ghlúine eile de líonraí cumarsáide soghluaiste agus teicneolaíochtaí ar an margadh fánaíochta, ar úsáid ardán trádála agus ionstraimí comhchosúla, ar fhorbairt na fánaíochta meaisín le meaisín agus gléasanna IoT, agus ar a mhéid a chumhdaíonn comhaontuithe fánaíochta mórdhíola cáilíocht na seirbhíse agus a mhéid a thugann siad rochtain ar theicneolaíochtaí agus glúnta éagsúla líonra. I gcás inarb infheidhme, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta sonraí den sórt sin a sholáthar i gcomhar le húdaráis inniúla eile.
Baileoidh BEREC sonraí go rialta freisin ó údaráis rialála náisiúnta maidir le cur i bhfeidhm beartas maidir le húsáid chóir ag oibreoirí, forbairtí taraifí intíre amháin, cur i bhfeidhm na sásraí inbhuanaitheachta agus gearán faoin bhfánaíocht agus comhlíonadh na n-oibleagáidí cáilíochta seirbhíse. I gcás inarb iomchuí, comhordóidh na húdaráis rialála náisiúnta le húdaráis inniúla eile agus baileoidh siad sonraí den sórt sin ó údaráis den sórt sin. Déanfaidh BEREC faisnéis bhreise a bhailiú agus a sholáthar go rialta maidir le trédhearcacht, cur i bhfeidhm beart maidir le cumarsáid éigeandála, seirbhísí breisluacha agus fánaíocht ar líonraí neamh-thrastíre poiblí cumarsáide soghluaiste.
Baileoidh BEREC sonraí freisin maidir le comhaontuithe fánaíochta mórdhíola nach bhfuil faoi réir na muirear fánaíochta mórdhíola dá bhforáiltear in Airteagal 9, 10 nó 11 agus maidir le cur chun feidhme na mbeart conarthach ar an leibhéal mórdhíola atá dírithe ar chosc a chur ar bhuanfhánaíocht nó ar leas a bhaint as an rochtain ar fhánaíocht mhórdhíola, ar úsáid aimhrialta nó mí-úsáid í, chun críoch seachas chun seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar do chustaiméirí na soláthraithe seirbhísí fánaíochta fad atá na custaiméirí sin ag taisteal laistigh den Aontas ar bhonn tréimhsiúil.
Tabharfar fógra don Choimisiún faoi na sonraí arna mbailiú ag BEREC de bhun na míre seo uair sa bhliain ar a laghad. Déanfaidh an Coimisiún iad a chur ar fáil go poiblí.
Faoin 30 Meitheamh 2027, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil eatramhach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, bunaithe ar na sonraí arna mbailiú ag BEREC de bhun na míre seo, agus ina dhiaidh sin, más iomchuí, togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú.
Ar bhonn na sonraí arna mbailiú de bhun na míre seo, déanfaidh BEREC tuairisciú go rialta maidir le héabhlóid na bpatrún praghsála agus tomhaltais sna Ballstáit i gcás seirbhísí baile agus fánaíochta araon, éabhlóid na rátaí fánaíochta mórdhíola iarbhír i gcás trácht neamhchothromaithe idir soláthraithe seirbhísí fánaíochta, agus maidir leis an ngaol idir praghsanna miondíola, muirir mhórdhíola agus costais mhórdhíola ar sheirbhísí fánaíochta. Déanfaidh BEREC measúnú ar cé chomh dlúth a bhaineann na gnéithe sin lena chéile.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.04.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0612
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|