+Airteagal 21 1
|
Airteagal 21 1
1. Cuirfidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le BEREC, dhá thuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, mar aon le togra reachtach ina dhiaidh sin, más iomchuí, chun an Rialachán seo a leasú.
Déanfar an chéad tuarascáil sin a thíolacadh faoin 30 Meitheamh 2025 agus an dara ceann faoin 30 Meitheamh 2029.
Áireofar leis na tuarascálacha, inter alia, measúnú ar an méid seo a leanas:
|
(a)
|
an tionchar a bheidh ag feidhmiú céimneach agus ag cur chun feidhme na chéad ghlúine eile de líonraí agus teicneolaíochtaí cumarsáide soghluaiste ar an margadh fánaíochta;
|
|
(b)
|
éifeachtacht na n-oibleagáidí cáilíochta seirbhíse maidir le custaiméirí seirbhísí fánaíochta, infhaighteacht seirbhísí agus cáilíocht seirbhísí, lena n-áirítear na seirbhísí sin atá mar mhalairt ar sheirbhísí fánaíochta guthghlaonna, SMS agus sonraí rialáilte, go háirithe i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha agus i bhfianaise na rochtana ar theicneolaíochtaí agus glúnta líonra éagsúla;
|
|
(c)
|
an méid iomaíochta atá sa mhargadh fánaíochta miondíola agus sa mhargadh fánaíochta mórdhíola araon, go háirithe na rátaí mórdhíola iarbhír a íocann na hoibreoirí agus staid iomaíoch oibreoirí beaga, oibreoirí neamhspleácha nó oibreoirí atá díreach tar éis tosú, agus OLSFanna, lena n-áirítear na héifeachtaí iomaíochta a bhaineann le comhaontuithe fánaíochta mórdhíola tráchtála, trácht a thrádáiltear ar ardáin trádála agus ionstraimí comhchosúla agus an méid idirnasctha idir oibreoirí;
|
|
(d)
|
éabhlóid na fánaíochta meaisín le meaisín, lena n-áirítear fánaíocht ar ghléasanna IoT;
|
|
(e)
|
a mhéid a tháirg cur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear in Airteagal 3, agus go háirithe, ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na húdaráis rialála náisiúnta, an nós imeachta i gcomhair udaruithe roimhe ré a leagtar síos in Airteagal 3(6), torthaí i bhforbairt na hiomaíochta sa mhargadh inmheánach do sheirbhísí fánaíochta rialáilte;
|
|
(f)
|
éabhlóid na bpleananna taraife miondíola atá ar fáil;
|
|
(g)
|
athruithe ar phatrúin tomhaltais sonraí i gcás seirbhísí baile agus seirbhísí fánaíochta araon, lena n-áirítear athruithe ar phatrúin taistil úsáideoirí deiridh Eorpacha de bharr imthosca amhail paindéimí, mar shampla COVID-19, nó tubaistí nádúrtha;
|
|
(h)
|
cumas oibreoirí líonra baile a samhail muirearaithe baile a chothú agus a mhéid a bheidh formhuirir fánaíochta miondíola eisceachtúla údaraithe de bhun Airteagal 6;
|
|
(i)
|
cumas oibreoirí an líonra a bhfuil cuairt á tabhairt air na costais a bhaineann le seirbhísí fánaíochta mórdhíola rialáilte a sholáthar arna dtabhú go héifeachtúil a aisghabháil, agus an fhaisnéis is déanaí maidir le himlonnú líonraí á cur san áireamh, mar aon le forbairtí ar acmhainneachtaí teicniúla, ar shamhlacha praghsála agus ar shrianta na líonraí, mar shampla an fhéidearthacht ríomhanna samhlacha costais a áireamh bunaithe ar an acmhainneacht seachas ar an tomhaltas;
|
|
(j)
|
tionchar chur i bhfeidhm beartas maidir le húsáid chóir ag oibreoirí, lena n-áirítear maidir le tomhaltas ag úsáideoirí deiridh, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 7, lena n-áirítear sainaithint aon neamhréireachtaí i gcur i bhfeidhm agus i gcur chun feidhme na mbeartas sin maidir le húsáid chóir; chomh maith le héifeachtacht agus comhréireacht chur i bhfeidhm ginearálta na mbeartas sin;
|
|
(k)
|
a mhéid a bhíonn fadhbanna ag custaiméirí agus oibreoirí seirbhísí fánaíochta i ndáil le seirbhísí breisluacha agus cur chun feidhme an bhunachair sonraí de raonta uimhrithe le haghaidh seirbhísí breisluacha a bhunaítear de bhun Airteagal 16, an chéad mhír, pointe (a);
|
|
(l)
|
cur i bhfeidhm bhearta an Rialacháin seo agus gearáin a bhaineann le húsáid cumarsáide éigeandála agus fánaíocht á déanamh;
|
|
(m)
|
gearáin a bhaineann le fánaíocht neamhaireach.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 13.04.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0612
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|