3. I gcás ina n-ainmníonn soláthraí seirbhíse roinnt bunaíochtaí ainmnithe nó ina ndéanann soláthraí seirbhíse roinnt ionadaithe dlíthiúla a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 3(1), áiritheoidh na Ballstáit go sonróidh na soláthraithe seirbhíse sin, san fhógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, an raon feidhme críochach beacht maidir le hainmniú nó maidir le ceapadh na mbunaíochtaí ainmnithe nó na n-ionadaithe dlíthiúla sin. Sonrófar san fhógra an teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Aontais nó na mBallstát inar féidir dul i dteagmháil le gach ceann de na bunaíochtaí ainmnithe nó na hionadaithe dlíthiúla.