+Airteagal 4 Fógraí agus teangacha
---+Airteagal 4 1
---+Airteagal 4 2
---+Airteagal 4 3
---+Airteagal 4 4
|
Airteagal 4 Fógraí agus teangacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gach soláthraí seirbhíse atá bunaithe nó a thairgeann seirbhísí ina gcríoch fógra i scríbhinn a thabhairt d’údarás lárnach, arna ainmniú de bhun Airteagal 6, an Bhallstáit ina bhfuil a bhunaíocht ainmnithe bunaithe nó ina bhfuil cónaí ar a ionadaí dlíthiúil, faoi shonraí teagmhála na bunaíochta nó an ionadaí dhlíthiúil sin, agus faoi aon athruithe a dhéantar ina leith.
|
|
Airteagal 4 2
|
2. Sonrófar san fhógra dá dtagraítear i mír 1 an teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Aontais, dá dtagraítear i Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle (15), inar féidir dul i dteagmháil leis an ionadaí dlíthiúil nó leis an mbunaíocht ainmnithe. Áireofar ar na teangacha sin ceann amháin nó níos mó de na teangacha oifigiúla mar a leagtar síos i ndlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an bhunaíocht ainmnithe bunaithe nó ina bhfuil cónaí ar an ionadaí dlíthiúil.
|
|
Airteagal 4 3
|
3. I gcás ina n-ainmníonn soláthraí seirbhíse roinnt bunaíochtaí ainmnithe nó ina ndéanann soláthraí seirbhíse roinnt ionadaithe dlíthiúla a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 3(1), áiritheoidh na Ballstáit go sonróidh na soláthraithe seirbhíse sin, san fhógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, an raon feidhme críochach beacht maidir le hainmniú nó maidir le ceapadh na mbunaíochtaí ainmnithe nó na n-ionadaithe dlíthiúla sin. Sonrófar san fhógra an teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Aontais nó na mBallstát inar féidir dul i dteagmháil le gach ceann de na bunaíochtaí ainmnithe nó na hionadaithe dlíthiúla.
|
|
Airteagal 4 4
|
4. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis a dtugtar fógra dóibh ina leith i gcomhréir leis an Airteagal seo a chur ar fáil don phobal ar leathanach tiomnaithe gréasáin de chuid an Ghréasáin Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair choiriúla. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar nuashonrú rialta ar an bhfaisnéis sin. Féadfar an fhaisnéis sin a scaipeadh tuilleadh chun rochtain ag na húdaráis inniúla uirthi a éascú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 28.07.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1544
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|