|
+Airteagal 4 5. |
Airteagal 4 5.Déanfaidh an Coimisiún measúnú go bhfuil rannchuidiú comhchoiteann na mBallstát comhionann, ar a laghad, le sprioc cheangailteach an Aontais de thomhaltas fuinnimh deiridh a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo. I gcás ina gcinneann an Coimisiún nach leor é, mar chuid dá mheasúnú ar na dréachtphleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe de bhun Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, nó faoin 1 Márta 2024 ar a dhéanaí, agus Cás Tagartha nuashonraithe AE 2020 á chur san áireamh de bhun na míre seo, cuirfidh an Coimisiún rannchuidiú táscach ceartaithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh tomhaltas fuinnimh deiridh faoi bhráid gach Ballstáit ar bhonn an mhéid seo a leanas:
(a)
an laghdú comhchoiteann atá fágtha ar thomhaltas fuinnimh deiridh a bhfuil gá leis chun sprioc cheangailteach an Aontais a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach;
(b)
déine choibhneasta gás ceaptha teasa in aghaidh an aonaid OTI in 2019 i measc na mBallstát lena mbaineann;
(c)
OTI na mBallstát sin in 2019. Sula gcuirfear an fhoirmle in Iarscríbhinn I i bhfeidhm don sásra a bhunaítear sa mhír seo agus faoin 30 Samhain 2023 ar a dhéanaí, tabharfaidh an Coimisiún Cás Tagartha AE 2020 cothrom le dáta ar bhonn na sonraí Eurostat is déanaí arna dtuairisciú ag na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 4(2), pointe (b), agus Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999. D’ainneoin Airteagal 37 den Treoir seo, déanfaidh na Ballstáit sin ar mian leo a rannchuidithe táscacha náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a nuashonrú de bhun mhír 2 den Airteagal seo, agus Cás Tagartha nuashonraithe AE 2020 á úsáid acu, fógra a thabhairt maidir lena rannchuidiú táscach náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh nuashonraithe faoin 1 Feabhra 2024 ar a dhéanaí. I gcás inar mian le Ballstát a rannchuidiú táscach náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a thabhairt cothrom le dáta, áiritheoidh sé nach mbeidh a rannchuidiú in Mtoe níos mó ná 2,5 % os cionn an mhéid a bheadh ann dá n-eascródh sé as an bhfoirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus úsáid á baint as Cás Tagartha nuashonraithe AE 2020. Na Ballstáit sin ar thíolaic an Coimisiún rannchuidiú táscach ceartaithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh dóibh, nuashonróidh siad a rannchuidithe táscacha náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh de bhun mhír 2 den Airteagal seo, leis an rannchuidiú táscach ceartaithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh don tomhaltas fuinnimh deiridh agus nuashonróidh siad freisin a gconair tháscach don rannchuidiú sin agus, i gcás inarb infheidhme, a mbearta breise, mar chuid de na nuashonruithe ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999. Ceanglóidh an Coimisiún ar na Ballstáit, i gcomhréir leis an Rialachán sin, a rannchuidiú táscach ceartaithe éifeachtúlachta fuinnimh agus, i gcás inarb infheidhme, a mbearta breise chun cur i bhfeidhm an tsásra a leagtar amach sa mhír seo a áirithiú, a thíolacadh gan mhoill. I gcás ina bhfuil fógra tugtha ag Ballstát faoi rannchuidiú táscach náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh tomhaltas fuinnimh deiridh in Mtoe atá cothrom leis an méid a bheadh ann dá n-eascródh sé as an bhfoirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó níos lú ná sin, ní leasóidh an Coimisiún an rannchuidiú sin. Agus an sásra a leagtar amach sa mhír seo á chur i bhfeidhm, áiritheoidh an Coimisiún nach mbeidh aon difríocht fágtha idir suim ranníocaíochtaí náisiúnta na mBallstát uile agus sprioc cheangailteach an Aontais a leagtar amach i mír 1. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|