+Airteagal 4 Spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 4 6.
---+Airteagal 4 7.

Airteagal 4 Spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1.
Áiritheoidh na Ballstáit i dteannta a chéile laghdú 11,7 % ar a laghad ar thomhaltas fuinnimh in 2030 i gcomparáid le réamh-mheastacháin Chás Tagartha AE 2020 ionas nach mó ná 787 Mtoe ar thomhaltas fuinnimh deiridh an Aontais. Déanfaidh na Ballstáit iarrachtaí rannchuidiú go comhpháirteach le sprioc tháscach an Aontais maidir le tomhaltas fuinnimh phríomhúil, is é sin nach mó ná 992,5 Mtoe in 2030 é an tomhaltas sin.
Airteagal 4 2.
Socróidh gach Ballstát rannchuidiú táscach náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh bunaithe ar thomhaltas fuinnimh deiridh chun sprioc cheangailteach an Aontais maidir le tomhaltas fuinnimh deiridh a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a bhaint amach, i dteannta a chéile, agus déanfaidh siad iarrachtaí rannchuidiú go comhpháirteach le sprioc tháscach an Aontais maidir le tomhaltas fuinnimh phríomhúil dá dtagraítear sa mhír sin. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rannchuidithe sin, mar aon le conair tháscach le haghaidh na rannchuidithe sin, mar chuid de na nuashonruithe ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, agus mar chuid dá bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 den Rialachán sin. Agus an méid sin á dhéanamh acu, cuirfidh na Ballstáit a rannchuidithe in iúl i dtéarmaí dearbhleibhéil tomhaltais fuinnimh phríomhúil in 2030. Agus a ranníocaíochtaí náisiúnta táscacha éifeachtúlachta fuinnimh á leagan síos acu, cuirfidh na Ballstáit na ceanglais a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo san áireamh agus míneoidh siad cén chaoi, agus na sonraí arb ar a mbonn a rinneadh na rannchuidithe a ríomh. Chuige sin, féadfaidh siad an fhoirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo a úsáid.

Soláthróidh na Ballstáit sciartha tomhaltais fuinnimh phríomhúil agus tomhaltais fuinnimh deiridh na n-earnálacha críochúsáide fuinnimh, mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008, lena n-áirítear earnálacha tionscail, cónaithe, seirbhísí agus iompair, ina rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh náisiúnta. Tabharfaidh na Ballstáit le fios freisin réamh-mheastacháin maidir le tomhaltas fuinnimh ó thaobh TFC de.

Airteagal 4 3.

Agus a rannchuidithe táscacha náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh dá dtagraítear i mír 2 á socrú acu, cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas san áireamh:

(a) 

sprioc an Aontais maidir le tomhaltas fuinnimh deiridh do 2030 nach mbeidh níos mó ná 763 Mtoe ann agus an sprioc maidir le tomhaltas fuinnimh phríomhúil nach mbeidh níos mó ná 992,5 Mtoe ann dá bhforáiltear i mír 1;

(b) 

na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo;

(c) 

bearta eile chun an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn laistigh de na Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais;

(d) 

aon tosca ábhartha a dhéanann difear d’iarrachtaí éifeachtúlachta:

(i) 

iarrachtaí agus gníomhaíochtaí luatha san éifeachtúlacht fuinnimh;

(ii) 

dáileadh cothrom na n-iarrachtaí ar fud an Aontais;

(iii) 

déine fuinnimh an gheilleagair;

(iv) 

an acmhainneacht chostéifeachtach chaomhnaithe fuinnimh atá ann fós;

(e) 

cúinsí náisiúnta eile a dhéanann difear do thomhaltas fuinnimh, go háirithe:

(i) 

athruithe ar an OTI, athruithe déimeagrafacha agus réamhthuar ina leith;

(ii) 

athruithe ar allmhairithe agus ar onnmhairithe fuinnimh, forbairtí i meascán fuinnimh agus breoslaí inbhuanaithe a chur in úsáid;

(iii) 

forbairt gach foinse fuinnimh in-athnuaite, fuinneamh núicléach, gabháil agus stóráil carbóin;

(iv) 

dícharbónú tionscal dianfhuinnimh;

(v) 

leibhéal na huaillmhéine sna pleananna náisiúnta maidir le dícharbónú nó aeráidneodracht;

(vi) 

poitéinseal eacnamaíoch na coigilte fuinnimh;

(vii) 

na dálaí aeráide atá ann faoi láthair agus an réamhthuar don athrú aeráide.

Airteagal 4 4.
Agus na ceanglais a leagtar amach i mír 3 á gcur i bhfeidhm, áiritheoidh Ballstát nach mbeidh a rannchuidiú in Mtoe níos mó ná 2,5 % os cionn an mhéid a bheadh ann de thoradh na foirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
Airteagal 4 5.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú go bhfuil rannchuidiú comhchoiteann na mBallstát comhionann, ar a laghad, le sprioc cheangailteach an Aontais de thomhaltas fuinnimh deiridh a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo. I gcás ina gcinneann an Coimisiún nach leor é, mar chuid dá mheasúnú ar na dréachtphleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe de bhun Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, nó faoin 1 Márta 2024 ar a dhéanaí, agus Cás Tagartha nuashonraithe AE 2020 á chur san áireamh de bhun na míre seo, cuirfidh an Coimisiún rannchuidiú táscach ceartaithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh tomhaltas fuinnimh deiridh faoi bhráid gach Ballstáit ar bhonn an mhéid seo a leanas:

(a) 

an laghdú comhchoiteann atá fágtha ar thomhaltas fuinnimh deiridh a bhfuil gá leis chun sprioc cheangailteach an Aontais a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach;

(b) 

déine choibhneasta gás ceaptha teasa in aghaidh an aonaid OTI in 2019 i measc na mBallstát lena mbaineann;

(c) 

OTI na mBallstát sin in 2019.

Sula gcuirfear an fhoirmle in Iarscríbhinn I i bhfeidhm don sásra a bhunaítear sa mhír seo agus faoin 30 Samhain 2023 ar a dhéanaí, tabharfaidh an Coimisiún Cás Tagartha AE 2020 cothrom le dáta ar bhonn na sonraí Eurostat is déanaí arna dtuairisciú ag na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 4(2), pointe (b), agus Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999.

D’ainneoin Airteagal 37 den Treoir seo, déanfaidh na Ballstáit sin ar mian leo a rannchuidithe táscacha náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a nuashonrú de bhun mhír 2 den Airteagal seo, agus Cás Tagartha nuashonraithe AE 2020 á úsáid acu, fógra a thabhairt maidir lena rannchuidiú táscach náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh nuashonraithe faoin 1 Feabhra 2024 ar a dhéanaí. I gcás inar mian le Ballstát a rannchuidiú táscach náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a thabhairt cothrom le dáta, áiritheoidh sé nach mbeidh a rannchuidiú in Mtoe níos mó ná 2,5 % os cionn an mhéid a bheadh ann dá n-eascródh sé as an bhfoirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus úsáid á baint as Cás Tagartha nuashonraithe AE 2020.

Na Ballstáit sin ar thíolaic an Coimisiún rannchuidiú táscach ceartaithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh dóibh, nuashonróidh siad a rannchuidithe táscacha náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh de bhun mhír 2 den Airteagal seo, leis an rannchuidiú táscach ceartaithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh don tomhaltas fuinnimh deiridh agus nuashonróidh siad freisin a gconair tháscach don rannchuidiú sin agus, i gcás inarb infheidhme, a mbearta breise, mar chuid de na nuashonruithe ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999. Ceanglóidh an Coimisiún ar na Ballstáit, i gcomhréir leis an Rialachán sin, a rannchuidiú táscach ceartaithe éifeachtúlachta fuinnimh agus, i gcás inarb infheidhme, a mbearta breise chun cur i bhfeidhm an tsásra a leagtar amach sa mhír seo a áirithiú, a thíolacadh gan mhoill.

I gcás ina bhfuil fógra tugtha ag Ballstát faoi rannchuidiú táscach náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh tomhaltas fuinnimh deiridh in Mtoe atá cothrom leis an méid a bheadh ann dá n-eascródh sé as an bhfoirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó níos lú ná sin, ní leasóidh an Coimisiún an rannchuidiú sin.

Agus an sásra a leagtar amach sa mhír seo á chur i bhfeidhm, áiritheoidh an Coimisiún nach mbeidh aon difríocht fágtha idir suim ranníocaíochtaí náisiúnta na mBallstát uile agus sprioc cheangailteach an Aontais a leagtar amach i mír 1.

Airteagal 4 6.

I gcás ina gcinneann an Coimisiún, ar bhonn a mheasúnaithe de bhun Airteagal 29(1) agus (3) de Rialachán (AE) 2018/1999, nach ndearnadh dul chun cinn leordhóthanach maidir leis na rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach, áiritheoidh na Ballstáit atá os cionn a gconairí táscacha le haghaidh tomhaltas fuinnimh deiridh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo go gcuirfear bearta breise chun feidhme laistigh de bhliain amháin ón dáta a fuarthas measúnú an Choimisiúin chun filleadh ar an mbóthar ceart chun a rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach. Áireofar ar na bearta breise sin ceann amháin ar a laghad de na bearta seo a leanas, ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a) 

bearta náisiúnta lena ndéanfar coigilteas breise fuinnimh, lena n-áirítear cúnamh forbartha tionscadail níos láidre chun bearta infheistíochta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme;

(b) 

an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a leagtar amach in Airteagal 8 den Treoir seo a mhéadú;

(c) 

an oibleagáid don earnáil phoiblí a choigeartú;

(d) 

ranníocaíocht dheonach airgeadais a dhéanamh leis an gciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 30 den Treoir seo nó le hionstraim mhaoiniúcháin eile atá tiomnaithe d’éifeachtúlacht fuinnimh, i gcás ina mbeidh na ranníocaíochtaí airgeadais bliantúla cothrom leis na hinfheistíochtaí is gá chun an chonair tháscach a bhaint amach.

I gcás ina bhfuil tomhaltas fuinnimh deiridh Ballstáit os cionn a chonaire tháscaigh de thomhaltas fuinnimh deiridh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, áireoidh sé ina thuarascáil chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna tíolacadh de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, míniú ar na bearta a thógfaidh sé lena gcumhdófar an bhearna chun a áirithiú go mbainfidh sé amach a rannchuidithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh agus an méid coigiltis fuinnimh a bhfuiltear ag súil leis.

Déanfaidh an Coimisiún a mheas an leor na bearta náisiúnta dá dtagraítear sa mhír seo chun spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach. I gcás ina meastar nach leor bearta náisiúnta, déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, bearta a mholadh agus a chumhacht a fheidhmiú ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú, go háirithe, go mbainfear amach spriocanna 2030 an Aontais don éifeachtúlacht fuinnimh.

Airteagal 4 7.
Faoin 31 Nollaig 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar aon athrú modheolaíochta sna sonraí arna dtuairisciú de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008, ar an modheolaíocht chun cothromaíocht fuinnimh a ríomh, agus ar shamhlacha fuinnimh d’úsáid fuinnimh Eorpach, agus, más gá, molfaidh sé coigeartuithe ríomha teicniúla ar spriocanna 2030 an Aontais d’fhonn an leibhéal uaillmhéine a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a choinneáil.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.