|
+Airteagal 6 5. |
Airteagal 6 5.Faoin 11 Deireadh Fómhair 2025, bunóidh na Ballstáit, chun críocha an Airteagail seo, fardal d’fhoirgnimh théite agus/nó fuaraithe atá faoi úinéireacht nó áitithe ag comhlachtaí poiblí agus a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán de níos mó ná 250 m2 acu, agus beidh an fardal sin ar fáil don phobal agus inrochtana. Tabharfaidh na Ballstáit an fardal sin cothrom le dáta gach 2 bhliain ar a laghad. Beidh an fardal nasctha leis an bhforléargas ar stoc foirgneamh arna dhéanamh faoi chuimsiú na bpleananna náisiúnta athchóirithe fadtéarmacha i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE agus leis na bunachair sonraí ábhartha. Féadfaidh Faireachlann an Aontais um Stoc Foirgneamh sonraí atá ar fáil go poiblí agus inrochtana maidir le saintréithe stoic foirgneamh, athchóiriú foirgneamh agus feidhmíocht fuinnimh a chomhiomlánú chun tuiscint níos fearr ar fheidhmíocht fuinnimh na hearnála foirgneamh a áirithiú trí shonraí inchomparáide. Beidh san fhardal ar a laghad na sonraí seo a leanas:
(a)
an t-achar urláir i m2;
(b)
tomhaltas fuinnimh tomhaiste bliantúil teasa, fuaraithe, leictreachais agus uisce the nuair a bheidh na sonraí sin ar fáil;
(c)
deimhniú feidhmíochta fuinnimh gach foirgnimh a eisítear i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|