+Airteagal 6 Ról eiseamláireach fhoirgnimh na gcomhlachtaí poiblí
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.
---+Airteagal 6 6.

Airteagal 6 Ról eiseamláireach fhoirgnimh na gcomhlachtaí poiblí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6 1.
Gan dochar d’Airteagal 7 de Threoir 2010/31/AE, déanfaidh gach Ballstát a áirithiú go ndéantar athchóiriú ar 3 % ar a laghad den achar urláir iomlán sna foirgnimh théite agus/nó fuaraithe ar le comhlachtaí poiblí iad, gach bliain chun iad a athrú ar a laghad ina bhfoirgnimh a bheidh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de nó ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 2010/31/AE.

Féadfaidh na Ballstáit a roghnú cé na foirgnimh a áireofar sa cheanglas athchóirithe 3 %, agus an aird chuí á tabhairt ar chostéifeachtúlacht agus ar indéantacht theicniúil i dtaca leis na foirgnimh a roghnófar chun athchóiriú a dhéanamh orthu.

Féadfaidh na Ballstáit tithíocht shóisialta a dhíolmhú ón oibleagáid athchóiriú a dhéanamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcás nach mbeadh na hathchóirithe sin neodrach ó thaobh costais de nó ina mbeadh méaduithe cíosa mar thoradh orthu do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i dtithíocht shóisialta mura bhfuil na méaduithe cíosa sin níos airde ná an coigilteas eacnamaíoch ar an mbille fuinnimh.

I gcás ina n-áitíonn comhlachtaí poiblí foirgneamh nach leis na comhlachtaí poiblí é, rachaidh siad i mbun caibidlíochta leis an úinéir, go háirithe nuair a shroichfidh siad pointe truicir amhail athnuachan cíosa, athrú úsáide, mórobair dheisiúcháin nó chothabhála, agus é mar aidhm clásail chonarthacha a bhunú chun go mbeidh an foirgneamh ar a laghad ina fhoirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de nó ina fhoirgneamh astaíochtaí nialasacha.

Déanfar an ráta de 3 % ar a laghad a ríomh ar achar urláir iomlán na bhfoirgneamh ag a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán os cionn 250 m2 ar le comhlachtaí poiblí iad agus, an 1 Eanáir 2024, nach foirgnimh iad atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de.

Airteagal 6 2.

Féadfaidh na Ballstáit ceanglais nach bhfuil chomh dian céanna leis na ceanglais a leagtar síos i mír 1 a chur i bhfeidhm maidir leis na catagóirí foirgneamh seo a leanas:

(a) 

foirgnimh atá faoi chosaint oifigiúil mar chuid de thimpeallacht ainmnithe, nó mar gheall ar a sainbhuanna ailtireachta nó staire, sa mhéid go n-athródh comhlíonadh ceanglas áirithe maidir le feidhmíocht fuinnimh a sainghné nó a gcuma ar shlí nach mbeadh glacadh léi;

(b) 

foirgnimh atá faoi úinéireacht na bhfórsaí armtha nó an rialtais láir agus a fhónann do chríocha cosanta náisiúnta, seachas áit chónaithe aonair nó foirgnimh oifige do na fórsaí armtha agus do bhaill foirne eile arna bhfostú ag údaráis náisiúnta cosanta;

(c) 

foirgnimh a úsáidtear mar ionaid adhartha agus le haghaidh gníomhaíochtaí creidimh.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan aon fhoirgneamh nach dtagraítear dó sa chéad fhomhír den mhír seo a athchóiriú go dtí an leibhéal dá bhforáiltear i mír 1 má mheasann siad nach bhfuil sé indéanta ar bhonn teicniúil, eacnamaíoch ná feidhmiúil an foirgneamh sin a athrú ina fhoirgneamh a bheidh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de. I gcás ina gcinneann siad amhlaidh, ní chuirfidh na Ballstáit athchóiriú an fhoirgnimh sin san áireamh agus an ceanglas a leagtar amach i mír 1 á chomhlíonadh.

Airteagal 6 3.
Chun tús áite a thabhairt do choigilteas fuinnimh agus chun dreasacht a thabhairt le haghaidh luathghníomhaíochta, féadfaidh Ballstát a dhéanann athchóiriú ar níos mó ná 3 % d’achar urláir iomlán a chuid foirgneamh i gcomhréir le mír 1 in aon bhliain go dtí an 31 Nollaig 2026 an barrachas a áireamh i dtreo an ráta athchóirithe bhliantúil d’aon cheann de na 3 bliana ina dhiaidh sin. Féadfaidh Ballstát a dhéanann athchóiriú ar níos mó ná 3 % d’achar urláir iomlán a fhoirgneamh ón 1 Eanáir 2027 an barrachas a áireamh i dtreo ráta athchóirithe bhliantúil an dá bhliain ina dhiaidh sin.
Airteagal 6 4.
Foirgnimh nua a bhfuil úinéireacht orthu mar fhoirgnimh athsholáthairtí d’fhoirgnimh comhlachtaí poiblí a scartáladh in aon bhliain den 2 bhliain roimhe sin, féadfaidh na Ballstáit na foirgnimh nua sin a áireamh faoi chomhair an ráta athchóirithe foirgneamh bhliantúil. Ní bheidh feidhm aige sin ach amháin i gcás ina mbeidís níos costéifeachtaí agus níos inbhuanaithe ó thaobh astaíochtaí fuinnimh agus saolré CO2 a bhaintear amach i gcomparáid le hathchóiriú na bhfoirgneamh sin. Déanfaidh gach Ballstát na critéir ghinearálta, na modheolaíochtaí ginearálta agus na nósanna imeachta ginearálta chun na cásanna eisceachtúla sin a shainaithint a leagan amach go soiléir agus a fhoilsiú.
Airteagal 6 5.
Faoin 11 Deireadh Fómhair 2025, bunóidh na Ballstáit, chun críocha an Airteagail seo, fardal d’fhoirgnimh théite agus/nó fuaraithe atá faoi úinéireacht nó áitithe ag comhlachtaí poiblí agus a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán de níos mó ná 250 m2 acu, agus beidh an fardal sin ar fáil don phobal agus inrochtana. Tabharfaidh na Ballstáit an fardal sin cothrom le dáta gach 2 bhliain ar a laghad. Beidh an fardal nasctha leis an bhforléargas ar stoc foirgneamh arna dhéanamh faoi chuimsiú na bpleananna náisiúnta athchóirithe fadtéarmacha i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE agus leis na bunachair sonraí ábhartha.

Féadfaidh Faireachlann an Aontais um Stoc Foirgneamh sonraí atá ar fáil go poiblí agus inrochtana maidir le saintréithe stoic foirgneamh, athchóiriú foirgneamh agus feidhmíocht fuinnimh a chomhiomlánú chun tuiscint níos fearr ar fheidhmíocht fuinnimh na hearnála foirgneamh a áirithiú trí shonraí inchomparáide.

Beidh san fhardal ar a laghad na sonraí seo a leanas:

(a) 

an t-achar urláir i m2;

(b) 

tomhaltas fuinnimh tomhaiste bliantúil teasa, fuaraithe, leictreachais agus uisce the nuair a bheidh na sonraí sin ar fáil;

(c) 

deimhniú feidhmíochta fuinnimh gach foirgnimh a eisítear i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE.

Airteagal 6 6.
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh cur chuige malartach a chur i bhfeidhm le hais an chuir chuige a leagtar amach i míreanna 1 go 4 chun coigilteas fuinnimh a bhaint amach i bhfoirgnimh comhlachtaí poiblí gach bliain a bheidh coibhéiseach ar a laghad leis an méid a cheanglaítear i mír 1.

Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas chun an cur chuige malartach sin a chur i bhfeidhm:

(a) 

a áirithiú go dtabharfar isteach, gach bliain, pas athchóirithe, i gcás inarb infheidhme, i gcás foirgnimh arb ionann iad agus 3 % ar a laghad d’achar urláir iomlán na bhfoirgneamh téite agus/nó fuaraithe atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí. I gcás na bhfoirgneamh sin, déanfar an t-athchóiriú ar fhoirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de faoi 2040 ar a dhéanaí;

(b) 

meastachán a dhéanamh ar an gcoigilteas fuinnimh a ghinfí le míreanna 1 go mír 4 trí úsáid a bhaint as luachanna caighdeánacha iomchuí le haghaidh tomhaltas fuinnimh i bhfoirgnimh na gcomhlachtaí poiblí tagartha roimh an athchóiriú agus ina dhiaidh, agus déanfar é a athrú ina bhfoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de dá dtagraítear i dTreoir 2010/31/AE.

Na Ballstáit a chinneann an cur chuige malartach a chur i bhfeidhm, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún, faoin 31 Nollaig 2023, maidir lena gcoigilteas fuinnimh réamh-mheasta chun ar a laghad coibhéis an choigiltis fuinnimh sna foirgnimh a chumhdaítear le mír 1 a bhaint amach faoin 31 Nollaig 2030.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.