+Airteagal 11 Córais bainistíochta fuinnimh agus iniúchtaí fuinnimh
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
---+Airteagal 11 6.
---+Airteagal 11 7.
---+Airteagal 11 8.
---+Airteagal 11 9.
---+Airteagal 11 10.
---+Airteagal 11 11.
---+Airteagal 11 12.

Airteagal 11 Córais bainistíochta fuinnimh agus iniúchtaí fuinnimh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 11 1.
Maidir le fiontair a bhfuil meántomhaltas bliantúil fuinnimh acu atá níos airde ná 85TJ fuinnimh le linn na 3 bliana roimhe sin, a ghlacann na hiompróirí fuinnimh go léir le chéile, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na fiontair sin córas bainistíochta fuinnimh chun feidhme. Déanfaidh comhlacht neamhspleách an córas bainistíochta fuinnimh a dheimhniú i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha Eorpacha nó idirnáisiúnta.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh córas bainistíochta fuinnimh i bhfeidhm ag na fiontair dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoin 11 Deireadh Fómhair 2027.

Airteagal 11 2.
Maidir le fiontair a bhfuil meántomhaltas bliantúil fuinnimh acu atá níos airde ná 10TJ fuinnimh le linn na 3 bliana roimhe sin, a ghlacann na hiompróirí fuinnimh go léir le chéile, ach nach gcuireann córas bainistíochta fuinnimh chun feidhme, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirtear na fiontair sin faoi réir iniúchadh fuinnimh.

Beidh na hiniúchtaí fuinnimh sin:

(a) 

déanta ag saineolaithe cáilithe nó creidiúnaithe ar bhealach neamhspleách costéifeachtach, i gcomhréir le hAirteagal 28; nó

(b) 

curtha chun feidhme agus maoirsithe ag údaráis neamhspleácha faoin reachtaíocht náisiúnta.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na fiontair dá dtagraítear sa chéad fhomhír an chéad iniúchadh fuinnimh faoin 11 Deireadh Fómhair 2026 agus go ndéanfar iniúchtaí fuinnimh gach 4 bliana ar a laghad ina dhiaidh sin. I gcás ina ndéanann na fiontair sin iniúchtaí fuinnimh cheana féin i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, leanfaidh siad de sin a dhéanamh gach 4 bliana ar a laghad i gcomhréir leis an Treoir seo.

Dréachtóidh na fiontair lena mbaineann Plean Gníomhaíochta nithiúil indéanta mar thoradh ar na moltaí a thiocfaidh ó na hiniúchtaí fuinnimh sin. Sainaithneofar bearta sa Phlean Gníomhaíochta chun gach moladh san iniúchadh a chur chun feidhme, i gcás ina bhfuil sin indéanta go teicniúil nó go heacnamaíoch. Cuirfear an Plean Gníomhaíochta faoi bhráid bhainistíocht an fhiontair.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseofar na Pleananna Gníomhaíochta agus an ráta maidir leis na moltaí a chur chun feidhme i dtuarascáil bhliantúil an fhiontair, agus go gcuirfear ar fáil go poiblí iad, faoi réir dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta lena gcosnaítear rúin trádála agus ghnó agus rúndacht.

Airteagal 11 3.
I gcás, in aon bhliain faoi leith, ina bhfuil tomhaltas bliantúil is mó ná 85 TJ ag fiontar dá dtagraítear i mír 1 agus i gcás ina bhfuil tomhaltas bliantúil is mó ná 10TJ ag fiontar dá dtagraítear i mír 2, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil do na húdaráis náisiúnta atá freagrach as an Airteagal seo a chur chun feidhme. Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit úsáid ardáin nua nó ardáin atá ann cheana a chur chun cinn chun gur féidir na sonraí is gá a bhailiú ar an leibhéal náisiúnta.
Airteagal 11 4.
Féadfaidh na Ballstáit na fiontair dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a spreagadh chun faisnéis a thabhairt ina dtuarascáil bhliantúil maidir lena dtomhaltas fuinnimh bliantúil in kWh, leis an toirt bhliantúil uisce a ídítear i méadair chiúbacha agus le comparáid a dhéanamh idir a dtomhaltas agus uisce le hais na mblianta roimhe sin.
Airteagal 11 5.

Cuirfidh na Ballstáit infhaighteacht iniúchtaí fuinnimh ardcháilíochta chun cinn do na custaiméirí deiridh go léir, ar iniúchtaí iad atá costéifeachtach agus ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a) 

déanann saineolaithe cáilithe nó creidiúnaithe iad ar bhealach neamhspleách i gcomhréir le critéir cháilithe; nó

(b) 

déanann údaráis neamhspleácha maoirseacht orthu agus iad a chur chun feidhme faoin reachtaíocht náisiúnta.

Féadfaidh saineolaithe inmheánacha nó iniúchóirí fuinnimh na hiniúchtaí fuinnimh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil scéim curtha i bhfeidhm ag an mBallstát lena mbaineann chun a gcáilíocht a áirithiú, lena n-áirítear, más iomchuí, roghnú randamach bliantúil de chéatadán atá suntasach ó thaobh staidrimh de, ar a laghad, de na hiniúchtaí fuinnimh uile arna ndéanamh ag na saineolaithe inmheánacha nó iniúchóirí fuinnimh sin.

Chun críche ardcháilíocht na n-iniúchtaí fuinnimh agus na gcóras bainistíochta fuinnimh a áirithiú, cuirfidh Ballstáit critéir íosta thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha ar bun do na hiniúchtaí fuinnimh i gcomhréir le hIarscríbhinn VI agus na caighdeáin ábhartha Eorpacha agus idirnáisiúnta á gcur san áireamh. Ainmneoidh na Ballstáit údarás nó comhlacht inniúil chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hamlínte chun iniúchtaí fuinnimh a dhéanamh a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo agus go gcuirfear na critéir íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI i bhfeidhm mar is ceart.

Ní bheidh san áireamh in iniúchtaí fuinnimh clásail lena gcuirtear cosc ar aistriú thorthaí an iniúchta chuig aon soláthraí seirbhíse fuinnimh cáilithe nó creidiúnaithe, ar choinníoll nach gcuirfidh an custaiméir ina choinne.

Airteagal 11 6.
Forbróidh na Ballstáit cláir a mbeidh sé mar aidhm leo FBManna nach bhfuil faoi réir mhír 1 nó 2 a spreagadh dul faoi iniúchtaí fuinnimh agus na moltaí ó na hiniúchtaí sin a chur chun feidhme ina dhiaidh sin agus tacaíocht theicniúil a chur ar fáil do na FBManna sin.

Ar bhonn critéar trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus gan dochar do dhlí an Aontais maidir le státchabhair, féadfaidh na Ballstáit sásraí a chur ar bun, ar nós lárionaid iniúchóireachta fuinnimh do FBManna agus do mhicrifhiontair, ar choinníoll nach mbeidh na sásraí sin in iomaíocht le hiniúchóirí príobháideacha, chun iniúchtaí fuinnimh a chur ar fáil. Féadfaidh siad scéimeanna tacaíochta eile a chur ar fáil do FBManna, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil comhaontuithe deonacha tugtha i gcrích ag na FBManna sin, chun costais iniúchtaí fuinnimh a chumhdach agus chun moltaí atá an-chostéifeachtach a eascraíonn ó na hiniúchtaí fuinnimh a chur chun feidhme, má chuirtear na bearta atá beartaithe sna moltaí sin chun feidhme.

Airteagal 11 7.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh tacaíocht sna cláir dá dtagraítear i mír 6 do FBManna chun na tairbhí iomadúla a bhaineann le bearta éifeachtúlachta fuinnimh a mhéid a bhaineann lena n-oibriú a chainníochtú, le treochláir éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt agus gréasáin éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt do FBManna, arna n-éascú ag saineolaithe neamhspleácha.

Tarraingeoidh na Ballstáit aird FBManna, lena n-áirítear trína n-eagraíochtaí idirmheánacha ionadaíocha faoi seach, ar shamplaí nithiúla den chaoi a bhféadfadh córais bainistíochta fuinnimh cabhrú lena ngnólachtaí. Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit trí thacú le malartú dea-chleachtas sa réimse seo.

Airteagal 11 8.
Forbróidh na Ballstáit cláir a mbeidh sé mar aidhm leo fiontair nach FBManna iad agus nach bhfuil faoi réir mhír 1 nó 2 a spreagadh dul faoi iniúchtaí fuinnimh agus na moltaí ó na hiniúchtaí sin a chur chun feidhme ina dhiaidh sin.
Airteagal 11 9.

Measfar go gcomhlíontar ceanglais mhír 2 leis na hiniúchtaí fuinnimh i gcás inar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a) 

déantar ar bhealach neamhspleách iad, ar bhonn na gcritéar íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI;

(b) 

cuirtear chun feidhme iad faoi chomhaontuithe deonacha arna dtabhairt i gcrích idir eagraíochtaí geallsealbhóirí agus comhlacht a cheap an Ballstát lena mbaineann agus atá faoi mhaoirseacht an Bhallstáit sin, a cheap comhlacht eile a bhfuil an fhreagracht lena mbaineann tarmligthe chuige ag na húdaráis inniúla agus atá faoi mhaoirseacht an chomhlachta sin, nó a cheap an Coimisiún agus atá faoi mhaoirseacht an Choimisiúin.

Beidh an rochtain atá ag rannpháirtithe sa mhargadh a thairgeann seirbhísí fuinnimh bunaithe ar chritéir thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha.

Airteagal 11 10.
Fiontair a chuireann conradh feidhmíochta fuinnimh chun feidhme, beidh siad díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo ar choinníoll go gcumhdaítear leis an gconradh feidhmíochta fuinnimh na gnéithe riachtanacha den chóras bainistíochta fuinnimh agus go gcomhlíontar leis an gconradh na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn XV.
Airteagal 11 11.
Fiontair a chuireann córas bainistíochta comhshaoil i bhfeidhm, atá deimhnithe ag comhlacht neamhspleách i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha Eorpacha nó idirnáisiúnta, beidh siad díolmhaithe ó na ceanglais a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, ar choinníoll go n-áirítear leis an gcóras bainistíochta comhshaoil lena mbaineann iniúchadh fuinnimh ar bhonn na gcritéar íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.
Airteagal 11 12.
Féadfaidh iniúchtaí fuinnimh a bheith neamhspleách nó déanta mar chuid d’iniúchadh comhshaoil níos leithne. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh measúnú ar indéantacht theicniúil agus eacnamaíoch nascadh le líonra téimh nó fuaraithe ceantair atá ann cheana nó atá beartaithe mar chuid den iniúchadh fuinnimh.

Gan dochar do dhlí an Aontais maidir le státchabhair, féadfaidh na Ballstáit dreasachtaí agus scéimeanna tacaíochta a chur chun feidhme chun moltaí ó iniúchtaí fuinnimh agus ó bhearta comhchosúla a chur chun feidhme.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.