|
+Airteagal 11 5. |
Airteagal 11 5.Cuirfidh na Ballstáit infhaighteacht iniúchtaí fuinnimh ardcháilíochta chun cinn do na custaiméirí deiridh go léir, ar iniúchtaí iad atá costéifeachtach agus ar fíor an méid seo a leanas ina leith:
(a)
déanann saineolaithe cáilithe nó creidiúnaithe iad ar bhealach neamhspleách i gcomhréir le critéir cháilithe; nó
(b)
déanann údaráis neamhspleácha maoirseacht orthu agus iad a chur chun feidhme faoin reachtaíocht náisiúnta. Féadfaidh saineolaithe inmheánacha nó iniúchóirí fuinnimh na hiniúchtaí fuinnimh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil scéim curtha i bhfeidhm ag an mBallstát lena mbaineann chun a gcáilíocht a áirithiú, lena n-áirítear, más iomchuí, roghnú randamach bliantúil de chéatadán atá suntasach ó thaobh staidrimh de, ar a laghad, de na hiniúchtaí fuinnimh uile arna ndéanamh ag na saineolaithe inmheánacha nó iniúchóirí fuinnimh sin. Chun críche ardcháilíocht na n-iniúchtaí fuinnimh agus na gcóras bainistíochta fuinnimh a áirithiú, cuirfidh Ballstáit critéir íosta thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha ar bun do na hiniúchtaí fuinnimh i gcomhréir le hIarscríbhinn VI agus na caighdeáin ábhartha Eorpacha agus idirnáisiúnta á gcur san áireamh. Ainmneoidh na Ballstáit údarás nó comhlacht inniúil chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hamlínte chun iniúchtaí fuinnimh a dhéanamh a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo agus go gcuirfear na critéir íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn VI i bhfeidhm mar is ceart. Ní bheidh san áireamh in iniúchtaí fuinnimh clásail lena gcuirtear cosc ar aistriú thorthaí an iniúchta chuig aon soláthraí seirbhíse fuinnimh cáilithe nó creidiúnaithe, ar choinníoll nach gcuirfidh an custaiméir ina choinne. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|