|
+IARSCRÍBHINN XII RÁTHAÍOCHT TIONSCNAIMH LE hAGHAIDH LEICTREACHAS ARNA THÁIRGEADH Ó CHOMHGHINIÚINT ARDÉIFEACHTACH |
IARSCRÍBHINN XII RÁTHAÍOCHT TIONSCNAIMH LE hAGHAIDH LEICTREACHAS ARNA THÁIRGEADH Ó CHOMHGHINIÚINT ARDÉIFEACHTACH
IARSCRÍBHINN XII RÁTHAÍOCHT TIONSCNAIMH LE hAGHAIDH LEICTREACHAS ARNA THÁIRGEADH Ó CHOMHGHINIÚINT ARDÉIFEACHTACH
(1)
Déanfaidh na Ballstáit bearta chun an méid seo a leanas a áirithiú:
(a)
maidir le ráthaíocht tionscnaimh an leictreachais a tháirgtear ó chomhghiniúint ardéifeachtach:
—
gur féidir le táirgeoirí a léiriú léi go dtáirgtear an leictreachas a dhíolann siad ó chomhghiniúint ardéifeachtach agus go n-eisítear é chuige sin má iarrann an táirgeoir a leithéid;
—
go bhfuil sí cruinn, iontaofa agus calaoisdíonach;
—
go ndéantar í a eisiúint, a aistriú agus a chur ar ceal go leictreonach;
(b)
nach gcuirtear an t-aonad céanna fuinnimh ó chomhghiniúint ardéifeachtach san áireamh ach aon uair amháin.
(2)
Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa ráthaíocht tionscnaimh dá dtagraítear in Airteagal 26(13):
(a)
céannacht, suíomh, cineál agus acmhainn (theirmeach agus leictreach) na suiteála inar táirgeadh an fuinneamh;
(b)
na dátaí agus na háiteanna táirgthe;
(c)
luach calrach níos ísle na foinse breosla ónar táirgeadh an leictreachas;
(d)
cainníocht agus úsáid an teasa a ghintear in éineacht leis an leictreachas;
(e)
cainníocht an leictreachais ó chomhghiniúint ardéifeachtach i gcomhréir le hIarscríbhinn III ar a ndéanann an ráthaíocht tionscnaimh ionadaíocht;
(f)
an coigealtas fuinnimh phríomhúil a ríomhtar i gcomhréir le hIarscríbhinn III ar bhonn na luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe a léirítear in Iarscríbhinn III, pointe (d);
(g)
éifeachtúlacht ainmniúil leictreach agus theirmeach an ghléasra;
(h)
cé acu a thairbhigh nó nár thairbhigh an tsuiteáil den tacaíocht infheistíochta agus a mhéid a thairbhigh sí;
(i)
cé acu a thairbhigh nó nár thairbhigh an t-aonad fuinnimh den scéim náisiúnta tacaíochta ar aon bhealach eile, agus cineál na scéime tacaíochta;
(j)
an dáta a cuireadh an tsuiteáil i mbun feidhme; agus
(k)
an dáta eisiúna agus tír na heisiúna, agus uimhir aitheantais uathúil. An méid caighdeánach 1 MWh a bheidh sa ráthaíocht tionscnaimh. Bainfidh sé leis an nglanaschur leictreachais arna thomhas ag teorainn an stáisiúin agus arna onnmhairiú chuig an eangach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|