+Airteagal 5 Bonneagar an chórais nascachta sláine
---+Airteagal 5 1
---+Airteagal 5 2
---+Airteagal 5 3
---+Airteagal 5 4
---+Airteagal 5 5
|
Airteagal 5 Bonneagar an chórais nascachta sláine
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1
|
1. Bunófar an córas nascachta sláine trí bhonneagar nascachta ilfhithise a shainiú, a dhearadh, a fhorbairt, a thógáil agus a oibriú, arna oiriúnú d’fhorbairt an éilimh rialtais ar chumarsáid satailíte agus lena dtairgfear aga folaigh íseal. Beidh sé modúlach chun na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 a chomhlíonadh agus chun an phunann seirbhísí le haghaidh seirbhísí rialtais a leagtar síos in Airteagal 10(1) a bhunú. Comhlánófar agus comhtháthófar leis na hacmhainneachtaí atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo arna n-úsáid faoi chuimsiú chomhpháirt GOVSATCOM. Is éard a bheidh ann bonneagar rialtais, dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, agus bonneagar tráchtála, dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 5 2
|
2. I mbonneagar rialtais an chórais nascachta sláine áireofar na sócmhainní ar talamh agus na sócmhainní spáis gaolmhara uile is gá chun na seirbhísí rialtais a sholáthar, mar a leagtar síos in Airteagal 10(1), pointí (a) agus (b), den Rialachán seo, lena n-áirítear na sócmhainní seo a leanas:
|
(a)
|
satailítí nó fochórais satailíte, lena n-áirítear pálastaí;
|
|
(c)
|
bonneagar chun faireachán a dhéanamh ar shlándáil an bhonneagair rialtais agus na seirbhísí rialtais;
|
|
(d)
|
bonneagar ar talamh chun na seirbhísí a sholáthar do na húsáideoirí atá údaraithe ag rialtas, lena n-áirítear an chuid ar talamh de bhonneagar GOVSATCOM atá le huas-scálú, go háirithe na Moil GOVSATCOM dá dtagraítear in Airteagal 67 de Rialachán (AE) 2021/696.
|
Mar chuid den bhonneagar rialtais, beidh, i gcás inarb iomchuí, fochórais bhreise satailíte, go háirithe pálastaí, a fhéadfar a úsáid mar chuid de bhonneagar spásbhunaithe na gcomhpháirteanna de Chlár Spáis an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/696 faoi na téarmaí agus coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán sin, mar aon le fochórais satailíte a úsáidtear chun seirbhísí neamhchumarsáide a sholáthar do na Ballstáit.
|
|
Airteagal 5 3
|
3. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, i gcás inar gá, bearta is gá chun suíomh na lárionad a bhaineann leis an mbonneagar rialtais ar talamh a chinneadh, i gcomhréir leis na ceanglais slándála ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 30(3) den Rialachán seo, tar éis próiseas trédhearcach oscailte. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(3) den Rialachán seo.
Chun leasanna slándála an Aontais agus a Bhallstát a chosaint beidh na lárionaid dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, i gcás inar féidir, suite i gcríoch na mBallstát agus rialófar iad trí chomhaontú óstach a bheidh i bhfoirm comhaontaithe riaracháin idir an tAontas agus an Ballstát lena mbaineann.
I gcás nach féidir na lárionaid a lonnú i gcríoch na mBallstát, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh lárionaid den sórt sin a lonnú i gcríoch comhaltaí de CSTE atá ina gcomhaltaí de LEE nó i gcríoch de chuid tríú tír eile, faoi réir comhaontú óstach idir an tAontas agus an tríú tír lena mbaineann, a thabharfar i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE.
D’ainneoin na chéad fhomhíre den mhír seo, déanfar suíomh Mhoil GOVSATCOM a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 67(2) de Rialachán (AE) 2021/696.
|
|
Airteagal 5 4
|
4. Beidh ar áireamh i mbonneagar tráchtála an chórais nascachta sláine na sócmhainní spáis agus na sócmhainní ar talamh uile seachas na sócmhainní sin ar cuid den bhonneagar rialtais iad. Ní dhéanfaidh an bonneagar tráchtála dochar d’fheidhmíocht ná do shlándáil an bhonneagair rialtais. Déanfaidh na conraitheoirí dá dtagraítear in Airteagal 19 an bonneagar tráchtála agus aon rioscaí gaolmhara a mhaoiniú go hiomlán chun an cuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b), a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 5 5
|
5. Chun leasanna slándála an Aontais a chosaint, déanfaidh soláthraithe seirbhíse atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear iad siúd a úsáideann lainseálaithe beaga agus micrea-lainseálaithe, a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta agus rannpháirtíochta a leagtar amach in Airteagal 22, sócmhainní spáis an bhonneagair rialtais a lainseáil, agus é sin in imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo agus sna himthosca sin amháin, ó chríoch tríú tír.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.03.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0588
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|