1. Beidh an tAontas ina úinéir ar na sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe go léir ar cuid iad den bhonneagar rialtais arna fhorbairt faoin gClár, dá dtagraítear in Airteagail 5(2) agus 19(10), cé is moite de bhonneagar trastíre EuroQCI, a bheidh faoi úinéireacht na mBallstát. Chuige sin, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh forálacha lena n-áirithítear úinéireacht an Aontais ar na sócmhainní sin sna conarthaí, comhaontuithe agus socruithe eile a bhaineann le gníomhaíochtaí a bhféadfaí sócmhainní den sórt sin a chruthú nó a fhorbairt dá mbarr.