1. Cuirfear an Clár chun feidhme, de réir mar is iomchuí, i gcur chuige céimnithe go dtí go dtabharfar na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 4 chun críche. Áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhordú leis na Ballstáit, go gceadófar leis an gcur chuige soláthair an iomaíocht is leithne is féidir chun rannpháirtíocht iomchuí an tslabhra luacha iomláin thionsclaíoch a chothú do na conarthaí a ghabhann le soláthar na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 10(1) agus do na conarthaí a ghabhann le ceannach na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 10(2).