+Airteagal 19 Samhail cur chun feidhme
---+Airteagal 19 1
---+Airteagal 19 2
---+Airteagal 19 3
---+Airteagal 19 4
---+Airteagal 19 5
---+Airteagal 19 6
---+Airteagal 19 7
---+Airteagal 19 8
---+Airteagal 19 9
---+Airteagal 19 10
|
Airteagal 19 Samhail cur chun feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1
|
1. Cuirfear an Clár chun feidhme, de réir mar is iomchuí, i gcur chuige céimnithe go dtí go dtabharfar na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 4 chun críche. Áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhordú leis na Ballstáit, go gceadófar leis an gcur chuige soláthair an iomaíocht is leithne is féidir chun rannpháirtíocht iomchuí an tslabhra luacha iomláin thionsclaíoch a chothú do na conarthaí a ghabhann le soláthar na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 10(1) agus do na conarthaí a ghabhann le ceannach na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 10(2).
|
|
Airteagal 19 2
|
2. Déanfar na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán seo a chur chun feidhme trí roinnt conarthaí arna ndámhachtain i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus le prionsabail an tsoláthair faoi Airteagal 20 den Rialachán seo agus féadfaidh sé a bheith i bhfoirm conarthaí lamháltais, soláthair, seirbhíse nó i bhfoirm conarthaí oibreacha nó conarthaí measctha.
|
|
Airteagal 19 3
|
3. Soláthrófar na conarthaí dá dtagraítear san Airteagal seo faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach agus féadfaidh siad a bheith i bhfoirm soláthair idir-institiúidigh dá dtagraítear in Airteagal 165(1) den Rialachán Airgeadais, idir an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht, ina nglacfaidh an Coimisiún ról an phríomhúdaráis chonarthaigh.
|
|
Airteagal 19 4
|
4. Comhlíonfaidh an cur chuige soláthair dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus na conarthaí dá dtagraítear san Airteagal seo na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 9(2), 10(4) agus 10(5).
|
|
Airteagal 19 5
|
5. Más i bhfoirm conarthaí lamháltais atá toradh an cur chuige soláthair dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, leagfar amach sna conarthaí lamháltais sin ailtireacht bhonneagar rialtais an chórais nascachta sláine, róil, freagrachtaí, scéim airgeadais agus leithdháileadh rioscaí idir an tAontas agus na conraitheoirí, tríd an gcóras úinéireachta faoi Airteagal 6 agus cistiú an Chláir faoi Chaibidil III a chur san áireamh.
|
|
Airteagal 19 6
|
6. Mura ndámhtar conradh lamháltais, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear an cuspóir dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (a), chun feidhme ar an mbealach is fearr, trí chonradh soláthair, seirbhíse nó oibreacha nó conradh measctha a sholáthar, de réir mar is iomchuí.
|
|
Airteagal 19 7
|
7. Déanfaidh an Coimisiún na bearta is gá chun leanúnachas na seirbhísí rialtais a áirithiú mura bhfuil na conraitheoirí dá dtagraítear san Airteagal seo in ann a n-oibleagáidí a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 19 8
|
8. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh nósanna imeachta soláthair le haghaidh na gconarthaí dá dtagraítear san Airteagal seo a bheith i bhfoirm soláthar comhpháirteach le Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 165(2) den Rialachán Airgeadais.
|
|
Airteagal 19 9
|
9. Áiritheofar go háirithe leis na conarthaí dá dtagraítear san Airteagal seo go ndéanfar, le soláthar seirbhísí bunaithe ar bhonneagar tráchtála, leasanna bunriachtanacha an Aontais agus cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 3 a chaomhnú. Chomh maith leis sin, déanfar sna conarthaí sin coimircí leormhaithe a áireamh chun go seachnófar aon róchúiteamh do na conraitheoirí dá dtagraítear san Airteagal seo, saobhadh iomaíochta, coinbhleachtaí leasa, idirdhealú míchuí nó aon bhuntáistí indíreacha folaithe eile. Féadfar a áireamh ar choimircí den sórt sin an oibleagáid um dheighilt chuntasaíochta idir soláthar seirbhísí rialtais agus soláthar seirbhísí tráchtála, lena n-áirítear eintiteas ar leith a bhunú atá scartha go struchtúrach agus go dlíthiúil ón oibreoir atá comhtháite go hingearach le haghaidh seirbhísí rialtais a sholáthar, agus chun rochtain oscailte, chóir, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach a sholáthar ar an mbonneagar is gá chun seirbhísí tráchtála a sholáthar. Áiritheofar leis na conarthaí freisin go gcomhlíonfar coinníollacha Airteagal 22 le linn a ré.
|
|
Airteagal 19 10
|
10. I gcás ina mbraitheann na seirbhísí rialtais agus tráchtála ar fhochórais nó comhéadain choiteanna chun sineirgí a áirithiú, cinnfear leis na conarthaí dá dtagraítear san Airteagal seo freisin cé acu de na comhéadain agus na fochórais choiteanna sin a bheidh mar chuid den bhonneagar rialtais chun cosaint leasanna slándála an Aontais agus a Bhallstát a áirithiú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.03.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0588
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|