+Airteagal 11 Acmhainní ó chláir faoi bhainistíocht roinnte, agus acmhainní chuig na cláir sin, agus úsáid acmhainní
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
|
Airteagal 11 Acmhainní ó chláir faoi bhainistíocht roinnte, agus acmhainní chuig na cláir sin, agus úsáid acmhainní
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoi bhainistíocht roinnte a aistriú chuig an gCiste, arna iarraidh sin do na Ballstáit, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i bhforálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/1060. Déanfaidh an Coimisiún na hacmhainní sin a chur chun feidhme go díreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Úsáidfear na hacmhainní sin chun tairbhe an Bhallstáit lena mbaineann, agus chuige sin amháin.
|
|
Airteagal 11 2.
|
Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ina bPleananna arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 4(1) den Rialachán seo go n-aistreofar suas le 15 % dá leithdháileadh airgeadais uasta bliantúil chuig na cistí faoi bhainistíocht roinnte dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/1060. Déanfar bearta agus infheistíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 8 den Rialachán seo a mhaoiniú leis na hacmhainní arna n-aistriú, agus cuirfear na hacmhainní arna n-aistriú chun feidhme i gcomhréir le rialacha na gcistí a n-aistrítear na hacmhainní chucu. Déanfaidh na Ballstáit acmhainní a aistriú trí chlár amháin nó níos mó a leasú, cé is moite de chláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg), i gcomhréir le hAirteagal 26a de Rialachán (AE) 2021/1060, agus cuirfear chun feidhme iad i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán sin agus le rialacha na gcistí a n-aistrítear na hacmhainní chucu.
|
|
Airteagal 11 3.
|
Féadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme beart agus infheistíochtaí a thairbhíonn den Chiste a chur ar iontaoibh údaráis bhainistíochta na gclár beartais chomhtháthaithe faoi Rialachán (AE) 2021/1060, i gcás inarb infheidhme, i bhfianaise na sineirgí leis na cláir beartais chomhtháthaithe sin agus i gcomhréir le cuspóirí an Chiste. Luafaidh na Ballstáit a n-intinn na nithe sin a chur ar iontaoibh na n-údarás sin ina bPleananna. I gcásanna den sórt sin, measfar go gcomhlíonann na córais bhainistíochta agus rialaithe atá ann cheana arna gcur ar bun ag Ballstáit, ar tugadh fógra don Choimisiún ina leith, ceanglais an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 11 4.
|
Féadfaidh na Ballstáit a áireamh ina bPleananna, mar chuid de na costais iomlána mheasta, na híocaíochtaí le haghaidh tacaíocht theicniúil bhreise de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2021/240 agus méid na ranníocaíochta in airgead tirim chun críoch urrann an Bhallstáit de bhun fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
8
). Ní rachaidh na costais sin thar 4 % den leithdháileadh uasta airgeadais don Phlean, agus comhlíonfaidh na bearta ábhartha, mar a leagtar amach sa Phlean, an Rialachán seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0955
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|