Féadfaidh na Ballstáit a áireamh ina bPleananna, mar chuid de na costais iomlána mheasta, na híocaíochtaí le haghaidh tacaíocht theicniúil bhreise de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2021/240 agus méid na ranníocaíochta in airgead tirim chun críoch urrann an Bhallstáit de bhun fhorálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
8
). Ní rachaidh na costais sin thar 4 % den leithdháileadh uasta airgeadais don Phlean, agus comhlíonfaidh na bearta ábhartha, mar a leagtar amach sa Phlean, an Rialachán seo.