+Airteagal 17 Cinneadh ón gCoimisiún
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 17 4.

Airteagal 17 Cinneadh ón gCoimisiún

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 17 1.
Ar bhonn an mheasúnaithe arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 16, déanfaidh an Coimisiún cinneadh faoi Phlean Ballstáit, trí ghníomh cur chun feidhme, tráth nach déanaí ná 5 mhí ón dáta a tíolacadh an Plean sin de bhun Airteagal 4(1).
Airteagal 17 2.

I gcás ina ndéanann an Coimisiún measúnú dearfach ar Phlean, leagfar amach an méid seo a leanas sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1:

(a) 

na bearta agus na hinfheistíochtaí atá le cur chun feidhme ag an mBallstát, méid chostais iomlána mheasta an Phlean, agus na garspriocanna agus spriocanna;

(b) 

an leithdháileadh airgeadais uasta a leithdháiltear i gcomhréir le hAirteagal 14(1) atá le híoc i dtráthchodanna, i gcomhréir le hAirteagal 20, a luaithe a bhainfidh an Ballstát amach go sásúil na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha arna sainaithint maidir le cur chun feidhme an Phlean;

(c) 

an ranníocaíocht náisiúnta;

(d) 

na socruithe agus an tráthchlár i ndáil le faireachán a dhéanamh ar an bPlean agus i ndáil leis an bPlean a chur chun feidhme, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, na bearta is gá chun Airteagal 21 a chomhlíonadh;

(e) 

na táscairí ábhartha a bhaineann le baint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna a bheartaítear; agus

(f) 

na socruithe chun rochtain ar na bunsonraí ábhartha a sholáthar don Choimisiún.

Airteagal 17 3.
Déanfar an leithdháileadh airgeadais uasta dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), den Airteagal seo a chinneadh ar bhonn chostais iomlána mheasta an Phlean arna mholadh ag an mBallstát, agus é measúnaithe faoi threoir na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 16(3).

Is mar seo a leanas a shocrófar méid an leithdháilte airgeadais uasta dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), den Airteagal seo:

(a) 

i gcás ina gcomhlíonann an Plean go sásúil na critéir a leagtar amach in Airteagal 16(3), agus go bhfuil méid chostais iomlána mheasta an Phlean lúide an ranníocaíocht náisiúnta comhionann leis an leithdháileadh airgeadais uasta le haghaidh an Bhallstáit sin dá dtagraítear in Airteagal 14(1), nó níos airde, beidh an leithdháileadh airgeadais a leithdháiltear ar an mBallstát comhionann le méid iomlán an leithdháilte airgeadais uasta dá dtagraítear in Airteagal 14(1);

(b) 

i gcás ina gcomhlíonann an Plean go sásúil na critéir a leagtar amach in Airteagal 16(3), agus ina bhfuil méid chostais iomlána mheasta an Phlean lúide an ranníocaíocht náisiúnta níos ísle ná an leithdháileadh airgeadais uasta le haghaidh an Bhallstáit sin dá dtagraítear in Airteagal 14(1), beidh an leithdháileadh airgeadais a leithdháiltear ar an mBallstát comhionann le méid chostais iomlána mheasta an Phlean lúide an ranníocaíocht náisiúnta;

(c) 

i gcás ina gcomhlíonann an Plean go sásúil na critéir a leagtar amach in Airteagal 16(3), ach ina sainaithnítear sa mheasúnú go bhfuil laigí sna córais rialaithe inmheánaigh, féadfaidh an Coimisiún a éileamh go ndéanfaí bearta breise chun aghaidh a thabhairt ar na laigí sin a áireamh sa Phlean agus go mbainfeadh an Ballstát amach iad roimh an gcéad íocaíocht;

(d) 

i gcás nach gcomhlíonann an Plean go sásúil na critéir a leagtar amach in Airteagal 16(3), ní leithdháilfear aon leithdháileadh airgeadais ar an mBallstát.

Airteagal 17 4.
I gcás ina ndéanann an Coimisiún measúnú diúltach ar Phlean, beidh na cúiseanna leis an measúnú diúltach sin san áireamh sa chinneadh dá dtagraítear i mír 1. Tíolacfaidh an Ballstát an Plean arís, tar éis dó an measúnú ón gCoimisiún a chur san áireamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0955
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.