|
+Airteagal 17 3. |
Airteagal 17 3.Déanfar an leithdháileadh airgeadais uasta dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), den Airteagal seo a chinneadh ar bhonn chostais iomlána mheasta an Phlean arna mholadh ag an mBallstát, agus é measúnaithe faoi threoir na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 16(3). Is mar seo a leanas a shocrófar méid an leithdháilte airgeadais uasta dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), den Airteagal seo:
(a)
i gcás ina gcomhlíonann an Plean go sásúil na critéir a leagtar amach in Airteagal 16(3), agus go bhfuil méid chostais iomlána mheasta an Phlean lúide an ranníocaíocht náisiúnta comhionann leis an leithdháileadh airgeadais uasta le haghaidh an Bhallstáit sin dá dtagraítear in Airteagal 14(1), nó níos airde, beidh an leithdháileadh airgeadais a leithdháiltear ar an mBallstát comhionann le méid iomlán an leithdháilte airgeadais uasta dá dtagraítear in Airteagal 14(1);
(b)
i gcás ina gcomhlíonann an Plean go sásúil na critéir a leagtar amach in Airteagal 16(3), agus ina bhfuil méid chostais iomlána mheasta an Phlean lúide an ranníocaíocht náisiúnta níos ísle ná an leithdháileadh airgeadais uasta le haghaidh an Bhallstáit sin dá dtagraítear in Airteagal 14(1), beidh an leithdháileadh airgeadais a leithdháiltear ar an mBallstát comhionann le méid chostais iomlána mheasta an Phlean lúide an ranníocaíocht náisiúnta;
(c)
i gcás ina gcomhlíonann an Plean go sásúil na critéir a leagtar amach in Airteagal 16(3), ach ina sainaithnítear sa mheasúnú go bhfuil laigí sna córais rialaithe inmheánaigh, féadfaidh an Coimisiún a éileamh go ndéanfaí bearta breise chun aghaidh a thabhairt ar na laigí sin a áireamh sa Phlean agus go mbainfeadh an Ballstát amach iad roimh an gcéad íocaíocht;
(d)
i gcás nach gcomhlíonann an Plean go sásúil na critéir a leagtar amach in Airteagal 16(3), ní leithdháilfear aon leithdháileadh airgeadais ar an mBallstát. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|