+Airteagal 20 Rialacha maidir le híocaíochtaí agus maidir le comhaontuithe a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh i ndáil le leithdháiltí airgeadais
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.
---+Airteagal 20 5.
---+Airteagal 20 6.
---+Airteagal 20 7.
---+Airteagal 20 8.
---+Airteagal 20 9.
---+Airteagal 20 10.

Airteagal 20 Rialacha maidir le híocaíochtaí agus maidir le comhaontuithe a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh i ndáil le leithdháiltí airgeadais

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 20 1.
Déanfar leithdháiltí airgeadais faoin Airteagal seo a íoc leis an mBallstát nuair a bhainfear amach na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha comhaontaithe atá sonraithe sa Phlean, arna bhformheas i gcomhréir le hAirteagal 17, agus faoi réir cistiú a bheith ar fáil. Ar bhaint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna sin, cuirfidh an Ballstát iarraidh chuí-réasúnaithe ar íocaíocht faoi bhráid an Choimisiúin. Cuirfidh an Ballstát iarrataí ar íocaíocht den sórt sin faoi bhráid an Choimisiúin uair nó dhó sa bhliain, faoin 31 Iúil nó faoin 31 Nollaig.
Airteagal 20 2.
Ar iarraidh ar íocaíocht a fháil ó Bhallstát, déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh ar baineadh amach go sásúil na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa chinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 17. Tuigfear, ar bhaint amach sásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna, nár aisiompaigh an Ballstát lena mbaineann bearta a bhaineann le garspriocanna agus spriocanna a bhaint amach go sásúil roimhe sin.
Airteagal 20 3.
I gcás ina ndéanann an Coimisiún measúnú dearfach ar iarraidh aonair ar íocaíocht, glacfaidh sé cinneadh aonair lena n-údaraítear eisíocaíocht an leithdháilte airgeadais i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, faoi réir cistiú a bheith ar fáil agus lena n-áirithítear go gcaithfear go cothrom le Ballstáit. Glacfaidh an Coimisiún an cinneadh aonair tráth nach luaithe ná 2 mhí agus tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an spriocdháta ábhartha chun an iarraidh ar íocaíocht a thíolacadh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.
Airteagal 20 4.
Más rud é, mar thoradh ar an measúnú dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, go suíonn an Coimisiún nár baineadh amach go sásúil na garspriocanna agus na spriocanna a leagtar amach sa chinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 17, déanfar íocaíocht na coda den leithdháileadh airgeadais atá comhréireach leis an sprioc nár baineadh amach nó an garsprioc nár baineadh amach a chur ar fionraí. Féadfaidh an Ballstát a chuid barúlacha a chur i láthair laistigh de mhí amháin ón dáta a chuirfear an measúnú ón gCoimisiún in iúl.

Ní chuirfear an fhionraí i leataobh ach amháin i gcás ina bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna bainte amach go sásúil a leagtar amach sa chinneadh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 17.

Airteagal 20 5.
De mhaolú ar Airteagal 116(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, cuirfear tús leis an spriocdháta le haghaidh íocaíochta ón dáta a chuirfear an cinneadh ón gCoimisiún lena n-údaraítear eisíocaíocht an leithdháilte airgeadais in iúl don Bhallstát lena mbaineann de bhun mhír 3 den Airteagal seo, nó ón dáta a chuirfear in iúl go bhfuil fionraí á cur i leataobh de bhun mhír 4, an dara fomhír, den Airteagal seo.
Airteagal 20 6.
I gcás nár baineadh amach go sásúil na garspriocanna agus na spriocanna laistigh de thréimhse 9 mí ón bhfionraí dá dtagraítear i mír 4, an chéad fhomhír, laghdóidh an Coimisiún méid an leithdháilte airgeadais go comhréireach tar éis dó deis a thabhairt don Bhallstát a chuid barúlacha a chur i láthair laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis dó a chuid conclúidí a chur in iúl maidir le baint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna.
Airteagal 20 7.
Más rud é, laistigh de 15 mhí ón dáta ar cuireadh comhaontuithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 19 i gcrích, nach bhfuil aon dul chun cinn inbhraite déanta ag an mBallstát maidir le ceann ar bith de na garspriocanna agus de na spriocanna ábhartha, déanfaidh an Coimisiún na comhaontuithe sin a fhoirceannadh agus méid an leithdháilte airgeadais a shaoradh gan dochar d’Airteagal 14(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le foirceannadh na gcomhaontuithe sin tar éis dó deis a thabhairt don Bhallstát a chuid barúlacha a chur i láthair laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis don Choimisiún an measúnú a chur in iúl nach ndearnadh aon dul chun cinn inbhraite.
Airteagal 20 8.
Déanfar na híocaíochtaí uile faoin 31 Nollaig 2033.
Airteagal 20 9.
De mhaolú ar Airteagal 116 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus de mhír 5 den Airteagal seo, más rud é, i mbabhta ar leith d’iarrataí ar íocaíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, nach leor an t-ioncam a sanntar don Chiste i gcomhréir le hAirteagal 30d(4) de Threoir 2003/87/CE chun na hiarrataí ar íocaíocht arna dtíolacadh a chumhdach, íocfaidh an Coimisiún leis na Ballstáit ar bhonn pro rata arna chinneadh mar sciar d’infhaighteacht na n-íocaíochtaí do na híocaíochtaí iomlána formheasta. Sa chéad bhabhta eile d’iarrataí íocaíochta, tabharfaidh an Coimisiún tosaíocht do na Ballstáit sin a bhfuil moill ar a n-íocaíochtaí tar éis an bhabhta roimhe sin d’iarrataí ar íocaíocht, agus ina dhiaidh sin do na hiarrataí nua ar íocaíocht a tíolacadh.
Airteagal 20 10.
De mhaolú ar Airteagal 12(4), pointe (c), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus gan dochar d’Airteagal 30d(4), an séú fomhír, de Threoir 2003/87/CE, leithdháilfidh an Coimisiún ar na Ballstáit na méideanna a chomhfhreagraíonn d’aon leithreasuithe nár úsáideadh faoin 31 Nollaig 2033 i gcomhréir leis na rialacha maidir le leithdháileadh lamháltas a shainítear faoi Airteagal 30d(5) de Threoir 2003/87/CE chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo a bhaint amach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0955
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.