+Airteagal 27 Meastóireacht agus athbhreithniú ar an gCiste
---+Airteagal 27 1.
---+Airteagal 27 2.
---+Airteagal 27 3.
---+Airteagal 27 4.
|
Airteagal 27 Meastóireacht agus athbhreithniú ar an gCiste
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27 1.
|
2 bhliain tar éis tús a chur le cur chun feidhme na bPleananna, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an Chiste, agus torthaí na chéad tuarascálacha arna dtíolacadh ag Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 24 á gcur san áireamh, agus tíolacfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, aon tograí le haghaidh leasuithe ar an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 27 2.
|
Sa tuarascáil mheastóireachta dá dtagraítear i mír 1, déanfar measúnú ar an méid seo, go háirithe:
(a)
a mhéid a baineadh amach cuspóirí an Chiste a leagtar amach in Airteagal 3, éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus breisluach an Aontais;
(b)
ar bhonn tír ar thír, éifeachtúlacht na mbeart agus na n-infheistíochtaí agus úsáid na tacaíochta ioncaim dírí i bhfianaise bhaint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna a leagtar amach sna Pleananna;
(c)
an chaoi a gcuirtear na sainmhínithe ar bhochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht iompair i bhfeidhm sna Ballstáit, bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (f), agus an bhfuil gá le leasuithe ar na sainmhínithe sin;
(d)
ábharthacht leanúnach na gcuspóirí uile, agus na mbeart agus na n-infheistíochtaí a leagtar amach in Airteagal 8 den Rialachán seo i bhfianaise an tionchair ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bharr astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE agus de bharr na mbeart náisiúnta a rinneadh chun na laghduithe ceangailteacha bliantúla ar astaíochtaí gás ceaptha ag na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
13
) chomh maith le hábharthacht leanúnach an ioncaim shannta i ndáil le forbairtí a d’fhéadfaí a dhéanamh maidir le lamháltais a cheantáil faoin gcóras trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh, iompar de bhóthair agus earnálacha breise de bhun Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE agus breithnithe ábhartha eile.
|
|
Airteagal 27 3.
|
Faoin 31 Nollaig 2033, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta neamhspleách ex post a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. Is é a bheidh sa tuarascáil mheastóireachta ex post measúnú foriomlán ar an gCiste agus áireofar inti freisin faisnéis faoina tionchar.
|
|
Airteagal 27 4.
|
Gan dochar don chreat airgeadais ilbhliantúil tar éis 2027, maidir le hioncam a ghintear ó lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 30d(5) de Threoir 2003/87/CE a cheantáil, i gcás ina mbunaítear an t-ioncam sin mar acmhainn dhílis i gcomhréir le hAirteagal 311(3) CFAE, tíolacfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, na tograí is gá chun éifeachtacht agus leanúnachas chur chun feidhme an Chiste a áirithiú, faoi chuimsiú an chreata airgeadais ilbhliantúil tar éis 2027, Ciste a mhaoinítear go sealadach agus go heisceachtúil le hioncam sannta seachtrach arna ghiniúint ó lamháltais an chórais trádála astaíochtaí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0955
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|