|
+Airteagal 27 2. |
Airteagal 27 2.Sa tuarascáil mheastóireachta dá dtagraítear i mír 1, déanfar measúnú ar an méid seo, go háirithe:
(a)
a mhéid a baineadh amach cuspóirí an Chiste a leagtar amach in Airteagal 3, éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus breisluach an Aontais;
(b)
ar bhonn tír ar thír, éifeachtúlacht na mbeart agus na n-infheistíochtaí agus úsáid na tacaíochta ioncaim dírí i bhfianaise bhaint amach na ngarspriocanna agus na spriocanna a leagtar amach sna Pleananna;
(c)
an chaoi a gcuirtear na sainmhínithe ar bhochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht iompair i bhfeidhm sna Ballstáit, bunaithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (f), agus an bhfuil gá le leasuithe ar na sainmhínithe sin;
(d)
ábharthacht leanúnach na gcuspóirí uile, agus na mbeart agus na n-infheistíochtaí a leagtar amach in Airteagal 8 den Rialachán seo i bhfianaise an tionchair ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bharr astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus iompar de bhóthar a áireamh faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE agus de bharr na mbeart náisiúnta a rinneadh chun na laghduithe ceangailteacha bliantúla ar astaíochtaí gás ceaptha ag na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 13 ) chomh maith le hábharthacht leanúnach an ioncaim shannta i ndáil le forbairtí a d’fhéadfaí a dhéanamh maidir le lamháltais a cheantáil faoin gcóras trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh, iompar de bhóthair agus earnálacha breise de bhun Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE agus breithnithe ábhartha eile. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|