+Airteagal 9 4.
|
Airteagal 9 4.
De mhaolú ar mhíreanna 1, 2 agus 3, féadfaidh dearbhóir SCCT údaraithe éileamh a dhéanamh, sa dearbhú SCCT, ar laghdú ar an líon deimhnithe SCCT atá le géilleadh chun an praghas carbóin a íocadh as na hastaíochtaí leabaithe dearbhaithe a chur san áireamh, trí thagairt do phraghsanna carbóin réamhshocraithe bliantúla. Sa chás sin, cuirfear san áireamh aon lacáiste nó aon chineál eile cúitimh atá ar fáil sa tír sin agus a mbeadh laghdú ar an bpraghas carbóin réamhshocraithe sin mar thoradh air. Ní fhéadfar an laghdú a éileamh ach amháin i gcás inar socraíodh praghas carbóin leis na rialacha is infheidhme sa tríú tír agus inar féidir praghas carbóin réamhshocraithe bliantúil a chinneadh, lena n-áirítear ar bhonn coimeádach, le haghaidh an tríú tír sin. I gcás ina gcinntear na hastaíochtaí leabaithe ar bhonn luachanna réamhshocraithe, ní fhéadfar laghdú a éileamh ach amháin trí thagairt do phraghsanna carbóin réamhshocraithe bliantúla. Amhail ó 2027, féadfaidh an Coimisiún, i gcás tríú tíortha ina bhfuil rialacha praghsála carbóin i bhfeidhm, na praghsanna carbóin réamhshocraithe do na tríú tíortha sin a chinneadh, agus a chur ar fáil i gclárlann SCCT dá dtagraítear in Airteagal 14, agus an mhodheolaíocht chun iad a ríomh a fhoilsiú. Déanfaidh an Coimisiún amhlaidh ar bhonn na sonraí is fearr atá ar fáil ó fhaisnéis iontaofa atá ar fáil go poiblí agus ó fhaisnéis arna soláthar ag na tríú tíortha sin. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon lacáiste nó aon chineál eile cúitimh atá ar fáil sa tríú tír ábhartha a mbeadh laghdú ar an bpraghas carbóin réamhshocraithe mar thoradh air.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.10.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0956
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|