+Airteagal 10 Oibreoirí agus suiteálacha i dtríú tíortha a chlárú
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.
---+Airteagal 10 6.
---+Airteagal 10 7.
---+Airteagal 10 8.
|
Airteagal 10 Oibreoirí agus suiteálacha i dtríú tíortha a chlárú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
Arna iarraidh sin d’oibreoir suiteála atá lonnaithe i dtríú tír, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis faoin oibreoir sin agus faoina shuiteáil a chlárú i gclárlann SCCT dá dtagraítear in Airteagal 14.
|
|
Airteagal 10 2.
|
Ar an bhfaisnéis a bheidh san iarraidh ar chlárú dá dtagraítear i mír 1, beidh an fhaisnéis seo a leanas le háireamh i gclárlann SCCT tráth an chláraithe:
(a)
ainm, seoladh, cláruimhir chorparáideach nó ghníomhaíochta agus sonraí teagmhála an oibreora, agus, más infheidhme, ainm, seoladh, cláruimhir chorparáideach nó ghníomhaíochta agus sonraí teagmhála a eintiteas rialúcháin lena n-áirítear máthairchuideachta an oibreora sin mar aon leis na doiciméid tacaíochta;
(b)
suíomh gach suiteála lena n-áirítear an seoladh iomlán agus comhordanáidí geografacha arna sloinneadh i ndomhanfhad agus i ndomhanleithead, lena n-áirítear sé dheachúil;
(c)
príomhghníomhaíocht eacnamaíoch na suiteála.
|
|
Airteagal 10 3.
|
Tabharfaidh an Coimisiún fógra don oibreoir faoin gclárú i gclárlann SCCT. Beidh an clárú bailí ar feadh tréimhse 5 bliana ón dáta a thugtar fógra faoi d’oibreoir na suiteála.
|
|
Airteagal 10 4.
|
Cuirfidh an t-oibreoir an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi aon athrú ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a thagann chun cinn tar éis an chláraithe, agus tabharfaidh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha cothrom le dáta i gclárlann SCCT.
|
|
Airteagal 10 5.
|
Déanfaidh an t-oibreoir an méid seo a leanas:
(a)
na hastaíochtaí leabaithe a chinneadh, ar astaíochtaí iad a ríomhtar i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, de réir chineál na n-earraí a tháirgtear ag an tsuiteáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;
(b)
a áirithiú go ndéanann fíoraitheoir atá creidiúnaithe de bhun Airteagal 18 na hastaíochtaí leabaithe dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a fhíorú i gcomhréir leis na prionsabail fíorúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn VI;
(c)
cóip a choimeád den tuarascáil fíorúcháin chomh maith le taifid den fhaisnéis a cheanglaítear chun na hastaíochtaí leabaithe in earraí a ríomh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn V ar feadh tréimhse 4 bliana tar éis an fíorú a dhéanamh agus, i gcás inarb infheidhme, cóip a choimeád den doiciméadacht a cheanglaítear chun a léiriú go raibh na hastaíochtaí leabaithe dearbhaithe faoi réir praghas carbóin i dtríú tír a íocadh go hiarbhír, go dtí deireadh an cheathrú bliain tar éis na bliana a ndearna an duine neamhspleách an fhaisnéis atá sa doiciméadacht sin a fhíorú lena linn i gcomhréir le hAirteagal 9(2);
(d)
i gcás inarb infheidhme, an praghas carbóin a íocadh i dtríú tír i gcomhréir le hAirteagal 9 a chinneadh, agus doiciméadacht tionlacain agus fianaise a uaslódáil.
|
|
Airteagal 10 6.
|
Beidh na taifid dá dtagraítear i mír 5, pointe (c), den Airteagal seo mionsonraithe a ndóthain chun fíorú na n-astaíochtaí leabaithe a chumasú i gcomhréir le hAirteagal 8 agus Iarscríbhinn VI, agus chun an t-athbhreithniú a chumasú, i gcomhréir le hAirteagal 19, ar an dearbhú SCCT arna dhéanamh ag dearbhóir SCCT údaraithe ar nochtadh an fhaisnéis ábhartha dó i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 10 7.
|
Féadfaidh oibreoir an fhaisnéis ar fhíorú astaíochtaí leabaithe agus an praghas carbóin a íocadh i dtríú tír dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a nochtadh do dhearbhóir SCCT údaraithe. Beidh an dearbhóir SCCT údaraithe i dteideal úsáid a bhaint as an bhfaisnéis nochta sin chun an oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 8 a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 10 8.
|
Féadfaidh an t-oibreoir a iarraidh, tráth ar bith, go ndéanfaí é a dhíchlárú ó chlárlann SCCT. Déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin dó, agus tar éis dó fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla, an t-oibreoir a dhíchlárú agus an fhaisnéis faoin oibreoir sin agus faoina shuiteáil a scriosadh ó chlárlann SCCT, ar choinníoll nach mbeidh gá leis an bhfaisnéis sin chun an t-athbhreithniú a dhéanamh ar dhearbhuithe SCCT a cuireadh isteach. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó deis a thabhairt don oibreoir lena mbaineann éisteacht a fháil agus tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla ábhartha, an fhaisnéis a dhíchlárú freisin má fhionnann an Coimisiún nach bhfuil an fhaisnéis faoin oibreoir sin cruinn a thuilleadh. Cuirfidh an Coimisiún na húdaráis inniúla ar an eolas faoin díchlárú sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.10.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0956
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|