+Airteagal 10a Fíoraitheoirí creidiúnaithe a chlárú
---+Airteagal 10a 1.
---+Airteagal 10a 2.
---+Airteagal 10a 3.
---+Airteagal 10a 4.
---+Airteagal 10a 5.
---+Airteagal 10a 6.
|
Airteagal 10a Fíoraitheoirí creidiúnaithe a chlárú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10a 1.
|
I gcás ina ndeonaítear creidiúnú i gcomhréir le hAirteagal 18, cuirfidh an fíoraitheoir iarraidh ar chlárú i gclárlann SCCT faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht náisiúnta creidiúnúcháin bunaithe. Déanfaidh an fíoraitheoir an iarraidh ar chlárú a chur isteach laistigh de 2 mhí ón dáta a deonaíodh an creidiúnú, ach tráth nach luaithe ná an 1 Meán Fómhair 2026. Déanfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis maidir le fíoraitheoirí creidiúnaithe a chlárú i gclárlann SCCT.
|
|
Airteagal 10a 2.
|
San iarraidh ar chlárú i gclárlann SCCT dá dtagraítear i mír 1, beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, le háireamh i gclárlann SCCT tráth an chláraithe:
(a)
ainm agus uimhir chéannachta chreidiúnúcháin uathúil an fhíoraitheora;
(b)
aon raon feidhme an chreidiúnaithe atá ábhartha maidir le SCCT;
(c)
tír bhunaíochta an fhíoraitheora;
(d)
dáta éifeachtach an chreidiúnaithe agus dáta éaga na ndeimhnithe creidiúnúcháin atá ábhartha maidir le SCCT;
(e)
aon fhaisnéis maidir le bearta riaracháin arna bhforchur ar an bhfíoraitheoir atá ábhartha maidir le SCCT;
(f)
cóip den deimhniú creidiúnúcháin is ábhartha do SCCT.
Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a áireamh i gclárlann SCCT tráth a chláraítear an fíoraitheoir.
|
|
Airteagal 10a 3.
|
Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don fhíoraitheoir faoin gclárú i gclárlann SCCT. Ina theannta sin, tabharfaidh an t-údarás inniúil, trí chlárlann SCCT, fógra don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla eile faoin gclárú.
|
|
Airteagal 10a 4.
|
Tabharfaidh an fíoraitheoir fógra don údarás inniúil maidir le haon athrú ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a eascraíonn tar éis an chláraithe i gclárlann SCCT. Áiritheoidh an t-údarás inniúil go dtabharfar clárlann SCCT cothrom le dáta dá réir sin.
|
|
Airteagal 10a 5.
|
Chun críoch Airteagal 10(5), pointe (b), úsáidfidh an fíoraitheoir clárlann SCCT chun na hastaíochtaí leabaithe a fhíorú.
|
|
Airteagal 10a 6.
|
Déanfaidh an t-údarás inniúil fíoraitheoir a dhíchlárú ó chlárlann SCCT i gcás nach bhfuil an fíoraitheoir sin creidiúnaithe a thuilleadh de bhun Airteagal 18 nó i gcás nár chomhlíon an fíoraitheoir an oibleagáid a leagtar síos i mír 4 den Airteagal seo. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla eile faoin díchlárú. Déanfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis maidir leis an bhfíoraitheoir creidiúnaithe sin a scriosadh ó chlárlann SCCT ar choinníoll nach bhfuil gá leis an bhfaisnéis sin chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhearbhuithe SCCT a cuireadh isteach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.10.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0956
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|