+Airteagal 14 Clárlann SCCT
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.
---+Airteagal 14 5.
---+Airteagal 14 6.
|
Airteagal 14 Clárlann SCCT
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1.
|
Bunóidh an Coimisiún clárlann SCCT de dhearbhóirí SCCT údaraithe i bhfoirm bunachar sonraí leictreonach caighdeánaithe ina mbeidh na sonraí maidir le deimhnithe SCCT na ndearbhóirí SCCT údaraithe sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis atá i gclárlann SCCT ar fáil go huathoibríoch agus i bhfíor-am d’údaráis chustaim agus d’údaráis inniúla.
|
|
Airteagal 14 2.
|
Beidh i gclárlann SCCT dá dtagraítear i mír 1 cuntais le faisnéis faoi gach dearbhóir SCCT údaraithe, go háirithe an méid seo a leanas:
(a)
ainm, seoladh agus faisnéis teagmhála an dearbhóra SCCT údaraithe;
(b)
uimhir EORI an dearbhóra SCCT údaraithe;
(d)
an uimhir aitheantais, praghas díola, dáta díola, agus dáta tugtha suas, dáta athcheannaigh, nó dáta cealaithe dheimhnithe SCCT i gcás gach dearbhóra SCCT údaraithe.
|
|
Airteagal 14 3.
|
Beidh i gclárlann SCCT, i roinn ar leithligh den chlárlann, an fhaisnéis faoi na hoibreoirí agus suiteálacha i dtríú tíortha arna gclárú i gcomhréir le hAirteagal 10(2) agus an fhaisnéis faoi na fíoraitheoirí creidiúnaithe arna gclárú i gcomhréir le hAirteagal 10a.
|
|
Airteagal 14 4.
|
Beidh an fhaisnéis i gclárlann SCCT dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 faoi rún, cé is moite d’ainmneacha, seoltaí, cláruimhreacha corparáideacha nó gníomhaíochta, sonraí teagmhála na n-oibreoirí, suíomh na suiteálacha i dtríú tíortha agus an fhaisnéis maidir le fíoraitheoirí creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 10a(2). Féadfaidh oibreoir rogha a dhéanamh gan rochtain a bheith ag an bpobal ar a ainm, a sheoladh, a chláruimhir chorparáideach nó ghníomhaíochta, a shonraí teagmhála agus suíomh a shuiteálacha. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis phoiblí atá i gclárlann SCCT a chur ar fáil i bhformáid idir-inoibritheach.
|
|
Airteagal 14 5.
|
Foilseoidh an Coimisiún, ar bhonn bliantúil, i gcás gach ceann de na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I, na hastaíochtaí comhiomlánaithe atá leabaithe sna hearraí allmhairithe.
|
|
Airteagal 14 6.
|
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir le bonneagar agus próisis agus nósanna imeachta sonracha chlárlann SCCT, lena n-áirítear an anailís riosca dá dtagraítear in Airteagal 15, na bunachair sonraí leictreonacha ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, na nósanna imeachta agus na dintiúir theicniúla le haghaidh an tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 5(7a), sonraí na gcuntas atá i gclárlann SCCT dá dtagraítear in Airteagal 16, tarchur na faisnéise maidir le díol agus athcheannach deimhnithe SCCT dá dtagraítear in Airteagal 20 chuig clárlann SCCT, cros-seiceáil na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 25(3) agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 25a(3). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.10.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0956
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|