+Airteagal 17 Údarú
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 17 4.
---+Airteagal 17 5.
---+Airteagal 17 6.
---+Airteagal 17 7.
---+Airteagal 17 7a.
---+Airteagal 17 8.
---+Airteagal 17 9.
---+Airteagal 17 10.
|
Airteagal 17 Údarú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 1.
|
I gcás ina ndéantar iarratas ar údarú a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 5, deonóidh an t-údarás inniúil sa Bhallstát ina bhfuil an dearbhóir bunaithe stádas dearbhóra SCCT údaraithe ar choinníoll go bhfuil na critéir a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo comhlíonta. Aithneofar stádas dearbhóra SCCT údaraithe i ngach Ballstát. Sula ndeonófar stádas dearbhóra SCCT údaraithe, féadfaidh an t-údarás inniúil dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla ábhartha nó leis an gCoimisiún trí chlárlann SCCT maidir le comhlíonadh na gcritéar a leagtar amach i mír 2. Ní mhairfidh an comhairliúchán níos faide ná 15 lá féilire.
|
|
Airteagal 17 2.
|
Is iad seo a leanas a bheidh sna critéir chun stádas dearbhóra SCCT údaraithe a dheonú:
(a)
nach raibh an t-iarratasóir rannpháirteach i sárú tromchúiseach ná i sáruithe leantacha ar reachtaíocht chustaim, ar rialacha cánachais, ar rialacha maidir le drochúsáid mhargaidh ná ar an Rialachán seo ná ar ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a glacadh faoin Rialachán seo, agus go háirithe nach bhfuil aon taifead ag an iarratasóir maidir le cionta coiriúla tromchúiseacha a bhaineann lena ghníomhaíocht eacnamaíoch le linn na 5 bliana roimh an iarratas;
(b)
léiríonn an t-iarratasóir an acmhainn airgeadais agus an acmhainn oibríochtúil atá aige chun a oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh;
(c)
tá an t-iarratasóir bunaithe sa Bhallstát ina dtíolacfar an t-iarratas; agus
(d)
tá uimhir EORI sannta don iarratasóir i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
|
|
Airteagal 17 3.
|
I gcás ina bhfionnann an t-údarás inniúil nár comhlíonadh na critéir a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, nó i gcás inar mhainnigh an t-iarratasóir an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 5(5) a sholáthar, diúltófar do stádas dearbhóra SCCT údaraithe a dheonú. Leis an gcinneadh sin, tabharfar na cúiseanna atá leis an diúltú do stádas dearbhóra SCCT údaraithe agus áireofar ann faisnéis maidir leis an bhféidearthacht achomharc a dhéanamh.
|
|
Airteagal 17 4.
|
Déanfar cinneadh an údaráis inniúil lena ndeonaítear stádas dearbhóra SCCT údaraithe a chlárú i gclárlann SCCT agus beidh an fhaisnéis seo a leanas ann:
(a)
ainm, seoladh agus faisnéis teagmhála an dearbhóra SCCT údaraithe;
(b)
uimhir EORI an dearbhóra SCCT údaraithe;
(c)
uimhir chuntais SCCT a shanntar don dearbhóir SCCT údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 16(1);
(d)
an ráthaíocht a cheanglaítear i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 17 5.
|
Chun na critéir a leagtar amach i mír 2, pointe (b), den Airteagal seo a chomhlíonadh, éileoidh an t-údarás inniúil go soláthrófar ráthaíocht más rud é nach raibh an t-iarratasóir bunaithe ar feadh an 2 bhliain airgeadais roimh an mbliain a cuireadh isteach an t-iarratas i gcomhréir le hAirteagal 5(1). Socróidh an t-údarás inniúil méid na ráthaíochta sin ag an méid arna ríomh mar luach comhiomlán líon na ndeimhnithe SCCT a bheadh ar an dearbhóir SCCT údaraithe a ghéilleadh i gcomhréir le hAirteagal 22 i leith allmhairí na n-earraí a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 5(5), pointe (g), agus an coigeartú is gá á chur san áireamh chun léiriú a thabhairt ar a mhéid a leithdháiltear lamháltais CTA AE saor in aisce i gcomhréir le hAirteagal 31. Ráthaíocht bhainc a bheidh sa ráthaíocht a sholáthrófar, atá iníoctha ar an gcéad éileamh, ag institiúid airgeadais a oibríonn san Aontas nó trí aon fhoirm eile ráthaíochta lena soláthraítear dearbhú coibhéiseach.
|
|
Airteagal 17 6.
|
I gcás ina suíonn an t-údarás inniúil nach n-áirithítear leis an ráthaíocht a sholáthraítear, nó nach leor í a thuilleadh, acmhainn airgeadais agus oibríochtúil an dearbhóra údaraithe SCCT chun oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, éileoidh sé ar an dearbhóir SCCT údaraithe rogha a dhéanamh idir ráthaíocht bhreise a sholáthar nó ráthaíocht nua a chur in ionad na ráthaíochta tosaigh i gcomhréir le mír 5.
|
|
Airteagal 17 7.
|
Scaoilfidh an t-údarás inniúil an ráthaíocht go díreach tar éis an 30 Meán Fómhair den dara bliain ina ndearna an dearbhóir SCCT údaraithe deimhnithe SCCT a ghéilleadh i gcomhréir le hAirteagal 22.
|
|
Airteagal 17 7a.
|
De mhaolú ar Airteagal 4, i gcás ina mbeidh iarratas curtha isteach ag allmhaireoir nó ag ionadaí indíreach custaim i gcomhréir le hAirteagal 5 faoin 31 Márta 2026, féadfaidh allmhaireoir den sórt sin nó ionadaí indíreach custaim den sórt sin leanúint go sealadach d’earraí a allmhairiú go dtí go ndéanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh faoin Airteagal seo. I gcás ina ndiúltóidh an t-údarás inniúil an t-údarú a dheonú i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, bunóidh an t-údarás inniúil, laistigh de mhí amháin ó dháta an chinnidh, na hastaíochtaí atá leabaithe sna hearraí a allmhairíodh idir an 1 Eanáir 2026 agus dáta an chinnidh sin, ar bhonn na faisnéise a cuireadh in iúl i gcomhréir le hAirteagal 25(3) agus trí thagairt do luachanna réamhshocraithe i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, agus ar bhonn aon fhaisnéis ábhartha eile. Úsáidfear na hastaíochtaí sin arna mbunú chun pionóis a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 26(2a).
|
|
Airteagal 17 8.
|
Déanfaidh an t-údarás inniúil stádas dearbhóra SCCT údaraithe a chúlghairm sna cásanna seo a leanas:
(a)
go n-iarrfaidh an dearbhóir SCCT údaraithe cúlghairm; nó
(b)
nach gcomhlíonann an dearbhóir SCCT údaraithe na critéir a leagtar amach i míreanna 2 nó 6 den Airteagal seo a thuilleadh, nó go raibh baint aige le sárú tromchúiseach nó sáruithe leantacha ar an oibleagáid i leith deimhnithe SCCT dá dtagraítear in Airteagal 22(1) a ghéilleadh nó ar an oibleagáid chun a áirithiú go mbeidh líon leordhóthanach dheimhnithe SCCT ar a chuntas i gclárlann SCCT ag deireadh gach ráithe dá dtagraítear in Airteagal 22(2).
Sula ndéanfar stádas dearbhóra SCCT údaraithe a chúlghairm, tabharfaidh an t-údarás inniúil an deis don dearbhóir SCCT údaraithe éisteacht a fháil. Féadfaidh an t-údarás inniúil dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla ábhartha nó leis an gCoimisiún trí chlárlann SCCT maidir leis na coinníollacha agus na critéir a bhaineann leis an gcúlghairm. Ní mhairfidh an comhairliúchán níos faide ná 15 lá féilire. Beidh na cúiseanna atá leis an gcinneadh mar aon le faisnéis faoin gceart chun achomharc a dhéanamh san áireamh in aon chinneadh cúlghairme.
|
|
Airteagal 17 9.
|
Cláróidh an t-údarás inniúil faisnéis i gclárlann SCCT maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na hiarratasóirí ar diúltaíodh a n-iarratas ar údarú de bhun mhír 3; agus
(b)
na daoine a ndearnadh a stádas mar dhearbhóir SCCT údaraithe a chúlghairm de bhun mhír 8.
|
|
Airteagal 17 10.
|
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na coinníollacha seo a leanas a ghlacadh i gcás:
(a)
chur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, lena n-áirítear gan a bheith rannpháirteach i sárú tromchúiseach ná i sáruithe leantacha faoi mhír 2, pointe (a), den Airteagal seo;
(b)
chur i bhfeidhm na ráthaíochta dá dtagraítear i míreanna 5, 6 agus 7den Airteagal seo;
(c)
chur i bhfeidhm na gcritéar maidir le sárú tromchúiseach nó sáruithe leantacha dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo;
(d)
na n-iarmhairtí a bhaineann le stádas dearbhóra SCCT údaraithe a chúlghairm dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo; agus
▼M1
(e)
na sprioc-amanna sonracha, raon feidhme agus formáid an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear i míreanna 1 agus 8 den Airteagal seo.
▼B
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.10.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0956
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|