|
+Airteagal 17 8. |
Airteagal 17 8.Déanfaidh an t-údarás inniúil stádas dearbhóra SCCT údaraithe a chúlghairm sna cásanna seo a leanas:
(a)
go n-iarrfaidh an dearbhóir SCCT údaraithe cúlghairm; nó
(b)
nach gcomhlíonann an dearbhóir SCCT údaraithe na critéir a leagtar amach i míreanna 2 nó 6 den Airteagal seo a thuilleadh, nó go raibh baint aige le sárú tromchúiseach nó sáruithe leantacha ar an oibleagáid i leith deimhnithe SCCT dá dtagraítear in Airteagal 22(1) a ghéilleadh nó ar an oibleagáid chun a áirithiú go mbeidh líon leordhóthanach dheimhnithe SCCT ar a chuntas i gclárlann SCCT ag deireadh gach ráithe dá dtagraítear in Airteagal 22(2). Sula ndéanfar stádas dearbhóra SCCT údaraithe a chúlghairm, tabharfaidh an t-údarás inniúil an deis don dearbhóir SCCT údaraithe éisteacht a fháil. Féadfaidh an t-údarás inniúil dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla ábhartha nó leis an gCoimisiún trí chlárlann SCCT maidir leis na coinníollacha agus na critéir a bhaineann leis an gcúlghairm. Ní mhairfidh an comhairliúchán níos faide ná 15 lá féilire. Beidh na cúiseanna atá leis an gcinneadh mar aon le faisnéis faoin gceart chun achomharc a dhéanamh san áireamh in aon chinneadh cúlghairme. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|