|
+Airteagal 30 2. |
Airteagal 30 2.Roimh dheireadh na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 32, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Áireofar measúnú sa tuarascáil ar an méid seo a leanas:
(a)
an fhéidearthacht an raon feidhme a leathnú chuig:
(i)
astaíochtaí indíreacha leabaithe sna hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II;
(ii)
astaíochtaí leabaithe in iompar na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i seirbhísí iompair;
(iii)
earraí atá i mbaol sceite carbóin seachas iad siúd a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus go sonrach ceimiceáin orgánacha agus polaiméirí orgánacha;
(iv)
ábhair ionchuir eile (réamhtheachtaithe) le haghaidh na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I;
(b)
na critéir atá le húsáid chun earraí a shainaithint atá le háireamh sa liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo bunaithe ar na hearnálacha atá i mbaol sceite carbóin arna sainaithint de bhun [Airteagal 10b de] Threoir 2003/87/CE; beidh tráthchlár ag gabháil leis an measúnú sin a dtiocfaidh deireadh leis in 2030 chun na hearraí a áireamh de réir a chéile faoi raon feidhme an Rialacháin seo, agus an leibhéal riosca a bhaineann lena sceitheadh carbóin faoi seach á chur san áireamh go háirithe;
(c)
na ceanglais theicniúla chun astaíochtaí leabaithe a ríomh i gcás earraí eile atá le háireamh sa liosta in Iarscríbhinn I;
(d)
an dul chun cinn atá déanta sa phlé idirnáisiúnta maidir le gníomhú ar son na haeráide;
(e)
an córas rialachais, lena n-áirítear na costais riaracháin;
(f)
tionchar an Rialacháin seo ar earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a allmhairítear ó thíortha i mbéal forbartha le sainleas chuig na tíortha is lú forbairt arna sainaithint ag na Náisiúin Aontaithe (TLFanna) agus ar éifeachtaí an chúnaimh theicniúil a thugtar;
(g)
an mhodheolaíocht chun astaíochtaí indíreacha a ríomh de bhun Airteagal 7(7) agus phointe 4.3 d’Iarscríbhinn IV. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|