+Airteagal 30 Tuairisciú agus athbhreithniú ag an gCoimisiún
---+Airteagal 30 1.
---+Airteagal 30 2.
---+Airteagal 30 3.
---+Airteagal 30 4.
---+Airteagal 30 5.
---+Airteagal 30 6.
---+Airteagal 30 7.
---+Airteagal 30 8.
|
Airteagal 30 Tuairisciú agus athbhreithniú ag an gCoimisiún
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 30 1.
|
Baileoidh an Coimisiún, i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha, an fhaisnéis is gá d’fhonn raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú mar a léirítear i mír 2, pointe (a), agus dá bun, agus chun modhanna a fhorbairt chun astaíochtaí leabaithe a ríomh atá bunaithe ar mhodhanna tomhais maidir le lorg comhshaoil.
|
|
Airteagal 30 2.
|
Roimh dheireadh na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 32, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Áireofar measúnú sa tuarascáil ar an méid seo a leanas:
(a)
an fhéidearthacht an raon feidhme a leathnú chuig:
(i)
astaíochtaí indíreacha leabaithe sna hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn II;
(ii)
astaíochtaí leabaithe in iompar na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus i seirbhísí iompair;
(iii)
earraí atá i mbaol sceite carbóin seachas iad siúd a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus go sonrach ceimiceáin orgánacha agus polaiméirí orgánacha;
(iv)
ábhair ionchuir eile (réamhtheachtaithe) le haghaidh na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I;
(b)
na critéir atá le húsáid chun earraí a shainaithint atá le háireamh sa liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo bunaithe ar na hearnálacha atá i mbaol sceite carbóin arna sainaithint de bhun [Airteagal 10b de] Threoir 2003/87/CE; beidh tráthchlár ag gabháil leis an measúnú sin a dtiocfaidh deireadh leis in 2030 chun na hearraí a áireamh de réir a chéile faoi raon feidhme an Rialacháin seo, agus an leibhéal riosca a bhaineann lena sceitheadh carbóin faoi seach á chur san áireamh go háirithe;
(c)
na ceanglais theicniúla chun astaíochtaí leabaithe a ríomh i gcás earraí eile atá le háireamh sa liosta in Iarscríbhinn I;
(d)
an dul chun cinn atá déanta sa phlé idirnáisiúnta maidir le gníomhú ar son na haeráide;
(e)
an córas rialachais, lena n-áirítear na costais riaracháin;
(f)
tionchar an Rialacháin seo ar earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a allmhairítear ó thíortha i mbéal forbartha le sainleas chuig na tíortha is lú forbairt arna sainaithint ag na Náisiúin Aontaithe (TLFanna) agus ar éifeachtaí an chúnaimh theicniúil a thugtar;
(g)
an mhodheolaíocht chun astaíochtaí indíreacha a ríomh de bhun Airteagal 7(7) agus phointe 4.3 d’Iarscríbhinn IV.
|
|
Airteagal 30 3.
|
Bliain amháin ar a laghad roimh dheireadh na hidirthréimhse, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina sainaithnítear táirgí atá níos faide síos shlabhra luacha na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus a mholann sé a mheas lena gcuimsiú faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Chuige sin, forbróidh an Coimisiún, go tráthúil, modheolaíocht ar cheart di a bheith bunaithe ar ábharthacht ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa carntha agus riosca sceite carbóin de.
|
|
Airteagal 30 4.
|
I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 faoi dheireadh na hidirthréimhse, lena n-áirítear measúnú tionchair mionsonraithe, go háirithe d’fhonn raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú ar bhonn na gconclúidí ar thángthas orthu sna tuarascálacha sin.
|
|
Airteagal 30 5.
|
Gach 2 bhliain ó dheireadh na hidirthréimhse, mar chuid dá thuarascáil bhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 10(5) de Threoir 2003/87/CE, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtacht SCCT maidir le haghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin d’earraí a tháirgtear san Aontas lena n-onnmhairiú chuig tríú tíortha nach gcuireann CTA AE ná sásra comhchosúil praghsála carbóin i bhfeidhm. Déanfar measúnú sa tuarascáil go háirithe ar fhorbairt onnmhairí an Aontais in earnálacha SCCT agus ar na forbairtí maidir le sreabha trádála agus astaíochtaí leabaithe na n-earraí sin ar an margadh domhanda. I gcás inarb é conclúid na tuarascála go bhfuil riosca sceite carbóin ann d’earraí a tháirgtear san Aontas lena n-onnmhairiú chuig na tríú tíortha sin nach gcuireann CTA AE ná sásra praghsála carbóin den chineál céanna i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sin ar bhealach a gcomhlíontar dlí na hEagraíochta Domhanda Trádála agus lena gcuirtear dícharbónú suiteálacha san Aontas san áireamh.
|
|
Airteagal 30 6.
|
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fheidhmiú SCCT d’fhonn meastóireacht a dhéanamh ar na tionchair agus ar choigeartuithe féideartha ar a chur i bhfeidhm. Roimh an 1 Eanáir 2028, agus gach 2 bhliain dá éis sin, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus feidhmiú SCCT. Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil:
(a)
measúnú ar thionchar SCCT ar an méid seo a leanas:
(i)
sceitheadh carbóin, lena n-áirítear i ndáil le honnmhairí;
(ii)
na hearnálacha a chlúdaítear;
(iii)
an margadh inmheánach, lena n-áirítear tionchar eacnamaíoch agus críochach ar fud an Aontais;
(iv)
boilsciú agus praghas tráchtearraí;
(v)
an éifeacht ar thionscail a úsáideann earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I;
(vi)
trádáil idirnáisiúnta, lena n-áirítear athdháileadh acmhainní; agus
(vii)
na tíortha is lú forbairt;
(b)
measúnú ar an méid seo a leanas:
▼M1
(i)
an córas rialachais, lena n-áirítear measúnú ar chur chun feidhme agus riar na ráthaíochtaí agus údarú dhearbhóirí SCCT a dhéanfaidh na Ballstáit;
▼B
(ii)
raon feidhme an Rialacháin seo;
(iv)
cur i bhfeidhm pionós sna Ballstáit;
▼M1
(v)
cur i bhfeidhm na tairsí mais-bhunaithe aonair, lena n-áirítear an fhéidearthacht an tairseach sin a mhéadú agus tairseach fhorlíontach choinsíneacht-bhunaithe a thabhairt isteach;
▼B
(c)
torthaí imscrúduithe agus pionóis arna bhforchur;
(d)
faisnéis chomhiomlánaithe maidir le déine astaíochtaí do gach tír thionscnaimh le haghaidh na n-earraí éagsúla a liostaítear in Iarscríbhinn I.
|
|
Airteagal 30 7.
|
I gcás inar tharla imeacht gan choinne, eisceachtúil agus gan chúis nach bhfuil smacht ag tríú tír amháin nó níos mó atá faoi réir SCCT air, agus a bhfuil iarmhairtí scriosacha ag an imeacht sin ar bhonneagar eacnamaíoch agus tionsclaíoch na tíre sin nó na dtíortha lena mbaineann, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an staid agus cuirfidh sé tuarascáil, lena ngabhfaidh togra reachtach, i gcás inarb iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, chun an Rialachán seo a leasú trí na bearta sealadacha is gá a leagan amach chun aghaidh a thabhairt ar na himthosca eisceachtúla sin.
|
|
Airteagal 30 8.
|
Ó dheireadh na hidirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 32 den Rialachán seo, mar chuid den tuairisciú bliantúil de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
6
), déanfaidh an Coimisiún meastóireacht agus tuairisciú ar an gcaoi ar rannchuidigh an maoiniú faoin Rialachán sin le dícharbónú an tionscail monaraíochta i dtíortha is lú forbairt.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.10.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R0956
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|