|
+Airteagal 7 3. |
Airteagal 7 3.I gcás ceallraí feithiclí leictreacha, ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2kWh agus ceallraí LMT, léireofar, sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VIII, go bhfuil luach an loirg carbóin saolré dearbhaithe don tsamhail ábhartha cheallra in aghaidh na monarchan monaraíochta, faoi bhun na huastairsí arna bunú sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun an tríú fomhír. Beidh feidhm ag an gceanglas maidir le huastairseach an loirg carbóin saolré dá dtagraítear sa chéad fhomhír amhail ón:
(a)
18 Feabhra 2028 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear sa tríú fomhír, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí feithiclí leictreacha;
(b)
18 Feabhra 2029 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear sa tríú fomhír, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras atá go heisiach seachtrach acu;
(c)
18 Lúnasa 2031 nó 18 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear sa tríú fomhír, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí LMT;
(d)
18 Lúnasa 2033 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear sa tríú fomhír, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a bhfuil stóras seachtrach acu. Déanfaidh an Coimisiún, faoin 18 Lúnasa 2026 i gcás ceallraí feithiclí leictreacha, faoin 18 Feabhra 2028 i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe, seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras seachtrach acu, faoin 18 Feabhra 2030 i gcás ceallraí LMT agus faoin 18 Feabhra 2032 i gcás ceallraí tionsclaíocha a bhfuil stóras seachtrach acu, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí uastairseach an loirg carbóin saolré dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chinneadh. Ar dó an gníomh tarmligthe sin a ullmhú, cuirfidh an Coimisiún na coinníollacha ábhartha a leagtar amach i bpointe 9 d’Iarscríbhinn II san áireamh. Le tabhairt isteach uastairseach an loirg carbóin saolré, tionscnófar, más gá, athaicmiú ar na haicmí feidhmíochta loirg carbóin dá dtagraítear i mír 2. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|